€1,000 le cur ar fáil do chlubanna CLG chun úsáid na Gaeilge a spreagadh

Beidh ar na clubanna atá ag iarraidh a bheith páirteach ar a laghad imeacht amháin in aghaidh na míosa a eagrú ar feadh deich mí

€1,000 le cur ar fáil do chlubanna CLG chun úsáid na Gaeilge a spreagadh

Tá deontais suas le €1,000 le cur ar fáil do chlubanna Chumann Lúthchleas Gael ar mian leo labhairt na Gaeilge a spreagadh i measc bhaill an chlub.

Tá an scéim, atá á reáchtáil ag Cumann Lúthchleas Gael i gcomhpháirt le Glór na nGael, dírithe ar theaghlaigh atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

Beidh ar na clubanna atá ag iarraidh a bheith páirteach sa scéim ar a laghad imeacht amháin in aghaidh na míosa a eagrú ar feadh deich mí.

Tá an maoiniú á chur ar fáil ag Glór na nGael faoin scéim Teanga Tí agus iad ag iarraidh cur leis an obair atá á déanamh mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael.

“Bíonn Glór na nGael ag obair lámh ar lámh le clubanna CLG timpeall na tíre leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus ba mhór linn an comhoibriú seo le clubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a dhaingniú tríd an scéim Teanga Tí,” a dúirt an eagraíocht teanga.

Ní chuirfear an t-airgead ar fáil ach do chlubanna atá ag glacadh páirt san Fhondúireacht. Chun deontas a fháil, caithfidh clubanna a chinntiú go bhfuil ar a laghad cúig theaghlach sásta páirt a ghlacadh sna himeachtaí a eagraítear agus go mbeidh ar a laghad páiste amháin as gach teaghlach a bheidh san aoisghrúpa céanna.

Íocfar 70% den deontas ag tús na scéime agus an 30% eile ach a mbeidh tuairisc faoi na himeachtaí faighte ag Glór na nGael ag an deireadh. Deir Glór na nGael go mbeidh oifigigh forbartha ar fáil le comhairle a chur ar fáil d’aon chlub atá ag iarraidh cur isteach ar an scéim.

Iarrtar ar chlubanna ar spéis leo cur isteach ar an scéim foirm iarratais a líonadh isteach faoin 9 Meán Fómhair 2021.

Fág freagra ar '€1,000 le cur ar fáil do chlubanna CLG chun úsáid na Gaeilge a spreagadh'