‘Tá lámhscríbhneoireacht dheas agat!’
Bean a bhí ag dul an bóthar agus a bhí ag breathnú thar mo ghualainn a bhí ag caint. Bhí mise ar mo ghogaide, ag scríobh ar chlár dubh le píosa cailce.
Seasann dhá chlár dubh in aice le mo sheastán glasraí agus litríochta agus toisc nach mbíonn na glasraí céanna ar fáil i gcónaí bíonn orm na cláir a scríobh as an nua nach mór gach lá.
‘Tá, ar chlár dubh,’ a d’fhreagair mé. ‘Ach dá bhfeicfeá dréachtaí pinn mo chuid scéalta …’
Ealaín ar leith atá sa scríbhneoireacht ar chlár dubh agus ní dóigh liom go bhfaca mé plé uirthi riamh. Seo linn.
Tá dhá ghné ag baint leis an scríbhneoireacht ar chlár dubh a dhealaíonn í ó nach mór chuile chineál scríbhneoireachta eile.
Ar dtús – is é an greannán an t-aon seánra eile a ritheann liom a mbaineann an ghné seo leis – tá an scríbhneoireacht ar chlár dubh ceaptha a bheith físiúil. An fráma is cúis leis sin den chuid is mó. Ní hamháin go gcuireann an fráma adhmaid ar chlár dubh péinteáil i gcuimhne duit (agus ealaín fhísiúil, dá bharr); níl ach méid áirithe spáis ar fáil. Dá bharr sin, ní mór do mhachnamh a dhéanamh i gceart faoin téacs a bheidh á scríobh ar chlár dubh agat sula gcuireann tú cailc le clár: níl tú ag iarraidh go mbeidh do chuid litreacha i mullach a chéile ach níl tú ag iarraidh go mbeidh barraíocht spáis dhuibh fágtha agat ach oiread. Ach cothaíonn srianta cruthaitheacht, agus gan dabht, dála na ngreannán, féadfaidh tú léaráidí a chur leis an téacs.
Sa dara dul síos, thar aon seánra scríbhneoireachta nó go deimhin ealaíne eile, tá gné na neamhbhuaine ag baint leis an gclár dubh. Cith báistí amháin agus beidh ort tosú as an nua; ar chaoi ar bith, beidh earra, lascaine nó tairiscint éigin eile le fógairt agat amárach.
Mar scríbhneoir, tugann neamhbhuaine an chláir dhuibh suaimhneas aisteach dom. Ceann de na rudaí is mó a thugann taomanna imní dom agus gearrscéal, úrscéal nó aon saothar próis idir lámha agam ná go mbeidh an toradh greanta i gcloch (bhuel, clóite ar pháipéar) sa deireadh agus nach mbeidh mé in ann aon athrú nó uasdátú a dhéanamh ina dhiaidh sin; is iomaí rud atá scríofa agam síos tríd na blianta nach seasaim leis go huile is go hiomlán a thuilleadh.
Tá an clár dubh neamhbhuan agus sealadach, ach ní hionann agus cineálacha scríbhneoireachta eile (a mbíonn tréimhse chruthaitheach níos faide ag baint leo agus a mbíonn achar áirithe idir an scríbhneoireacht agus an foilsiú) tugann an clár dubh léargas ar an am i láthair san am i láthair, ar an bpointe boise.
‘Inniu’ – sin é an mana a bhíonn in uachtar ar mo dhá chlár dubh féin.
Gníomh draíochtúil, cumhachtach atá ann an focal sin a scríobh síos, aird ar gach uile litir agam ionas go mbeidh siad ar cóimhéid agus inléite, gach maidin.
Tá mé beo inniu.
Tá puimcíní agus pónairí reatha ar fáil.
Níl rud ar bith a thugann léargas níos fearr ar shéasúir an tsaoil ná clár dubh, agus nuair a bheidh glasraí an fhómhair díolta agus stoirmeacha an gheimhridh ag séideadh, chuile sheans go leanfaidh mé le deasghnáth an chláir dhuibh taobh istigh, mar gháir chatha sa dearadh intí.
Fág freagra ar '‘Tá mé beo inniu. Tá puimcíní agus pónairí reatha ar fáil’'