Súil ar chúrsaí spóirt na Gaeltachta

Breathnaíonn Tuairisc.ie ar na cúig scéal is mó a bhaineann le foirne Gaeltachta ón deireadh seachtaine seo caite

Tosaí Oileáin Árann, Patrick O’Donnell, a d’aimsigh cúilín sa bua in aghaidh Ghaeil na hAbhann Móire

Oileáin Árann gafa ar aghaidh go dtí cluiche ceannais Sóisear Chonnacht

Oileáin Árainn cáílithe do chluiche ceannais Chonnacht I ndiaidh dóibh buachan ar Ghaeil na hAbhann Móire, 4-18 in aghaidh 0-6, i bPáirc Markiewicz Dé Sathairn seo caite.

Ba léir sara i bhfad go raibh seampíní na Gaillimhe i bhfad rólaidir d’fhir Shligigh agus iad 1-11 in aghaidh 0-3 chun cinn ag leatham.

Rinne captaen fir na n-oileán, Peadar Éinne Seoighe, agus Mairtin Ó Goill scrios agus 1-5 agus 2-4 faoi seach acu.

Scóráil Oileáin Árann trí chúl sa cheathrú huaire deiridh ach bhí an cluiche buaite acu i bhfad roimhe sin. Tá siad ag dul ar aghaidh anois go dtí cluiche ceannais Chonnacht, áit a mbeidh Oileán Acla Mhaigh Eo nó Michael Glaveys Ros Comáin rompu.

An bua ag Bearna i gcoimhlint lán-Ghaeltachta

áit bainte amach ag Bearna i gcluiche ceannais Faoi-21 Iarthar na Gaillimhe agus farasbarr de chúilín amháin acu in aghaidh na Ceathrún Rua. Chríochnaigh an cluiche 0-12 in aghaidh 1-8 an Satharn seo caite agus tabharfaidh Bearna aghaidh ar Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach sa chluiche ceannais.

Bhuaigh an Cheathrú Rua Craobh Faoi-21 B Iarthar na Gaillimhe anuraidh ach theip orthu an cluiche ceannais a bhaint amach sa ghrád A i mbliana, cé gur scóráil Oisín Ó Gríofa 1-4 ar an lá. Agus iad taobh thiar le haon phointe amhain, bhuail an Cheathrú Rua an posta le cic saor in am cúitimh gortaithe. Thapaigh Jason Lyons ó Bhearna a dheis, áfach, nuair a d’aimsigh sé pointe na cinniúna sa chéad nóiméad d’am breise.

Michael Murphy
Tá Michael Murphy agus Gleann tSúilí ag iarraidh Craobh Peile Dhún na nGall a bhuachan don dara huair as a chéile. Pictiúr: INPHO/Kieran Murray

Caithfidh Ard an Rátha agus Naomh Conaill bualadh le chéile arís

Chríochnaigh an cluiche ceathrú ceannais i gCraobh Dhún na nGáll idir Ard an Rátha agus Naomh Conaill ar comhscór Dé Sathairn. Bhí Ard an Rátha cúig phointe chun cinn leath bealaigh tríd an dara leath ach theastaigh cic saor ó Breandán Mac Niallais sa nóiméad deireanach uathu chun an athimirt a ghabháil. Imreofar an cluiche sin ar an gCéadaoin agus tabharfaidh na buaiteoirí aghaidh ar Ghleann tSúilí sa chluiche leathcheannais. Bhí bua éasca ag foireann Michael Murphy in aghaidh an Tearmainn, 3-9 in aghaidh 0-4.

Sa chluiche leathcheannais eile, tabharfaidh Naomh Mícheál agus Naomh Adhamhnáin aghaidh ar a chéile tar éis dóibh buachan ar an gClochán Liath agus Na Ceithre Maistri faoi seach.

Declan O'Sullivan
Cé nach raibh laoch Chiarraí, Declan O’Sullivan, ar fáil ag Piarsaigh na Dromoda, bhuaigh siad cluiche leathcheannais Sóisir Chiarraí. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tagann Piarsaigh na Dromoda slán, fiú amháin gan Declan O’Sullivan

Ta Piarsaigh na Dromoda tríd go dtí cluiche ceannais Craobh Shoisir Chiarraí a bhuíochas lena mbua in aghaidh Dubháth ag an deireadh seachtaine. Ní raibh Declan O’Sullivan, iarchaptaen Chiarraí, ar fáil ag na Piarsaigh ach bhí siad fós in ann an ceann is fearr a fháil ar a céilí comhraic, 1-8 in aghaidh 0-9. Is é Seán O’Shea a fuair an cúl tábhachtach tar éis 18 nóiméad den chéad leath. Bhí fear eile a bhuaigh Craobh na hÉireann le Ciarraí i mbliana, Anthony Maher, ag imirt do Dubháth ach ní raibh seisean in ann a fhoireann a thabhairt slán. Tabharfaidh Piarsaigh na Dromoda aghaidh ar Ghleann Beithe-Gleann Charthaigh nó Brosnach sa chluiche ceannais.