Tá an scoil sa mbaile ar oscailt arís agus níl aon phríomhoide ann

An chéad chéim don scoil sa mbaile ná na leabhair a chartadh amach as an bpluais inar caitheadh iad le linn saoire na Nollag

Tá an scoil sa mbaile ar oscailt arís agus níl aon phríomhoide ann

Tá an scoil sa mbaile ar oscailt arís. Bhí mé ag caint leis an bhfear thuas staighre le seachtain nó dhó  anuas agus mhínigh mé dhó go raibh mé fhéin agus Fear an Tí imithe ar scor ón múinteoireacht.

Go raibh maith agat agus chuile shórt as an tréimhse trialach múinteoireachta anuraidh, a Dhia uilechumhachtach, ach shocraigh muid bogadh ar aghaidh lenár saol agus rudaí eile a dhéanamh. Feicim anois go bhfuil tréimhse thrialach eile curtha ar fáil agat, agus ní hé nach bhfuil muid buíoch agus chuile shórt, ach is le croí trom a chaithfidh muid diúltú don tairiscint.

Ní raibh aon mhaith sa gcaint, 

áfach, agus níor tháinig aon athrú ar an scéal  ná aon toradh ar mo chuid achainí roimh an Luan agus b’éigean dúinn an seomra ranga a oscailt arís.

‘An tusa an príomhoide, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom ag tús an lae agus mé ag seasamh ag an bhfuinneog sa gcistineach ag stánadh amach go folamh, duailín gruaige á chasadh agam is mé ag iarraidh m’intinn a cheansú. ‘Hmm?’ a d’fhreagair mé. ‘Céard?’

‘An tusa an príomhoide, Mamaí?’ a d’fhiafraigh sé arís díom. ‘Ní mé,’ a deir mé, ‘mise an Mamaí, agus níl aon phríomhoide sa scoil sa mbaile’ a mhínigh mé.

‘Is mise an Máistir mór agus bata ina láimh,’ a deir Fear an Tí ag magadh.

Níor fhreagair an Babaí mé ach d’imigh amach ar chúl an tí. Níor chuimhnigh mé gur ann atá bhailiúchán maidí aige,  a chruinnigh sé ar shiúlóidí éagsúla le sé mhí anuas. Tháinig sé isteach arís agus é i ngreim ar an maide is mó as a charnán trodaíochta, bachall seiceamair atá chomh tiubh lena cheathrúnaí agus níos faide ná é fhéin.

‘Tá maide mór agamsa freisin!’ a deir sé agus é faoi réir do chath mór na maidí le tús a chur leis an gcéad lá scoile sa mbaile.

Tús maith leath na hoibre, a deirtear. Níl a fhios agam an ndeirtear tada faoin tús lag, ach théis na seachtaine seo, déarfainn nach bhfuil aon chaill ar an tús lag ach an oiread.

An chéad chéim don scoil sa mbaile ná na leabhair a chartadh amach as an bpluais inar caitheadh iad le linn saoire na Nollag. 

‘Seo é do mhála-sa nach é?’ a d’fhiafraigh mé den Bhabaí. Bhí na leabhair scoile ar fad curtha abhaile ag an scoil roimh an Nollaig ar fhaitíos go mbeadh dianghlasáil eile i bhfeidhm.

D’oscail muid an mála. Bhí na leabhair ann buíochas mór le Dia. Rud eile a bhí sa mála nach raibh aon súil againn leis ná an bosca torthaí a bhí aige don lón agus iad fós sa mála ó roimh an Nollaig. 

Ní raibh sé ina chuid den churaclam, ach tharla gurb é an chéad rang a bhí againn ná rang eolaíochta ina ndearna muid staidéar ar éifeacht an lobhadh ar mhandairíní agus caora fíniúna i mbosca beag plaisteach thar thréimhse trí seachtaine.

Scileanna ríomhaireachta an chéad cheacht eile a bhí againn. Bainistiú eolais agus cosaint sonraí an príomhábhar a bhí faoi chaibidil againn agus muid ag iarraidh clárú isteach ar na ranganna scoile ar líne. 

Fuair muid amach gur ceist cothromaíochta atá sa mbainistiú pasfhocail. D’fhoghlaim muid gur chóir iad a choinneáil in áit shábháilte, ach ná bídís chomh sábháilte sin nach bhfuil tú fhéin in ann cuimhneamh cár chuir tú iad.

Fág freagra ar 'Tá an scoil sa mbaile ar oscailt arís agus níl aon phríomhoide ann'