Tá mé chomh dubh dóite sin ag an bhFanacht Isteach Mór go bhfuil beathaisnéis Napoléon á léamh agam…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní ann don leabhar nach féidir rud éigin a fhoghlaim uaidh

Tá mé chomh dubh dóite sin ag an bhFanacht Isteach Mór go bhfuil beathaisnéis Napoléon á léamh agam…

Anois agus chuile shórt dúnta ag an diabhal frídín sin, bíonn mo ‘dheartháir óg’ ag teacht ar cuairt chugam chuile thráthnóna chun cluiche dúradán a imirt. (Sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, tá cead againn cuairt a thabhairt ar a chéile fós.)

Is iontach an cluiche iad na dúradáin: tá sé casta a dhóthain le go mbíonn iomlán d’airde ag teastáil, rud a fhágann go ndéanann tú dearmad ar rud ar bith a bheadh ag déanamh imní duit.

An coróinvíreas, mar shampla.

Go dtí le gairid, Spotify a sholáthraíodh an ceol sa chúlra. Ach de réir a chéile, bhí muid ag éirí tuirseach dár rogha féin cheoil agus de na roghanna ceoil a bhí á moladh ag an aip sin dúinn bunaithe ar ár nósanna éisteachta agus shocraigh muid an raidió a chur ar siúl. (Stáisiún ceoil ar ndóigh, Na Béithe idir sinn agus nuacht faoin bplá.)

Ba mhór an faoiseamh é: DJ ag roghnú an cheoil dúinn agus gan rogha againne ach éisteacht leis. Bhí an fhuascailt chomh mór sin go raibh deora le mo shúile ag éisteacht le Phil Collins, fear nach n-éisteoinn lena chuid crónán go brách murach go mbeinn dubh dóite de mo rogha cheoil féin.

An tráthnóna cheana, thug mo dheartháir óg leabhar dom a d’aimsigh sé sa bhruscar ar a bhealach go dtí m’árasán. Scéal beatha Napóilean a bhí ann. Thit mo chroí. Ní hamháin nach bhfuilim meallta ag an mbeathaisnéis mar sheánra, ach caithfidh sé go bhfuil Impire na bhFrancach ar dhuine de na pearsana stairiúla ba lú a mheall m’aird riamh.

‘Féadfaidh tú sin a chur ar ais san áit ar aimsigh tú é,’ a dúirt mé le mo dheartháir óg.

Ach nuair a chonaic mé an dreach ar a aghaidh ghlac mé an leabhar uaidh, agus níos déanaí an oíche sin, nuair a bhí muid dubh dóite de na dúradáin féin, thosaigh mé á léamh.

Agus in ainneoin mo chuid réamhchlaonta, thaitin sé liom: an cur síos ar oileán garbh na Corsaice, mar ar rugadh Napóilean, a mheall isteach mé agus an chéad rud eile bhí mé ag tiontú na leathanach.

Tá drochnós agam na leabhair chéanna a athléamh arís is arís eile, úrscéalta agus gearrscéalta den chuid is mó, na seánraí a mbím féin ag plé leo.

Ach ba cheart do scríbhneoir a dhúshlán féin a thabhairt agus léitheoireacht fhairsing a chleachtadh. Ní ann don leabhar nach féidir rud éigin a fhoghlaim uaidh – fiú mura mbíonn ann ach go bhfoghlaimíonn tú ó bhotúin duine eile.

Fág freagra ar 'Tá mé chomh dubh dóite sin ag an bhFanacht Isteach Mór go bhfuil beathaisnéis Napoléon á léamh agam…'