‘Tá an tuama folamh ach beidh aiséirí anseo fosta’ – dóchas go n-atógfar Teach Pobail Ghaoth Dobhair

Tá fiosrúchán ar bun ag an nGarda Síochána ag Teach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga agus iad ag iarraidh fáil amach cad ba chúis leis an tine a  dhóigh é ag an deireadh seachtaine

‘Tá an tuama folamh ach beidh aiséirí anseo fosta’ – dóchas go n-atógfar Teach Pobail Ghaoth Dobhair

Tá sé ráite ag sagart paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Brian Ó Fearraigh, go mbeidh “aiséirí eile” ann i nGaoth Dobhair agus súil aige go dtógfar Teach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga arís tar éis a loiscthe oíche Dhomhnach Cásca.

“Beidh aiséirí eile anseo fosta, cosúil le haiséirí Chríost. Tá an tuama folamh, agus nuair a amharcaim ar chreatlach theach an phobail atá lom folamh ansin, cé go bhfuil an tuama folamh ní hin le rá go bhfuil muid gan dóchas – tá an dóchas againn i gcónaí agus beidh dóchas againn.

“Tá seo crua, níl aon duine ag rá nach bhfuil sé crua, agus beidh sé crua, ach tá sé mar atá sé agus rachaimid céim ar chéim chun tosaigh. An rud is tábhachtaí atá le déanamh ná cluas éisteachta a thabhairt don phobal iad féin agus caidé na smaointe atá acu ag dul chun tosaigh anseo,” a dúirt Brian Ó Fearraigh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ RnaG inniu.

Tá an séipéal a dódh go talamh oíche Dé Domhnaigh á iniúchadh ag innealtóirí inniu lena chinntiú go mbeidh sé sábháilte don Gharda Síochána agus don fhoireann dlí-eolaíochta dul isteach ann agus a bhfiosrúcháin a dhéanamh.

Tá fiosrúchán taobh amuigh den séipéal ar bun ag an nGarda Síochána ó bhí inné ann agus é ag leanacht ar aghaidh inniu. Tá an láthair caomhnaithe ag an nGarda Síochána agus ní bheidh cead ag an bpobal isteach ann go dtí go mbeidh an fiosrúchán sin curtha i gcrích go hiomlán.

Tá socruithe malartacha déanta ag an Athair Ó Fearraigh don chuid eile den tseachtain seo agus fógrófar ar leathanach Facebook an pharóiste socruithe eile do na seachtainí atá amach romhainn de réir a chéile.

“An plean atá ann ná na hAifrinn uile go léir a bhí le bheith ráite i dTeach Pobail Mhuire na nDoirí Beaga, táimid á n-aistriú sin go Teach Pobail Chnoc Fola ar a seacht a chlog tráthnóna. Beidh na hAifrinn sin le léamh inniu go dtí Dé hAoine, agus ansin má choinníonn [an pobal] súil ar leathanach Facebook Pharóiste Ghaoth Dobhair beidh amanna na nAifreann ag dul chun tosaigh ansin.

“Beidh socruithe ann don deireadh seachtaine agus ansin chaithfí a fheiceáil cé hiad na láithreacha a dtig linn cruinniú le chéile ann atá sábháilte agus an bhfuil teach pobail eile ann nó láthair éigin eile a bheadh fóirsteanach,” a dúirt sé.

Tógadh Teach Pobail Mhuire i 1972 gar go maith don seanséipéal a dúnadh cúpla bliain roimhe sin. Dúirt an tAthair Ó Fearraigh go mb’fhéidir go bhféadfaí an seanfhoirgneamh a úsáid a fhad is atá an séipéal nua a dódh á athchóiriú.

“I láthair na huaire, nílimid ábalta dul ar a thóir mar tá sé druidte mar pháirt den suíomh uile go léir. Níl cead isteach ansin ag an am seo, ach ag dul chun tosaigh, bhí an teach pobail ansin agus baineadh úsáid as sna blianta a chuaigh thart agus imíonn rothaí móra an tsaoil thart agus beidh seans againn amharc ar achan rud a fheiceáil an bhfuil sé áisiúil agus an bhfuil sé fóirsteanach” a dúirt sé.

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh go bhfuil seandaoine i bparóiste Ghaoth Dobhair a bhí ann nuair a tógadh Teach Pobail Mhuire sna 1970idí agus go raibh siad an-dílis don áit. Dúirt sé go bhfuil súil aige go bhfeicfidh na daoine sin “an teach pobail úr ann, agus é tógtha arís”.

Ceiliúradh Aifreann na Cásca sa séipéal Dé Domhnaigh agus dúirt an tAthair Ó Fearraigh go raibh “aoibh an gháire” ar na daoine a bhí i láthair agus gur ceiliúradh “lúcháireach” a bhí sa searmanas ach go bhfuil “croí achan duine briste” anois mar gheall ar an scrios.

“Níl na focail ann faoina choinne, titeann focail lomnocht ar fad nuair a smaoinímid ar an tubaiste fiánta a tharla i dTeach Pobail Mhuire na nDoirí Beaga ansin, agus muid ag amharc ar na bladhairí ag éirí in airde go huachtar neimhe agus an teach pobail á dhó go talamh.

“Téann sé amach tríd an phobal go léir, ní hamháin an pobal anseo i nGaoth Dobhair ach an pobal thart orainn fosta, agus níos faide ó bhaile. Tá teachtaireachtaí ag teacht isteach ó achan áit, sa phobal anseo agus taobh amuigh den phobal agus thar sáile,” a dúirt sé.

Mhol sé “teacht aniar” mhuintir an pharóiste agus dúirt sé gur léir dó go bhfuil “cuid mhór mhór daoine ag iarraidh cuidiú”.

“Tá a fhios agam go bhfuil daoine maith agus sna teachtaireachtaí a fuair muid, bhí cuid mhór mhór daoine ag iarraidh cuidiú agus tá a fhios agam nach focail fholmha ar bith iad sin ach an oiread, agus nuair a thiocfaidh an t-am go gcuirfidh daoine a ngualainn leis an roth,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Tá an tuama folamh ach beidh aiséirí anseo fosta’ – dóchas go n-atógfar Teach Pobail Ghaoth Dobhair'