Tá ceachtanna le foghlaim fós ó Herbert Simms, ailtire tithíochta as an ngnáth

Bhí dearadh agus tógáil 17,000 áit chónaithe faoi chúram Herbert Simms sna 1930idí

Tá ceachtanna le foghlaim fós ó Herbert Simms, ailtire tithíochta as an ngnáth

Bhíodh droch-cháil uair amháin ar bhlocanna árasán a bheith mar ghnáth-thithíocht. Go minic i rith na seachtóidí is sna hochtóidí, bhídís le feiceáil ar chláir theilifíse ar nós Today Tonight, agus daoine ag caitheamh anuas ar an droch-chaighdeán maireachtála iontu.

D’fhág cuimhní ón ré sin go raibh drochmheas ar na hárasáin sin ar fud Bhaile Átha Cliath agus ní shásódh tada na riachtanais tithíochta sa ré nua a tháinig ina dhiaidh sin ach tithe dhá stór, le gairdíní, amuigh sna bruachbhailte.

Ach tháinig ré na mblocanna árasán ar ais go dtí an chathair nuair a tháinig borradh faoin eacnamaíocht, go háirithe sna nóchaidí agus tosaíodh á dtógáil arís, an uair seo, mar fhorbairtí príobháideacha.

Agus idir an dá linn ligeadh i ndearmad an iarracht mhór a rinne Bardas na Cathrach sna 1930idí, nuair a tógadh líon mór tithíochta, cuid de ina n-árasáin agus cuid eile ina dtithe, a sheasann mar theistiméireacht fós ar an bhfadbhreathnaitheacht a bhain le polaiteoirí agus le lucht deartha agus tógála na linne sin.

Seasann ainm amháin amach, ón ré sin – an t-ailtire tithíochta cathrach Herbert Simms. Tá sé deacair a chreidiúint, ach idir an bhliain 1932 agus 1948, nuair a bhásaigh sé go tragóideach, rinne Herbert Simms éacht ó thaobh na tógála sa gcathair. Bhí dearadh agus tógáil 17,000 áit chónaithe, idir bhlocanna árasán agus tithe astu féin, faoina chúram.

Sa lá inniu, ní hé amhain go bhfuil meas ar an méid a bhain sé amach, ach luaitear na hárasáin go háirithe mar eiseamláir den dearadh nua-aimseartha agus den áilleacht a bhain leis an dearadh céanna sin. Tá na samplaí a luaitear leis go minic, le feiceáil fós agus daoine ina gcónaí iontu, i dTeach na Cuntaoise Markievicz, Teach Oliver Bond agus b’fhéidir an ceann is clúití, Teach na Seansaireachta, gar do na Ceithre Chúirteanna.

Cé nach bhfuil ach 27 áit chónaithe sa gceann is deireanaí sin, Chancery House, luaitear é mar ‘sárphíosa oibre’ agus eiseamláir den dearadh is fearr i ‘dtithíocht shóisialta ilstóir’.

Sasanach ab ea Herbert Simms. Rugadh agus tógadh i Learpholl é agus cé go raibh clann mhór acu ann, agus iad de bhunadh an lucht oibre, d’éirigh leis cáilíocht a bhaint amach san ailtireacht. Roimhe sin, throid sé le fórsaí armtha na Breataine sa gCéad Chogadh Domhanda, agus uaidh sin fuair sé scoláireacht chun freastal ar an ollscoil i Learpholl.

Bhí an t-ádh ar Bhaile Átha Cliath gur shocraigh sé ann i mbun a ghairme. I rith na mblianta 1923 go 1931, níor tógadh ach 525 teach nua in aghaidh na bliana i mBaile Átha Cliath. Bhí an Bardas imithe as feidhm ach athbhunaíodh é agus in 1932, nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht, cruthaíodh an post ‘ailtire tithíochta’.

Bhíodar ag iarraidh dlús a chur le tógáil áiteanna cónaithe do na mílte a bhí sáite sa mbochtanas agus sna slumaí. Bhí sé de cháil ar Bhaile Átha Cliath gur ann a bhí na slumaí ba mheasa san Eoraip ag an am.

Bhí teaghlaigh bhochta sáite ins na seantithe ‘galánta’ Seoirseacha i lár na cathrach. De réir cuntas amháin, bhí os cionn 20,000 teaghlach i mBaile Átha Cliath ina gcónaí in ionad nach raibh acu ach aon seomra amháin. Sa mbliain 1911, bhí teach amháin ar Shráid Henrietta a raibh 104 duine ina gcónaí ann.

I rith na 16 bliana a raibh Herbert Simms i mbun a chuid oibre mar ailtire thithíochta (ó 1932 go dtí 1948) sa chathair, críochnaíodh 17,000 áit nua chónaithe. Bhí sé tar éis na scéimeanna tithíochta a dhear de Klerk san Ísiltír a fheiceáil agus é ar chamchuairdt staidéir timpeall na hEorpa agus Shasana agus bhain sé leas as an gcuid ab fhearr den dearadh, ina thuairim féin.

Ach ní raibh gach rud a bhain leis an obair sin éasca. Tuairiscíodh gur labhair sagart Íosánach amháin amach i gcoinne na staighrí ‘comónta’ idir na hárasáin toisc go raibh ‘contúirt mhorálta’ ag baint lena leithéid. Bhí an dearadh seo ‘faoi thionchar fhealsúnacht an chumannachais,’ dar leis an sagart.

Bhí tuairimí agus smaointe ag Herbert Simms a bhfuil feidhm fós acu sa lá inniu. Cé gurbh eisean a dhear na scéimeanna tithíochta do cheantair ar nós na Cabraí agus Cromghlinne, bhí amhras air, fiú amháin an t-am sin faoi  scaipeadh forleathan na tithíochta cathrach agus b’fhearr leis féin go mbeadh daoine ina gcónaí i mblocanna árasán i lár na cathrach. Ar an gcaoi sin, mheas sé go mbeifí in ann tithíocht a chur ar fáil do líon i bhfad ní ba mhó daoine.

Ar ndóigh sin é an chaoi a ndéileáiltear le daonra mór i dtíortha na hEorpa – feictear blocanna árasán i ngach cathair mhór.

Sna 1940idí bhí plean ag an Rialtas 30,000 teach nó áit chónaithe a chur ar fáil taobh istigh de dheich mbliana. Bheadh 5,000 árasán ina measc siúd. B’fhearr le Simms nach mbeidís ag tógáil an oiread sin tithe aonair. Bhí sé freisin i gcoinne plean a bhí ann le 1,000 áit chónaithe ‘réamhdhéanta,’ a chur ar fáil. Bhí sé go láidir den tuairim gur cheart go seasfadh tithíocht i bhfad. Anois, cén áit ar chuala muid faoi thithe réamhdhéanta le gairid?

I rith na 1940idí, d’oibrigh Herbert Simms ó dhubh go dubh agus gan aige ach foireann réasúnta beag leis an obair mhór seo a chur i gcrích. Cúig bliana déag sular bhásaigh sé, deirtear go raibh ‘briseadh síos néaróg’ aige ach choinnigh sé air ag obair.

Nuair a d’éirigh an t-ailtire cathrach as a phost, b’éigean do Herbert Simms (an t-ailtire tithíochta) an obair sin a dhéanamh chomh maith lena chuid oibre féin. Ba léir gur chlis arís ar a mheabhairshláinte. Chuir sé lámh ina bhás féin ar an líne traenach i nDún Laoghaire. Ní raibh sé ach 49 bliain d’aois. Tá sé curtha i Reilig Ghráinseach an Déin.

Sin uaigh eile a chaithfidh mé a chuartú sa reilig sin atá gar dom ar an gCarraig Dhubh. Beidh mé ag tabhairt ómóis don fhear a rinne a dhícheall chun daoine a tharraingt as an mbochtanas uafásach a bhí i réim sa bpríomhchathair luath san aois seo caite, ach a ndearnadh dearmad oifigiúil air go ceann i bhfad ina dhiaidh sin.

  • Tá Flats and Cottages: Herbert Simms and the Housing of Dublin’s Working Class 1932-48 le Eoin Ó Broin agus Mal McCann foilsithe ag Merrion Press

Fág freagra ar 'Tá ceachtanna le foghlaim fós ó Herbert Simms, ailtire tithíochta as an ngnáth'