Tá ár dteach trí thine agus is muide ná fir agus na mná dóiteáin…

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tá sé ró-éasca ligean orainn féin nach baol dúinn na falscaithe ollmhóra a fheicimid ar ár gcuid scáileán toisc go bhfuil siad ag tarlú ar an taobh eile den domhan

Tá ár dteach trí thine agus is muide ná fir agus na mná dóiteáin…

Ag tarraingt ar 13 bliain ó shin, sheas an Saoithín Aeráide in aice le foraois a bhí trí thine. Ní raibh tuairim aige roimhe sin faoin mbúireach ard scáfar a bhíonn le cloisteáil in aice le loscadh den chineál sin – an t-aer á shú i dtreo an teasa ifreanda agus ag cothú an dó – agus ní dhéanfaidh sé dearmad air go brách.

Rith sé leis an t-am sin gur imoibriú slabhrúil de shaghas éigin a bhíonn i loscadh foraoise: fearacht an phróisis a choinníonn stáisiún cumhachta núicléach ag imeacht, cothaíonn falscaithe iad féin.

Imoibriú slabhrúil den saghas céanna – ach ar scála domhanda, ar ndóigh – a bhfuil ar siúl ar an bpláinéad seo faoi láthair. 

Téamh an domhain is cúis leis an ardú mór ar líon na bhfalscaithe millteacha a chonaic muid le blianta beaga anuas in áiteanna atá chomh fada óna chéile agus atá an Astráil, an tSualainn, an Indinéis, an Bhrasaíl, California agus an Phortaingéil. Ar ndóigh cuireann na tinte seo le téamh an domhain iad féin. Tomhais cén toradh a bhíonn air sin? Is ea go díreach, tuilleadh tinte.

Agus an Saoithín Aeráide ina sheasamh in aice leis an loscadh foraoise úd 13 bliain ó shin bhí sé faoi gheasa ag an scrios agus rinne sé a dhícheall an urraim a mhothaigh sé do chumhacht an nádúir a léiriú sa tuairisc teilifíse a bhí ar bun aige. 

Chuile sheans gur mhothaigh na fir dhóiteáin a bhí ar a ndícheall an falscaí a choinneáil faoi smacht an urraim chéanna. Ach má mhothaigh, níor fágadh ina staic iad, béaloscailte. Ghníomhaigh siad. Chuir siad bac ar an loscadh scaipeadh agus, ceal breosla, chuaigh an tine in éag de réir a chéile. Choinnigh siad srian leis an scrios.

Inniu, táimid ar fad sa chás céanna. Mar a dúirt an té a dúirt: tá ár dteach trí thine. Is muide atá beo anois na fir agus na mná dóiteáin. Tá sé ró-éasca ligean orainn féin nach baol dúinn na falscaithe ollmhóra a fheicimid ar ár gcuid scáileán toisc go bhfuil siad ag tarlú ar an taobh eile den domhan; gur ar pholaiteoirí ar nós phríomh-aire na hAstráile, Scott Morrison, agus Jair Bolsonaro, uachtarán na Brasaíle, an locht. 

An tine foraoise úd a raibh an Saoithín Aeráide ina sheasamh lena thaobh, meas tú cár tharla sé? 

I gCnoc ar Easair, ciliméadar nó dhó ó thuaidh de Na Forbacha i gConamara.

Fág freagra ar 'Tá ár dteach trí thine agus is muide ná fir agus na mná dóiteáin…'

  • Eoghan Ó Néill

    Leá an oighir agus loscadh na bhforaoiseacha de thoradh an ghoradh domhanda. 1950 bhí an daonra domhanda ar 2.5billiún, anois tá sé thar 7billiún agus stíl bheatha a úsáideann i bhfad níos mó breosla á chleachtadh ag scar mór dínn ná sna 50daí. Is léir go gcaithfimid gearradh siar agus feabhsú ar theasdíonadh agus 35% de thalamh na hÉireann a chur faoi chrainn mheasctha (a bhainfeadh CO2 as an aer agus a laghdódh sceitheadh CH4).