Tá beachaireacht á cleachtadh in Éirinn le os cionn 1,500 bliain

Isteach as an mBreatain a tugadh na beacha go hÉirinn am éigin tar éis an 3ú céad

Tá beachaireacht á cleachtadh in Éirinn le os cionn 1,500 bliain

Is millteanach an scéal é sin a tháinig chun cinn an lá faoi dheireadh go bhfuil foiche [fóch] mhór Áiseach tagtha go hÉirinn a d’fhéadfadh scrios a dhéanamh ar bheacha na tíre seo. Cornfhoiche atá inti.

Bhí sí tugtha faoi deara sa mBreatain ón mbliain 2016 ach níor facthas in Éirinn í go dtí an mhí seo caite.

Tá an chornfhoiche seo thar a bheith coitianta sa Spáinn agus sa Fhrainc.

Má mharaíonn sí formhór na mbeach is uafásach an tionchar a bheas aige sin ar an saol. Ar na beacha a bhíonn muid ag brath le pailniú a dhéanamh.

Dá stopfadh sé sin cá mbeadh na torthaí agus na glasraí?

Tá beachaireacht á cleachtadh in Éirinn le os cionn 1,500 bliain. Go deimhin bhí dlíthe géara ann faoi na beacha ón tús.

Bechbhretha a thugtaí ar na dlíthe sin sa tSean-Ghaeilge.

Bhí dlí ann faoin luach ba cheart a chur ar shaithnín beach, an cúiteamh a chaithfeadh beachaire a íoc le duine a gcuirfeadh beach leis ga ann agus an méid a bheadh le n-íoc ag duine leis an mbeachaire dá dtosódh cearca an té sin ag ithe na mbeach.

Isteach as an mBreatain a tugadh na beacha go hÉirinn am éigin tar éis an 3ú céad. Deirtear sa seanchas gurbh é Naomh Doiminic a thug as an mBreatain Bheag iad.

Bhí an-tuiscint aigesean ar na beacha más cóir géilleadh don seanchas.

Chuir sé bláthanna ag fás i gcoirnéal foscúil de ghairdín na mainistreach le go gcruinneodh na beacha ann.

Bhíodh sé ag caint leo agus iad ag dordán timpeall a chloiginn faoi mar a bheidís á thuiscint. Níor chuir aon cheann acu ga ariamh ann.

Nuair a bhí sé ag cur chun seoil chun filleadh ar Éirinn as an mBreatain Bheag lean púir de na beacha é agus thuirling siad ar chrann na loinge.

Cheap a chara Naomh Dáibhí gur comhartha ó Dhia a bhí ansin agus thug sé cead do Dhoiminic na beacha a thabhairt leis.

De réir ‘Félire Óengussa’ is i gcurachán a thug sé anall iad. ‘Sil mbuadhach mbeach nÉireann’ a tugadh orthu sa scríbhinn sin.

Pé bealach ar thug sé chugainn iad bhunaigh sé séipéal in aice le Baile Brigín agus shocraigh sé na beacha sa ngairdín faoi mar a bhí siad aige sa mBreatain Bheag.

An mhil a chuireann na beacha ar fáil a shantaigh daoine leis na cianta cairbreacha.

Tá pictiúir in uaimheanna sa Spáinn de dhaoine ag fáiteall meala os cionn 8,000 bliain ó shin.

Bhí na Máighigh ag cnuasach meala i bhfad sular shroich Criostóir Colambas Meiriceá.

An tSín an tír is mó a chuireann mil ar fáil sa lá atá inniu ann – 1.9 milliún tonna sa mbliain 2019.

Má bhí tóir ag na Sean-Ghaeil ar mhil ba bhreá leo i gcónaí freisin an deoch a dhéantar as mil, deoch ar a dtugtar meá.

Mid an tSean-Ghaeilge a bhí ar an deoch sin. ‘Tech Mid Chuarda’ a thugtaí ar an halla cóisire ar Chnoc na Teamhrach. Bí cinnte gur óladh neart di sa halla sin.

Bhíodh meá á cur ar fáil sna mainistreacha freisin.

De réir scéil mhaireadh Naomh Finín ar arán agus uisce sé lá na seachtaine ach Dé Domhnaigh d’itheadh sé geampa de bhradán agus d’óladh sé deoch meá.

Bhí uair ann nach raibh aon deoir den mheá ag Rí Laighean. Bheannaigh Naomh Bríd soitheach folamh agus líon sé ar an bpointe le meá.

Fág freagra ar 'Tá beachaireacht á cleachtadh in Éirinn le os cionn 1,500 bliain'

  • Séamus

    Iontach spéisiúil. Is iontach go deo stair na mbeach agus na beachaireachta anseo in Éirinn. Ní amháin go raibh daoine ag baint sásamh as an mil agus as an meá leis na cianta ach bhain siad úsáid as mil na mbeach chun daoine a leigheas chomh maith – tá tagairt nó dhó de sin sna ‘Bechbretha’.

    Léigh mé An Bheachaireacht Shimplí le Simon Ó Cróinín le déanaí – rud amháin a sheas amach domsa sa leabhar sin ná, dar leis an údar, go raibh beachairí in ann – b’fhéidir 20 bliain ó shin nó mar sin? – saithe beach fiáin a bhaint de chrann nó de dhíon nó cibé agus ansin na beacha a chur ina gcoirceoga féin. Ansin ní féidir mar is annamh a fheiceann siad beacha fiáine. Drochscéal is ea sin, go deimhin.

  • Pádhraic

    Bhí a fhios ag file amháin a chum dán Gaeilge sa seachtú aois déag go raibh beach in ann a chur in iúl don saithe le damhsa an treo ina raibh an pháirc ab fhearr bláthanna ( “beach eolais”).

    Trí chéad bliain ina dhiaidh sin a dheimhnigh “saineolaithe” an cumas seo a bheith ag meachain. Fág ag na filí é.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Cén teideal atá ar an dán sin?