Tá fadhb níos casta ná an Breatimeacht féin tagtha ar an bhfód san AE

Tá na breithiúna is sinsearaí sa Ghearmáin ar buile mar gheall ar iompar Bhanc Ceannais an Aontais Eorpaigh

Tá fadhb níos casta ná an Breatimeacht féin tagtha ar an bhfód san AE

Cheaptaí gurb é an Breatimeacht an dúshlán ba thromchúisí a bhí le sárú ag an Aontas Eorpach sa lá atá inniu ann.

Ní hamhlaidh an cás, áfach, tar éis do bhreithiúna an Bundesverfassungsgericht, Cúirt Bhunreachtúil na Gearmáine, a cuid smaointe a nochtadh cúpla lá ó shin mar gheall ar iompar Bhanc Ceannais an Aontais Eorpaigh.

Le cúpla bliain anuas, tá an banc sin ag ceannach bannaí ós na ballstáit chun tacú leis an ngeilleagar Eorpach agus é a chosaint. Is léir go bhfuil na breithiúna is sinsearaí sa Ghearmáin ar buile mar gheall ar an bpolasaí sin.

Mhaígh an Chúirt Bhunreachtúil in Karlsruhe go raibh dlí na Gearmáine sáraithe ag an mbanc agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh freisin nuair a thug an chúirt sin cead don bhanc leanúint ar aghaidh lena polasaí.

Dar leis na breithiúna sa Ghearmáin, níor mhínigh an banc cén fáth go raibh siad ag ceannach na mbannaí seo, agus ní féidir polasaí a chosaint gan míniú iomlán a bheith ar fáil. Dúirt siad freisin go ndearna Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh féin botún nuair a ghlac siad leis an scéim seo, agus más ea, nár chóir do chúirteanna na Gearmáine glacadh leis an gcinneadh sin ós droch-chinneadh a bhí ann.

Cinneadh stairiúil an féin é seo, ach ní raibh na Gearmánaigh sásta leis an méid sin. 

Díreach tar éis dóibh an breithiúnas oifigiúil a fhoilsiú, chuir siad breosla ar an tine.

Labhair beirt bhreithiúna leis na nuachtáin chun brú sa bhreis a chur ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ar Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula von der Leyen.

Dúirt  an Breitheamh Peter Michael Huber go raibh Frau von der Leyen mícheart ar fad nuair a dúirt sí nach raibh aon chúirt náisiúnta in ann cur i gcoinne Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

Cháin sé an banc freisin, agus iad siúd a bhí ina cheannas a cheap go rabhadar in ann aon rud ba mhaith leo a dhéanamh.

Dúirt sé nach “masters of the universe” iad na baincéirí ach an oiread. (“Die EZB solle sich nicht als ‘Master of the Universe’ sehen.”)

Thacaigh uachtarán na cúirte bunreachtúla leis an méid sin.

Dúirt Andreas Voßkuhle nach raibh amhras ar bith air ach go raibh na cúirteanna náisiúnta in ann droim láimhe a thabhairt do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh má chreideann siad go bhfuil botúin déanta ag an gcúirt sin agus go bhfuil dochar á dhéanamh ag an gcinneadh sin do bhunphrionsabail dhaonlathacha náisiúnta.

Dar leis, níl aon dul as ag na cúirteanna náisiúnta ach troid i gcoinne na n-institiúidí Eorpacha má sháraíonn siadsan an dlí Eorpach agus an dlí náisiúnta.

D’úsáid an tOllamh Voßkuhle téarma speisialta anseo agus cur síos á dhéanamh aige ar mhí-iompar an bhainc agus ar theip Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh stop a chur leis: Kompetenzverletzungen. Is é sin, dochar a dhéanamh do chearta na gcúirteanna náisiúnta, cearta atá daingnithe go soiléir sna conarthaí Eorpacha agus sa Grundgesetz (Bunreacht na Gearmáine).

Sceach sa bhearna is ea an Chúirt Bhunreachtúil sa Ghearmáin, mar sin.

Tá fadhb níos casta ná an Breatimeacht féin tagtha ar an bhfód.

Fág freagra ar 'Tá fadhb níos casta ná an Breatimeacht féin tagtha ar an bhfód san AE'