Súil Siar ar chúrsaí idirnáisiúnta i 2015: níl ann don scamall nach ligeann tríd corrgha gréine

Caitheann ár gcolúnaí súil siar ar bhliain de nuacht idirnáisiúnta, bliain dhuairc, ghruama, ghránna diomaite de chorrgha gréine

Paris (França) - A Torre Eiffel foi iluminada com as cores azul, branco e vermelho da bandeira francesa (Divulgação Prefeitura de Paris)

“Faoi láthair, tá na mílte trodaí ó thíortha san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh ag troid in arm an Stáit Ioslamaigh. An leanfaidh na fir agus na mná óga seo lena réabhlóid phearsanta fhuilteach ar fhilleadh dóibh, ar shráideanna Bheirlín, Birmingham nó na Bruiséile? Gach seans go mbeidh freagra na ceiste sin againn in 2015.”

Bliain ó shin a scríobh mé na focail thuas ar na leathanaigh seo, i gcolún a chaith súil chun cinn ar an mbliain atá anois ag teacht chun críche. Ar ndóigh, bhí tairngreachtaí gruama den chineál sin á mbreacadh síos ina gcuid colún ag tráchtairí ar fud an domhain ag tús na bliana seo. Ní dócha go raibh ionadh ar bith ar éinne gur fíoraíodh iad. 

Mar sin féin, baineadh creathadh asainn ar fad nuair a d’ionsaigh sceimhlitheoirí Moslamacha oifig na hirise Charlie Hebdo i bPáras na Fraince sa chéad seachtain i de mhí Eanáir. Dúnmharaíodh dáréag san ionsaí sin agus dúnmharaíodh cúigear in ionsaithe eile i mórcheantar Phárais go gairid ina dhiaidh. San Iarthair, breathnaíodh ar an ionsaí ar an iris clúiteach, conspóideach mar ionsaí ar shaoirse an phreasa. 

Ní ionsaí ar shaoirse an phreasa ach ar shaoirse an duine súp a bhaint as an saol a bhí san ár a tharla deich mí ina dhiaidh sin, i lár mhí na Samhna, nuair a dúnmharaíodh 130 duine i sraith eile ionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras. Ach an oiread leis an ionsaí ar oifig Charlie Hebdo i Mí Eanáir, chothaigh mórchlúdach na meán san Iarthar ar an ár seo i bPáras conspóid. Cén fáth nár dearnadh an mórchlúdach céanna ar ionsaithe den chineál céanna sa mheánoirthear? Idir an dá linn, scaip scáil na sceimhlitheoireachta chuig cathracha eile san Eoraip, go dtí an Bhruiséal thar aon áit eile.

Is cinnte nár éirigh saol na milliún Moslamach a bhfuil cónaí orthu san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh pioc níos éasca tar éis na n-eachtraí a tharla i mbliana, agus dá bharr sin is fiú a rá nach Moslamach, ach fear geal ón nGearmáin, ba chúis leis an sléacht is measa dár tharla san Eoraip i mbliana. Ar an 24 Márta, dhúnmharaigh an píolóta Andreas Lubitz 149 duine, agus chuir sé lámh ina bhás féin d’aon iarraidh amháin, nuair a lig sé d’eitleán de chuid na comhlachta Germanwings a raibh sé ina chomhphíolóta ann sliabh a bhualadh in oirdheisceart na Fraince.

Lánúin Mhoslamach ba chiontach as an ionsaí sceimhlitheoireachta is measa dár tharla i Meiriceá Thuaidh i mbliana, i mbaile San Bernardino i gCalifornia, inar dúnmharaíodh 14 duine i dtús mhí na Nollag. Ach daoine geala Meiriceánacha – agus an fháil éasca atá ar ghunnaí sna Stáit Aontaithe – ba chúis le formhór mór na sléachtanna eile a tharla sa tír sin i mbliana. Is fiú a thabhairt faoi deara nach minic a úsáidtear an téarma ‘ionsaí sceimhlitheoireachta’ sa chomhthéacs geal, Meiriceánach seo, ach céard eile atá i sléacht gunna?

Cé gur mhó an líon daoine a dúnmharaíodh in San Bernardino, ba é an t-ionsaí ar theampall de chuid an phobail ghoirm in Charleston, South Carolina, a tharla i mí an Mheithimh agus inar dúnmharaíodh naonúr, an sléacht ba mhó den chineál seo a bhain creathadh as na Stáit Aontaithe – tír ina bhfuil an caidreamh idir na ciní éagsúla níos achrannaí ná mar a bhí riamh ó aimsir na gCearta Sibhialta. Ba ghá do phobal gorm Mheiriceá feachtas a bhunú i mbliana dar teideal #blacklivesmatter, chun aird a tharraingt ar leatrom marfach phóilíní na tíre sin ina gcoinne.

050615-N-0000X- 001

Tragóid na dteifeach

Ach cé gur iomaí uair a ghlac sléachtanna gunnaí agus buamaí seilbh ar na ceannlínte i mbliana, níorbh í scáil na sceimhlitheoireachta mórscéal 2015. Ba é sin tragóid na dteifeach.

Bhí ardú seasta ar líon na dtrúán as an meánoirthear agus as an Afraic a bhí ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach sa chéad leath den bhliain, ach ní dheachaigh méad na tubaiste a bhí – agus atá – ag tarlú os comhair ar gcuid súl i bhfeidhm orainn i ndáiríre go dtí gur foilsíodh grianghraf de bhuachaill beag ón tSiria a fuarthas, báite, ar thrá Turcach. 

A luaithe is a tháinig an Eoraip ar an tuiscint go raibh tragóid ag tarlú, bhí sé ina chíor thuathail: ballstáit éagsúla an Aontais Eorpaigh, club a bhreathnaíonn orthu féin mar réalt eolais na daonnachta agus an daonlathais, ar a míle dícheall a dteorainneacha féin a dhúnadh agus oiread teifeach a bhrú isteach thar theorainn ballstát eile agus a d’fhéadfaí. An Ghearmáin agus an tSualainn amháin a léirigh teanntás agus cur chuige dearfach i dtaobh cheist na dteifeach ach is baolach go n-íocfaidh ceannairí na dtíortha sin go daor as a ndaonnacht, óir tá an eite dheis antoisceach ag baint adhmaid as ceist na hinimirce sna tíortha sin – agus, go deimhin, fud fad na hEorpa.

Alexis_Tsipras_in_Moscow_4

Tragóid na Gréige

Ós rud é gurbh iad oileáin ghleoite, ghrianbheannaithe na Gréige an t-ardán ar a raibh cuid mhaith de thragóid na dteifeach á léiriú, is beag nach ndéanfadh duine dearmad gur cuireadh sárthragóid Ghréigeach eile ar stáitse in ardchathair na tíre, an Aithin, níos túisce i mbliana. ‘Grexit’ ba theideal don léiriú cumasach seo a ghlac seilbh ar aigne choiteann na hEorpa i mí an Mheithimh agus i mí Iúil, dráma inar thug beirt laoch teanntásach, Alexis Tsipras agus Yanis Varoufakis, dúshlán cailleach oirthear na Gearmáine, Angela Merkel. In ainneoin feabhas na n-aisteoirí (ardmholadh do central casting as beirt chomh mealltach a roghnú do na príomhpháirteanna fireann!) bhí deireadh mar ba dhual a bheith ar thragóid Ghréigeach ar ‘Grexit’: theip ar na laochra. Íoróineach go leor, bhronn an iris Time gradam ‘Pearsa na Bliana 2015’ ar nemesis na beirte, Angela Merkel – ach bhí baint mhór aige sin freisin lena ceannasaíocht mhorálta maidir le ceist na dteifeach, agus bhí sé tuillte go maith aici.

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

An tírín beag is aeraí amuigh

Ní ortsa a bhí sé, a léitheoir dhil! Go deimhin bhí tagairt homa-earótach sa sliocht thuas faoi phríomhaire agus iar-aire airgeadais na Gréige! Ach tá a leithéid sin ceart go leor ar phríomhshuíomh nuachta náisiúnta na Gaeilge, óir is í Poblacht na hÉireann (Ros Comáin agus Liatroim Theas fágtha as an áireamh) an tírín beag is aeraí amuigh – nó sin a cheapfadh duine ar an 23 Bealtaine, an lá ar tháinig torthaí an reifrinn um chomhionnanais phósta, a eagraíodh an lá roimhe, isteach. Den chéad uair riamh i stair an domhain glacadh le comhionnanas pósta i reifreann agus rinneadh Poblacht na hÉireann a cheiliúradh i gceannlínte ar fud ana cruinne. 

Mí tar éis reifreann na hÉireann, rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe go raibh sé mídhleathach ar stáit cearta pósta a cheilt ar lánúineacha den inscne céanna, rud a chiallaíonn go bhfuil cearta pósta ag daoine aeracha anois sa tír sin. Agus, go deimhin, sa chuid is mó den Iarthar. Eisceacht amháin is ea í Tuaisceart Éireann, áit ar theip, i Mí na Samhna, ar iarracht eile reachtaíocht a thabhairt isteach a thabharfadh cearta cothroma don phobal aerach na Sé Chondae.

Azaz,_Syria

An cogadh sa mheánoirthear

Idir an dá linn, lean an cogadh fuilteach sa mheánoirthear ar aghaidh. Go deimhin, tá an choimhlint sin níos casta ná riamh ó chuir an Rúis a ladar isteach i scéal na Siria i Mí Mheán Fómhair. Faraor géar is éard atá sa tSiria faoi láthair ná sciob sceab fórsaí áitiúla agus eachtracha, gach duine ag tochras ar a cheirtlín féin, beag beann ar a chéile agus beag beann go háirithe ar shibhialaigh na tíre – an chuid sin atá fágtha.

Remise_du_Prix_Sakharov_à_Aung_San_Suu_Kyi_Strasbourg_22_octobre_2013-04

2015: bliain dhuairc, ghruama, ghránna diomaite de chorrgha gréine

Cén chaoi a gcuimhneofar ar an mbliain 2015 sna leabhair staire amach anseo? Bliain dhuairc, ghruama, ghránna a bhí inti. Ba bheag nár thit córas an euro as a chéile. Thug ceist na dteifeach an tAontas Eorpach féin gar go leor don imeall. Leanann an cogadh sa tSiria agus i dtuaisceart na hIaráice ar aghaidh i gcónaí agus is léir don dall anois nach bhfuil an choimhlint sin teoranta don mheánoirthear a thuilleadh ach go bhfuil cogadh á fhearadh orainne, san Iarthar, bíodh baint againn leis an gcoimhlint sa mheánoirthear nó ná bíodh.

Mar sin féin, ní drochscéalta ar fad a bhí ann. Rinneadh dul chun cinn suntasach ó thaobh na gcearta daonna de i bPoblacht na hÉireann agus sna Stáit Aontaithe nuair a tugadh cearta pósta do lánúineacha den inscne céanna. D’éirigh le Aung San Suu Kyi, a chaith blianta fada ag troid i gcoinne na deachtóireachta ina tír dhúchais, Maenmar, réimeas míleata na tíre sin a chloí faoi dheireadh i dtoghchán daonlathach. I bPáras, d’aontaigh nach mór dhá chéad tír reachtaíocht stairiúil a chuirfidh srian le téamh na cruinne. Níl ann don scamall nach ligeann tríd corrgha gréine.