Tá singil i nGaeilge eisithe do Sheachtain na Gaeilge ag Mischa and the Bear, banna ceoil alt-phop a d’ainmnigh RTÉ 2FM mar bhanna a raibh an-fhorás faoi, ‘Rising Act’ na bliana.
Aistriúchán atá ann ar an amhrán ‘Sing It’ a d’eisigh an banna anuraidh. Seo an chéad uair acu port a thaifeadadh i nGaeilge, agus tá siad ag obair anois ar bhunamhráin a scríobh i nGaeilge don EP atá idir lámha acu.
As Droichead Átha ó dhúchas iad agus casadh an bheirt ar a chéile ar líne cé go raibh súil-aithne acu ar a chéile ag fás aníos. Tá cuid mhaith dá saol caite ag Bear trí Ghaeilge, rinne sí a cuid scolaíochta i nGaeilge ón naíscoil ar aghaidh, tá céim san aistriúchán aici freisin, ach ba rud nua a bhí ann do Mhischa. Ba rud nádúrtha don bhanna é go ndéanfaí amhrán a eisiúint i nGaeilge ag pointe éigin, a deir Bear, agus bhí sé níos nádúrtha fós amhrán a aistriú go Gaeilge.
“D’aithníomar go raibh uigeacht dhifriúil ag an amhrán i nGaeilge, i gcomparáid leis an mBéarla, a thaitin go mór linn – rithim agus sruth focal difriúil, brí níos láidre sna liricí. Agus Seachtain na Gaeilge ag druidim linn, ba dheis mhaith é dúinn ár mbaint leis an teanga a léiriú.”
Ceol alt-phop an cur síos a dhéanann siad ar an stíl cheoil atá. Ceoltóirí ar nós Gwen Stefani agus Green Day a spreag a suim sa cheol ar dtús, a deir Bear.
“Thosaigh mé amach le Gwen Stefani agus Green Day, agus mhúin mé an giotár agus an pianó dom féin thart faoin am sin chomh maith.
“Cé nach n-éistim leo a thuilleadh, is cinnte gur spreag siad mo shuim sa cheol ag aois óg. Na laethanta seo, bím ag éisteacht le Magdalena Bay, Ninajirachi, King Krule, i measc na milliún ealaíontóirí eile!”
‘The White Stripes’ a spreag Mischa le tús a chur le casadh ceoil agus é ag fás aníos.
“Chuala mé iad den chéad uair agus mé an-óg, agus spreag sin mé an giotár a fhoghlaim. Bhí rud éigin faoin stíl a bhí ag Jack White a sheas amach dom. Agus mé ní ba shine, thaitin ceol leictreonach ní ba mhó liom. Le déanaí, bím ag éisteacht le Oklou agus Ninajirachi.”
Ba rud nua é do Mhischa amhrán a chasadh i nGaeilge don singil seo, agus deir sé go raibh sé deacair aige a chuid féin a thaifeadadh.
Tá sé ag foghlaim Gaeilge anois agus deir sé gur tháinig a shuim féin sa teanga ó Bhear agus an grá atá aicise di.
“Chuir sé go mór le mo thuiscint ar an rithim agus ar an bhfonn atá cheana féin sa teanga, seachas ag díriú ar thuiscint na bhfocal amháin.”
Tá a chruthaitheacht féin ag baint leis an aistriúchán, a deir Bear, agus tháinig rudaí nua chun solais dóibh faoin amhrán ‘Sing It’ agus iad á aistriú go Gaeilge, mar ‘Abair’.
“Is dócha go nochtfar tuilleadh dúinn faoin bpróiseas cruthaitheach sa todhchaí agus muid ag cruthú amhráin as an nua i nGaeilge, seachas aistriúchán a dhéanamh. Tá cruthaitheacht san aistriúchán mar sin féin, agus ar deireadh, tháinig brí ní ba láidre chun cinn sa leagan Gaelach, rud nach rabhamar ag súil leis.”
Is eisiúint neamhspleách é ‘Abair’ agus deir Bear gur thaitin an cur chuige seo léi féin agus Mischa mar gur bhain sé cuid den bhrú díobh.
“Thaitin sé linn píosa ealaíne a chur amach as ár stuaim féin, gan brú go mbeadh sé mar chuid d’eisiúint ní ba mhó, agus amhrán a chur amach díreach len é a chur amach.
“Ba dheis é dúinn triail a bhaint as rud éigin difriúil, agus aitheantas a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge agus muid gníomhach mar ealaíontóirí den chéad uair.”
Tá siad ag súil tuilleadh traiceanna a eisiúint i nGaeilge, a deir siad agus iad ag obair ar a dtríú EP. Tá an dara EP scríofa acu cheana féin, ach tá liosta fada nótaí á bhailiú ag Bear de fhrásaí agus focail Ghaelacha a thaitníonn léi mar spreagadh don tríú ceann.
“Táimid ag súil go mór anois leis an teanga a bheith againn mar lionsa nua a mbeimid in ann breathnú ar an bpróiseas cruthaitheach tríd.”
* Coinnigh súil ar @mischaandthebear le tuilleadh eolais a fháil
Fág freagra ar '‘Tá brí níos láidre sa leagan Ghaeilge’ – singil nua ag Mischa and the Bear'