Tá Karen Bradley lag aineolach ach ní uirthi amháin atá an locht

Chomh maith lena heaspa tuisceana ar na deacrachtaí sonracha a bhaineann le polaitíocht Stormont tá ceangal na gcúig gcaol ag an DUP ar an Státrúnaí

Tá Karen Bradley lag aineolach ach ní uirthi amháin atá an locht

Mar a bheidís ag cur in iúl go bhfuil siadsan ag feidhmiú faoi choinníollacha speisialta níor bhac an DUP le ‘cainteanna’ an Státrúnaí Karen Bradley in Stormont Dé Luain. Ní raibh a fhios ag Oifig Thuaisceart Éireann, oifig Karen Bradley, go dtí maidin Dé Luain go mbeadh an DUP as láthair. Bhí Arlene Foster in Giobráltar ag tabhairt óráide. Buailfidh an páirtí a bhfuil smacht acu, go fóill ar aon nós, ar a bhfuil i ndán do Theresa May, Karen Bradley agus a gcomhghleacaithe sa rialtas leis an Státrúnaí inniu, Dé Céadaoin i Londain.

Ní hé gur chaill an DUP mórán, de réir na dtuairiscí ó na ceithre pháirtí a bhuail le Bradley ina gceann is ina gceann. Bhí an port céanna acu go léir, Sinn Féin, an SDLP, an UUP agus Alliance. Ní raibh aon smaoineamh nua ag an Státrúnaí maidir le cúrsaí idirbheartaíochta chun an tsáinn in Stormont a fhuascailt a dúradar go léir. Dúirt Karen Bradley arís, mar atá á rá aici ag ón lá a ceapadh sa phost í, go raibh sí meáite de go mbunófaí rialtas díláraithe in athuair. Ba é breithiúnas na bpáirtithe a bhuail léi nach raibh tuairim aici conas tabhairt faoin gcuspóir sin.

Seans go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go mbíonn an colún seo ag caitheamh anuas ar Karen Bradley go seasta, ach tá sé deacair teacht ar fhianaise ar bith go bhfuil sí os cionn a buille mar Státrúnaí. Tá sí níos deacra fós fianaise a fháil go bhfuil an cumas ná an t-údarás aici chun dul chun cinn a dhéanamh. Chomh maith le heaspa tuisceana ar na deacrachtaí sonracha a bhaineann le polaitíocht Stormont tá ceangal na gcúig gcaol ag an DUP uirthi mar gheall ar an margadh tacaíochta atá acu leis na Tóraithe.

Baineadh geit as daoine nuair a d’admhaigh Bradley in agallamh le hiris Westminster The House nach raibh eolas ar bith aici ar Thuaisceart Éireann nuair a ceapadh í ina Státrúnaí. Ní raibh a fhios aici, ar sí, nár vótáil náisiúnaithe do pháirtithe aontachtacha ná aontachtaithe do pháirtithe náisiúnacha. Shílfeá go mbeadh sé deacair a bheith dall air sin fiú agus tú i d’fheisire in Westminster gan trácht ar a bheith i d’aire. Ach bhí Karen Bradley sa Chomhaireacht sular ‘ruaigeadh’ í ag tús na bliana go dtí an áit aduain seo mar ar tháinig sí i gcomharbacht ar James Brokenshire a bhí breoite.

Nuair nach raibh faic cloiste ag Bradleyfaoi na cúrsaí seo ag bord an rialtais, is beag muinín a bheadh ag duine go raibh suim ag rialtas Theresa May i dTuaisceart Éireann, i gComhaontú Aoine an Chéasta, i gceist na teorann sa Bhreatimeacht nó sa bhfolús polaitiúil in Stormont.

Gan dabht, bhí ceisteanna práinneacha eile ag dó na geirbe ag rialtas leochaileach Theresa May, ní áirím cogadh cathartha na gCaomhach. Ach mar sin féin ceapadh Státrúnaí a bhí gan eolas ar bith faoin réigiún agus nach raibh suim ar bith aici ann, mar is léir ón a haineolas, tráth a raibh Stormont marbhánta le bliain. Léirigh an ceapachán cé chomh híseal is a bhí Tuaisceart Éireann ar liosta tosaíochtaí an Phríomh-Aire May.

Ach tá go leor foghlamtha ó shin ag an Státrúnaí, a deir tú. Bíonn ar gach duine i bpost nua dianstaidéar a dhéanamh. Bíonn cinnte. Ach is údar imní é nuair a atá polaiteoir atá trí ráithe sa phost fós ag trácht ar cé chomh dúshlánach is a bhí sé i ngeall ar a haineolas féin. Is údar imní é chomh maith nach raibh náire ar bith uirthi a haineolas a admháil, amhail is nár ghá d’aon duine eile sa rialtas cé is moite den té atá i bhfeighil an Tuaiscirt a bheith ar an eolas faoi réigiún atá faoina riail.

Chomh maith lena heaspa eolais faoin gceantar, d’admhaigh sí freisin go raibh faitíos uirthi faoi theacht anseo, amhail is nach raibh a fhios aici faoin tsíocháin a bheith i réim. Níor léir gur thuig sí go ngoillfeadh a cuid cainte ar dhaoine abhus. Chuir an t-agallamh alltacht ar go leor. Foilsíodh é ag an tráth céanna a raibh sí ag fógairt go n-athródh sí an dlí chun cumhacht a thabhairt do státseirbhísigh maille leis an riachtanas toghchán a ghairm a chur ar a cheal, sárú ar an daonlathas dar lena lán.

Ba é freagra Uimhir 10 Sráid Downing go raibh lánmhuinín ag an bPríomh-Aire sa Státrúnaí Bradley. Chuile sheans go raibh, ó bhí sí toilteanach í a cheapadh gan a sheiceáil ar dtús an raibh sí eolach ar a cúram. Ba í an cheist mhór an raibh muinín ag éinne i dTuaisceart Éireann inti.

Glactar leis go forleathan go bhfuil Bradley faoi bhois an chait ag an DUP. Mar ráthóirí ar Chomhaontú Aoine an Chéasta tá an dá rialtas in ainm is ról neodrach a imirt i leith na polaitíochta in Stormont. Ní raibh rialtas na Breataine neodrach ó rinne siad an margadh leis an DUP. Conas a bheadh? Fágann sin Karen Bradley éagumasach. Fiú dá mbeadh suim aici sa phost agus smaointe aici chun cuidiú leis an tsáinn a fhuascailt (rud nach bhfuil, dar leis na páirtithe a bhuail léi) ní bheadh sí in ann tathant ar Theresa May aon chinneadh a dhéanamh nach sásódh an DUP. Tá Bradley lag ach ní uirthi amháin atá an fhreagracht.

Fág freagra ar 'Tá Karen Bradley lag aineolach ach ní uirthi amháin atá an locht'

  • An Teanga Bheo

    Ná santaigh cuid daoine eile …………..go minic bíonn sliocht is sinsear aige ?
    Saint na Breataine ag ardú go minic ?????????????