Tá leas á bhaint as cruatan daoine bochta chun coinsias an DUP a phriocadh

Maidir le buiséad Heaton-Harris, iarracht eile atá ann chun brú a chur ar an DUP, ach an pobal atá thíos leis

Tá leas á bhaint as cruatan daoine bochta chun coinsias an DUP a phriocadh

Níor chuir Státrúnaí Caomhach Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris fiacail ann. Bhí buiséad £14.3 billiún do Stormont á rith aige, go drogallach a dúirt sé, agus toisc nach ndearna na polaiteoirí é cé gurbh é a ndualgas é. Bhí déine agus cruatan de dhlúth agus d’inneach ina phlean, é ag rá leis na páirtithe logánta glacadh leis nó an Feidhmeannas a athbhunú chun smacht a bheith acu féin: ‘Mura dtaitníonn sé libh, filligí ar Stormont…’

Chosain sé an caiteachas ar an tseirbhís sláinte. Beidh buiséad £7.28 billiún ag an Roinn Sláinte agus ag an chúram sóisialta. Méadú £228 milliún is ea é sin ar bhuiséad na bliana seo caite agus nuair a bhaintear íocaíocht speisialta Covid do 2020-2021 as an áireamh is ardú £786 milliún é.

I bhfianaise na bhfadhbanna ar fad atá sa chóras sláinte beidh géarghá leis, agus tuilleadh, seans, ach ní raibh fonn ar bith ar an Státrúnaí ná a rialtas a bheith flaithiúil. Cháin Heaton-Harris airí Stormont go dian as £660 milliún de róchaiteachas i mbliana, ach deir na páirtithe gur boilsciú ba mhó ba chúis leis.

Tá na fiacha sin laghdaithe go £330 milliún ag státseirbhísigh ó cuireadh iadsan i gceannas ag tús na míosa ach tá poll sa phota i gcónaí. Fuair an Státrúnaí locht ar bhainistiú buiséid in Stormont le blianta agus thug sé foláireamh go gcaithfí caiteachas a smachtú agus cúrsaí a chur ar bhonn inbhuanaithe.

Ag teacht leis na foláirimh sin bhí drochscéala aige d’oideachasóirí. Gheobhaidh an Roinn Oideachais £2.6 billiún. Méadú £286 milliún ach teastaíonn diansrianta uaidh ar threocht reatha an chaiteachais. Bhí scoileanna faoi bhrú mór le tamall, tuismitheoirí agus múinteoirí ag cuidiú le costais agus is údar mór imní rabhadh an Státrúnaí.

Maidir leis an earnáil phoiblí fré chéile gheobhadh oibrithe ardú pá ach ní bheidh sé chomh mór is a bhí á iarraidh. Ina theannta sin, is ar na státseirbhísigh shinsearacha a chuirfear an cúram cinneadh a dhéanamh faoi céard a gheobhaidh maoiniú agus céard a ghearrfar. Easonóir don daonlathas a ghlaoigh iar-ardrúnaí roinne ar an bplean sin, plean a chuir freagracht ar fheidhmeannaigh obair na bpolaiteoirí a dhéanamh.

Ar mhaithe leis an bpobal a theastaíonn uaidh caiteachas a smachtú, a dúirt Chris Heaton-Harris ina ráiteas. Bhí sé ag cuimhneamh ar chéimeanna ar nós táillí bus agus traenach a ardú, táillí uisce a thabhairt isteach agus táillí ollscoile a mhéadú. An líon beag daoine ar shráid i ndeisceart Bhéal Feirste a labhair le Tuairisc ní uchtach ach a mhalairt a thug buiséad an Státrúnaí dóibh. Muinín go bhfaighidís cabhair le costas breosla agus go mbeidís in ann iad féin agus a gcuid páistí a chothú a bhí uathu, ní méaduithe nua ón stát ar an gcostas maireachtála.

Cé gur scanraigh sé gnáthdhaoine ba ar na polaiteoirí a bhí fainicí Heaton-Harris dírithe. D’uireasa Feidhmeannas in Stormont is é dualgas rialtas na Breataine buiséad a rith. Ní raibh buiséad aontaithe ag páirtithe Stormont nuair a tharraing an DUP amach as i mí Feabhra mar agóid in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta.

Bhí airí in oifig go sealadach go dtí an 28 Deireadh Fómhair nuair a thit Stormont. Bhí oibleagáid dhlíthiúil ar an Státrúnaí toghchán Tionóil a ghairm ag an bpointe sin, ach nuair a theip air brú a chur ar an DUP filleadh ar Stormont chuir Heaton Harris an toghchán ar an méar fhada.

An toradh air sin ná creimeadh ar a údarás agus a chreidiúnacht mar go ndearna sé a chinneadh tar éis seachtainí a thabhairt ag bagairt go nglaofadh sé an toghchán ag nóiméad i ndiaidh an mheán oíche ar an 28 Deireadh Fómhair. Seo anois é ag bagairt arís.

Baineann caint ar tháillí uisce croitheadh as daoine ach chuala na polaiteoirí cheana í. Bhagair Peter Hain é in 2006/2007 nuair a bhí sé ag iarraidh an DUP agus Sinn Féin a aoireacht chun boird in Stormont le chéile. Rinne siad an beart nuair a d’fheil sé dóibh féin. Ní ainmníonn an Státrúnaí an DUP nuair a bhíonn sé ag tagairt don bhFeidhmeannas a bheith sáinnithe, ach is iad an DUP amháin atá i mbun baghcait.

An dtabharfaidh Jeffrey Donaldson agus a pháirtí aird ar fholáirimh Heaton-Harris anois ó thug siad an chluas bhodhar dó ag tús na míosa?

Is cosúil go gceapann an Státrúnaí go mbogfaidh an DUP mar nach dteastaíonn uathu go gcuirfí an milleán orthu as ardú ar rátaí, táillí uisce agus ciorruithe in go leor rann. Go dtí seo ba shaothar in aisce é a bheith ag bagairt, Jeffrey Donaldson lánmhuiníneach go raibh tacaíocht na vótóirí aontachtacha aige don mbaghcat go dtí go leasófar an prótacal.

Níor bhagair éinne comhúdarás idir Londain agus Baile Átha Cliath an t-am seo. Níl sé sa chomhaontú ach tá ról comhairleach do rialtas na hÉireann ann. Ós ar an státseirbhís atá freagracht as an mbuiséad is cosúil nach bhfuil fonn ar Londain drannadh le riail dhíreach faoi láthair. Má leanann an folús i bhfad, ní shásóidh cur chuige leathscoite na Breataine an riachtanas agus is éagóir ar dhaoine atá bocht agus scáfar é leas a bhaint as a gcruatan chun coinsias an DUP a phriocadh.

Fág freagra ar 'Tá leas á bhaint as cruatan daoine bochta chun coinsias an DUP a phriocadh'

  • Pól Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Maith thú ‘A Jeffrey Donaldson’

    Maith thú ‘A Jeffrey Donaldson’ is ag dul i dtreo Éire Aontaithe atá tú agus :——

    Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.

    Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbé na bPoblachtach ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Poblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.

    Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.

    An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.

    Bheul, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na Aontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.

    Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát, dar leo.

    Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a thoiseacht á dhéanamh ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.
    (tuilleadh le teacht amach anseo)

    Is mise le dóchas mór agus ceol binn ó na beanna/( ó na Túir)
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    Focal Scoir :—

    (Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
    ar láthair thógála ‘Bloc E ‘agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach anuas orm i gcónaí )

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************