Sa teas marfach Dé Sathairn seo caite d’fhág dhá chontae eile slán le craobh 2021.
Bhí séasúr craoibhe thar a bheith díomách ag an nGaillimh agus is deacair a rá cad a tharla dóibh. Bhíodar leamh agus gan mórán fuinnimh ná díocas iontu. An t-aon fhaoiseamh a bhí acu ná gur sháraigh Joe Canning curiarracht scórála Henry Shefflin sa chraobh agus 27-485 ag fear na Gaillimhe ina 62 cluiche craoibhe. Ansin tháinig an drochscéal i lár na seachtaine go raibh a phort seinnte mar imreoir idirchontae agus a chluiche deireanach craoibhe imeartha aige. Bhí Joe ina laoch ceart agus ina dhuine uasal. Bhuaigh sé gach a raibh le buachan agus rinne sé a dhícheall ar son na Gaillimhe aon uair a chaith sé geansaí an chontae. Braithfimid uainn é.
Ní féidir an locht céanna a fháil ar thaispeántas an Chláir seachtain ó shin. Bhíodar an-iomaíoch arís an Satharn seo caite ach chuir easpa cruinnis isteach go mór orthu arís sa chluiche in aghaidh Chorcaí agus rómhinic a rinne siad cinntí a bhí dona go leor.
Tá deireadh seachtaine cinniúnach eile linn don cheithre chontae atá ag dul chun páirce inniu. Ceann acu sin Port Láirge a thaispeáin seachtain ó sin go bhfuil beatha fós iontu. Bhíodar ar fheabhas ón tús, iad lán fuinnimh, plean acu lenar chloígh siad agus comhoibriú iontach eatarthu. An cheist mhór anois ná an féidir leo imirt mar sin arís um thráthnóna mar beidh an-taispeántas mór ag teastáil arís agus Tiobraid Árann mar fhreasúra acu.
Dar ndóigh braitheann sé sin ar cén ‘leagan’ de Thiobraid Árann a bheidh againn, an ceann a chonacthas sa chéad leath nó an ceann a d’imir an dara leath de chluiche leathcheannais na Mumhan. Agus mar a neosfaidh aon duine a chonaic an cluiche sin bhí an imirt sa dá leath chomh difriúil agus atá lá agus oíche.
Tá cheist thábhachtach go leor maidir le foireann na dTiobraid Árannach á plé minic go leor sna meáin na laethanta seo agus sin an ceann faoi chomh lách is atá an bainisteoir Liam Cahill leis na seanfhondúirí. Tá tuairimí láidre ann go bhfuil sé rólách ar fad leo ach gheobhaimid amach níos mó faoi sin go luath um thráthnóna. Is deacair tuar a thabhairt faoi cé a bhuafaidh an cluiche mar nach mbíonn seasmhacht ag baint le himirt cheachtar den dá chontae. D’fhéadfadh an dá fhoireann imirt go diail nó go dona. Ceapann na gheallghlacadóirí go mbeidh an lá leis na Tiobraid Árannaigh. Ní bheidh mórán ann.
Maidir leis an gcluiche ceathrú craoibhe eile, bhuel tá tuairim anseo cois Laoi go bhfuaireamar an tarraingt is fearr ar an Luan. Tá muinín ag fás agus dóchas againn go mbeimid ag imirt thuas sa gceanncheathrú i gceann seachtaine, áit a mbeidh na cluichí leathcheannais ar siúl. Thaispeáin Corcaigh ráta oibre i bhfad níos fearr ná riamh seachtain ó shin. Tá dul chun cinn déanta acu agus an chuma ar an scéal go bhfuil an mhuinín ag teacht ar ais sna foirne iománaíochta sa chontae, go háirithe agus an fhoireann faoi 20 buacach arís i lár na seachtaine. Cuirfidh bua inniu go mór leis an athbheochan.
Ach tá Baile Átha Cliath rompu agus dhá thaispeántas láidir tugtha acu, go háirithe i gcoinne na Gaillimhe, cluiche ina rabhadar ar fheabhas. Bhíodar faoi mhíbhuntáiste mór i gcoinne Chill Chainnigh nuair a bhí orthu tosnú gan Cian O’Callaghan agus Ronan Hayes de bharr Covid-19 agus nuair a bhí ar dhuine des na cúlaithe is fearr sa tír, Eoghan O’Donnell, an pháirc a fhágáil go luath sa chéad leath. Níos déanaí sa leath céanna d’imigh Mark Schutte agus fágadh ag rámhaíocht i gcoinne na taoide agus na gaoithe iad go deireadh.
Tá foireann na hardchathrach i bhfad níos fearr ná mar a bhíodar anuraidh. Tá siad eagraithe agus ag imirt le diongbháilteacht ach ní fheadar fós an mbeidh siad maith go leor?
Is deireadh seachtaine tábhachtach é seo do roinnt contaetha eile freisin agus roinnt craobhacha ar siúl. Um thráthnóna i bPáirc an Chrócaigh roimh chluiche ceannais peile Uladh beidh craobh Nicky Rackard idir Maigh Eo agus Tír Eoghan agus ina dhiaidh imreofar craobh Lory Meagher idir an Cabhán agus Fear Manach.
Ansin amárach beidh craobh Christy Ring idir rogha láidir na n-údar Uíbh Fhailí agus Doire sa gceanncheathrú roimh chluiche ceannais peile Laighean. Beidh an t-aicsean go léir ar TG4.
Fág freagra ar 'Tá athbheochan ar bun cois Laoi agus an dóchas ag bláthú'