Tá a hintinn féin ag Saidhbhín Uí Uigínn agus bhí i gcónaí

Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh muid bródúil as duine ar bith a bheadh ag iarraidh síocháin a chur i réim in áit ar bith ar fud an domhain

Tá a hintinn féin ag Saidhbhín Uí Uigínn agus bhí i gcónaí

An raibh rud ar bith níba náirí ná na hionsaithe binbeacha a rinneadh ar Shaidhbhín Uí Uigínn nuair a mhol sí go mbeadh sos comhraic san Úcráin agus go dtosófaí ar chomhráití idir an dá thaobh den chogadh?

Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh muid bródúil as duine ar bith a bheadh ag iarraidh síocháin a chur i réim in áit ar bith ar fud an domhain. Nach shin é an polasaí atá ceaptha a bheith againn sna Náisiúin Aontaithe?

Nach ar a shon sin a thug cuid de shaighdiúirí na hÉireann a mbeatha sa gCongó agus sa Liobáin?

Cén locht a d’fhéadfadh a bheith ag aon duine ar shos comhraic? Is é an tús é ar chogadh ar bith a chríochnú.

Níl cogadh dá mhéid nach mbíonn síocháin ina dhiaidh, a deir an seanfhocal.

Féach scéal Thuaisceart Éireann, mar shampla. Is iad na Sé Chontae Donbas na hÉireann. Nuair ba ghéire a bhí an chogaíocht ó thuaidh bunaíodh gluaiseacht síochána ann. Is maith is cuimhin linn an obair mhaith a rinne Mairéad Corrigan agus Betty Williams. 

Bronnadh Duais Nobel na Síochána orthu i 1976.

Ach ar ndóigh ní théann blas ar bith den chaint seo i bhfeidhm ar na Tráchtairí Móra. Tá siadsan d’aoinfheacht agus go háirid ag iarraidh muid a thiomáint isteach in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh. Sin nó muid a bheith páirteach in arm de chuid Aontas na hEorpa.

Is cosúil go bhfuil an rialtas maide atá againn ag dul an treo céanna. Féach an chaoi a bhfuil sé i gceist acu meall mór d’airgead breise a chaitheamh ar chúrsaí míleata.

Faoi láthair ní bhíonn cead ag saighdiúirí na hÉireann dul i bhfeachtas míleata thar lear mura ndéantar cinneadh rialtais faoi, mura mbíonn an Dáil ar a shon agus mura mbíonn beannacht na Náisiún Aontaithe aige.

Is léir gur bhreá le Simon Coveney go mór mór na coinníollacha sin a chur ar ceal.

Seach-chogadh idir Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh agus an Rúis atá ar bun san Úcráin le fírinne. “Troidfidh muid an Rúis go dtí an saighdiúir deireanach Úcránach,” a dúirt gríosóir cogaidh amháin de chuid Mheiriceá.

Maidir le bolscaireacht, le síolteagasc agus le bréagnuacht ná bí ag caint. Is gearr ó dúirt an t-iriseoir cáiliúil idirnáisiúnta John Pilger nár cheart dúinn géilleadh do na tuairiscí atá meáin chumarsáide an Iarthair a chraoladh agus a fhoilsiú. Ní hé sin le rá gur as béal na fírinne atá tuairiscí na Rúise ag teacht ach an oiread ar ndóigh.

Tuigimse go maith céard a bhí gceist ag Pilger. Tá sé de bheith orm go mbím ag breathnú minic go leor ar Sky News. Sin é an áit a mbíonn an féasta breá bolscaireachta agus síolteagaisc.

Glaine croí, neart na ngéag agus beart de réir a mbriathair a luann siad i gcónaí leis na hÚcránaigh. Obair an diabhail a bhíonn ar siúl ag na Rúisigh, dar leo.

Dá ngéillfinnse dá gcuid tuairiscí is beag nach mbeadh fonn orm m’aghaidh a thabhairt ar an Úcráin le dhul ag troid “ar son na saoirse agus an daonlathais”. Sea agus ar son na síochána.

Le filleadh ar Shaidhbhín Uí Uigínn, ba teannach le cuid de na daoine a rá gur cheart don Uachtarán féachaint le smacht a chur uirthi. Bheadh sé fánach aige go deimhin.

Tá a hintinn féin ag Saidhbhín agus bhí i gcónaí.

Fág freagra ar 'Tá a hintinn féin ag Saidhbhín Uí Uigínn agus bhí i gcónaí'

  • JP

    Theastaigh an cogadh seo ó Biden agus óna chomhairleoirí ?Ab in atá á rá agat?

  • Tony

    Seo cogadh na Rúise. Is áititheoirí iad. Tá na hÚcránaigh ag troid ar ais go misniúil ní hamháin ar a son féin ach ar son an domhain shaoir. Is é an rud is lú is féidir leat a dhéanamh ná tacú leo. is léir cá bhfuil an fhreagracht as an gcogadh seo. Stop ag scaipeadh do bullshit.

  • An Teanga Bheo

    Mná na hÉireann ionspáraid

  • Seán Mag Leannáin

    Ní iarrfainn bó spré le Sadhbh Ní Bhruinnealla,
    Ach Baile Inis Gé is cead éalú ar choiníní.
    Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla,
    A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.

  • Vitaly

    “Seach-chogadh idir Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh agus an Rúis atá ar bun san Úcráin le fírinne”.

    Sin díreach mar a deirtear linn sa Rúis as an teilifís gach lá. Focal ar fhocal. Is trua nach féidir le lucht bolscaireachta na Rúise an t-alt seo a léamh. Más féidir, bheadh an t-alt á phlé go riméadach sa teilifís Rúiseach ar feadh seachtaine, b’fhéidir.