‘Tá gorta ag tarlú os comhair ár gcuid súl’ – éileamh idirnáisiúnta déanta ar Iosrael cúnamh daonnúil a ligean isteach go Gaza

Sa ráiteas atá sínithe ag 24 tír, ina measc Éire, Ceanada, an tSeapáin, an Ríocht Aontaithe agus go leor ballstát eile den Aontas Eorpach, deirtear go bhfuil an ghéarchéim dhaonnúil in Gaza ag dul in olcas

‘Tá gorta ag tarlú os comhair ár gcuid súl’ – éileamh idirnáisiúnta déanta ar Iosrael cúnamh daonnúil a ligean isteach go Gaza

Pic: ECHO, CC BY-NC-ND 2.0

Tá Éire ar cheann de na tíortha atá tar éis éileamh a dhéanamh ar Iosrael gan aon bhac a chur ar chúnamh daonnúil isteach go Gaza, tráth a deirtear “a bhfuil gorta ag tarlú os comhair ár gcuid súl”.

Sa ráiteas atá sínithe ag 24 tír, ina measc Éire, Ceanada, an tSeapáin, an Ríocht Aontaithe agus go leor ballstát eile den Aontas Eorpach, deirtear go bhfuil an ghéarchéim dhaonnúil in Gaza ag dul in olcas agus go gcaithfear na bealaí teorann ar fad a oscailt chun “maidhm cúnamh fóirithinte” a ligean isteach go dtí réigiún atá scriosta ag an gcogadh.

“Tá a bhfuil á fhulaingt ag muintir Gaza níos measa ná a d’fhéadfadh aon duine a shamhlú. Tá gorta ag tarlú os comhair ár gcuid súl. Teastaíonn beart práinneach anois chun an t-ocras a stopadh agus an dochar a leigheas,” a deirtear sa litir.

Iarrtar ar rialtas Iosrael “bearta buana coincréiteacha a dhéanamh láithreach” chun cead isteach go Gaza a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe, na heagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta agus a gcomhpháirtithe daonnúla le go bhféadfaidh siad cúnamh a thabhairt leis an ngéarchéim a mhaolú.”

“Ní mór gach pointe trasnaithe agus gach bóthar a úsáid le go leor leor cúnaimh a thabhairt isteach go Gaza, agus san áireamh leis sin tá bia, soláthairtí cothaithe, foscadáin, breosla, uisce glan, cógais agus trealamh leighis.

“Níor cheart go n-úsáidfí fórsa marfach ag láithreacha dáilte cúnaimh, agus ní mór cosaint a thabhairt do shibhialtaigh, agus d’oibrithe cúnamh daonnúil agus leighis.”

Mar chríoch lena ráiteas iarrtar sos comhraic a d’fhéadfadh deireadh a chur leis an gcogadh, na gialla a scaoileadh saor agus cúnamh a ligean isteach go Gaza ar an talamh, gan aon bhac á chur sa mbealach.

Tá an litir seo sínithe freisin ag ceannasaí polasaí eachtrach an AE, Kaja Kallas, chomh maith le beirt chomhaltaí eile ón Choimisiún Eorpach. Níor shínigh an Ghearmáin ná an Ungáir an t-éileamh seo ar Iosrael.

Tá sé séanta ag Iosrael go bhfuil aon fhreagracht ar an tír faoi ocras a chur ar mhuintir Gaza agus tá sé ráite ag Príomh-Aire na tíre sin, Benjamin Netanyahu, gur grianghraif “bhréige” cuid de na pictiúir de ghasúir a bhfuil cuma mhíchothaithe orthu atá le feiceáil sna meáin.

Tá Iosrael ag cur i leith ghrúpa Hamas gur ghoid siad lastais chúnamh fóirithinte, ach tá sin séanta ag Hamas.

D’fhógair na Náisiúin Aontaithe níos túisce an mhí seo gur maraíodh beagnach 1400 Palaistíneach ó dheireadh na Bealtaine agus iad ag láithreacha dáilte bia sa tóir ar ghreim le n-ithe. Fondúireacht Dhaonnúil Ghaza (GHF) a bhunaigh na hionaid chonpóideacha dáilte bia sin le tacaíocht na Stát Aontaithe agus Iosrael.

D’impigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ar Iosrael cead a thabhairt don eagraíocht sin stór soláthairtí leighis a chur ar fáil sula nglacfadh Iosrael ceannas ar chathair Ghaza le freastal ar an mbail “thubaisteach” atá ar chúrsaí sláinte ansin.

Géaraíodh ar na hionsaithe ar an gcathair sin ó mhaidin tar éis do na hairí cogaíochta vótáil ar an Luan go nglacfadh Iosrael ceannas iomlán ar chathair Ghaza, cinneadh a cháin Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ag cruinniú éigeandála a bhí acu inné.

Fág freagra ar '‘Tá gorta ag tarlú os comhair ár gcuid súl’ – éileamh idirnáisiúnta déanta ar Iosrael cúnamh daonnúil a ligean isteach go Gaza'