Tá an poitín ag éirí gann ach níl an ‘pot’ ach ina thús in áiteanna

Ba é ‘tús an phota’ tús na Nollag i gConamara ach ní shin an leagan amach atá ag Méara Bhoston, Marty Walsh, maidir le ‘tús an phota’ sa gcathair sin

Tá an poitín ag éirí gann ach níl an ‘pot’ ach ina thús in áiteanna

Bhí an t-am ann nuair a d’fhéadfá geall cinnte a chur go mbeadh ceannlíne a bheag nó a mhór mar seo sna nuachtáin i nGaillimh gar don Nollaig:  ‘Garda raids on poitín in Connemara’. 

Is minic go mbeadh pictiúr leis a thaispeánfadh na Gardaí ag ligean bairille poitín le sruth.  ‘Tús an Phota’ imithe le fána.

Uair sa gcéad a fheictear na pictiúir seo le roinnt blianta. 

Pé ar bith cúis atá leis, is cosúil, cé nach féidir a bheith siúráilte de sin, go bhfuil an ‘braon draíochta’ ag éirí gann.  B’fhéidir nach bhfuil fonn ar dhaoine feasta a bheith ag dul go háiteacha iargúlta nó amach ar oileáin i lár an gheimhridh ag plé le poitín.  Nach bhfuil chuile chineál óil le fáil anois in ollmhargaí go leor ar phraghas ‘réasúnach’?

Idir amhráin agus scéalta agus finscéalta, bhí cultúr dá chuid féin ag baint leis an bpoitín agus cáil na maitheasa curtha air scaití.  Ba é ‘tús an phota’, tús na Nollag.  Ba é muis!  Is iomaí sin duine a cuireadh ar chosán an mhí-áidh idir shláinte colainne agus intinne de bharr an phoitín agus chuile chineál alcóil.

Is cuimhneach liom a bheith i gcomhluadar inar dúradh go raibh alcól ceart go leor dá mbainfí úsáid ‘cheart’ as agus duine a bheith in ann an t-ól a iompar, caint sách réasúnach, shílfeá.  Ach bhí fear sa ngrúpa a raibh os cionn dhá scór bliain caite aige ag plé le hóstáin agus tithe tábhairne agus labhair sé:  ‘Chaith mise píosa mór de mo shaol i dtithe tábhairne agus ní fhaca mé mórán acu a bhí in ann an t-ól a láimhsiú go stuama sa deireadh thiar thall,’ a deir seisean. 

Agus chuile sheans go raibh sé buailte ar na speireacha aige. 

Níl a fhios agam arbh é sin an leagan amach atá ag Méara Bhoston, Marty Walsh, maidir le ‘tús an phota’ sa gcathair sin.  Fiú agus go bhfuil dlí an Stáit ag ceadú ‘pot’ nó cannabas a cheannach go dleathach anois, tá an Méara Walsh ag cur fainic ar dhaoine.  Sheas sé in aghaidh moladh go dtabharfaí stádas dleathach díolacháin don channabas nó an ‘pota’ ó thús ach is féidir anois an cannabas a cheannach go dleathach i Stát Mhassachusetts i Meiriceá. 

Seo é an chéad Stát ar chósta thoir Mheiriceá a bhfuil an tsaoirse sin ag daoine ó thaobh an ‘phota’ sin de.  Osclaíodh dhá shiopa cannabais sa Stát le coicís anuas agus is cosúil go n-osclófar an chéad siopa cannabais i mBoston luath go maith sa mbliain seo amach romhainn. Caitheadh vóta i bhfabhar saoirse a bheith ag duine an cannabas a cheannach go dleathach i Massachusetts in 2016.  Tá an dlí sin i bhfeidhm anois agus beidh na siopaí ag oscailt chomh tréan agus a fhéadfaidh siad.  Má tá bliain agus fiche caite amach agat, féadfaidh tú a dhul isteach i siopaí cannabais i Massachusetts agus slám den ‘phota’ a cheannach díreach mar a cheannófá bosca toitíní.

Ach beag beann ar an dlí nua, d’fhéadfadh lucht díolacháin an channabais é a shaothrú in áiteacha éagsúla in Massachusetts sula n-osclóidh siad na doirse. Tá príomhchathair an Stáit, Boston, ar cheann de na háiteacha sin.  Mar shampla, beidh ar dhream ar bith a bheadh ag iarraidh siopa nó caifé cannabais a oscailt i mBoston a dhul i gcomhairle leis an bpobal sa gceantar sin. Níor mhór dóibh, ar a laghad ar bith, a theacht slán ó agóidí tréana ina n-aghaidh sula bhfaighidh siad ceadúnas. 

Ar ndóigh ní mó ná sásta atá lucht an channabais leis na bacainní atá i bhfeidhm i mBoston agus ceapann siadsan go bhfuil an Méara Walsh ag cothú trioblóide dóibh.  Meabhraíonn lucht an ‘phota’ don phobal gur vótáil tromlach na ndaoine i mBoston i bhfabhar an athraithe sin a thugann saoirse leis an druga a cheannach go dleathach.  Ach, a deir siad, is daoine atá socraithe síos agus in aoisghrúpaí níos sine atá i gcuid mhór de na háiteacha i mBoston a mbeadh suim ag lucht an channabais lonnú iontu. B’fhearr le tromlach acu siúd lucht an ‘phota’ a choinneáil amach as a gceantar. Ach bheadh lucht na siopaí nua cannabais ag iarraidh a bheith suite i gceantair nach mbíonn foréigean ná coiriúlacht go fairsing iontu.

Ar ndóigh, tá cúrsaí airgid i gceist.  Ceaptar go ndíolfaí luach na gcéadta milliún dollar den channabas sna siopaí nua seo in Massachusetts agus bheadh 17% de sin ag dul isteach i gciste cánach an Stáit.  Bheadh 3% eile ag na bailte agus na cathracha go háitiúil.

‘I hope the taxation is worth the human toll,’ a dúirt an Méara Walsh an tseachtain seo agus é ag léiriú an-imní i gcónaí faoin stádas dleathach atá bronnta ar an gcannabas in Massachusetts agus i mBostún.  Bhí a thrioblóidí féin ag an Méara leis an ól ina óige agus tuigeann sé an dainséar a bhaineann le sciorradh isteach san andúil maidir le halcól nó drugaí. 

Glactar leis forleathan go maith i measc lucht leighis gur druga é an cannabas a fhaigheann greim ar dhaoine agus nach féidir le cuid acu déanamh dá uireasa tar éis dóibh a dhul ag plé leis.  Sa mhullach air sin, tá lucht leighis den tuairim go dtugann sé daoine i dtreo drugaí níos troime, scaití.

Thagair an Méara Walsh de sin an tseachtain seo.  Luaigh sé go dtuigeann sé an drogall a bheadh ar phobal roimh shiopaí cannabais in aice leo. Labhair sé ar an mboladh a bhíonn ar an gcannabas, boladh nach bhfuil taitneamhach, a deir an Méara, agus an tranglam tráchta a d’fhéadfadh a bheith thart ar na siopaí.

Tá fianaise ann cheana féin i dtaobh na tráchta mar go bhfuil daoine i mbaile Leicester in Massachussetts sáraithe le coicís de bharr an lear carranna atá ag triall ar an siopa ‘pota’ atá oscailte ansin. 

Ní hé amháin sin ach tá lucht  gnó ag cur a gcosa uathu freisin agus iad ag cailleadh gnó, a deir siad.

Ina measc siúd atá buailte tá gnó díolta crann Nollag; dúirt an t-úinéir ansin go bhfuil laghdú ollmhór ar dhíolacháin na Nollag de bharr ‘tús an phota’ a bheith ar an mbaile sin. 

  

Fág freagra ar 'Tá an poitín ag éirí gann ach níl an ‘pot’ ach ina thús in áiteanna'