Straitéis náisiúnta nua le hullmhú do gteiceanna, beagnach leath de na suíocháin gan líonadh

55% de na suíocháin i moil dhigiteacha Údarás na Gaeltachta a  úsáideadh anuraidh agus ní raibh ach 33% de na spásanna oibre i nDún na nGall lán

Straitéis náisiúnta nua le hullmhú do gteiceanna, beagnach leath de na suíocháin gan líonadh

Tá straitéis nua náisiúnta á hullmhú ag Údarás na Gaeltachta dá gteiceanna tráth a léiríonn figiúirí nua go raibh beagnach leath de na suíocháin i moil dhigiteacha na Gaeltachta folamh anuraidh.

De réir na bhfigiúirí nua atá faighte ag Tuairisc, 55% de na suíocháin, nó spásanna oibre, sna moil dhigiteacha sa Ghaeltacht a bhí in úsáid in 2023.

865 suíochán, nó spás oibre lánaimseartha agus páirtaimseartha, a bhí ar fáil anuraidh sa 26 gteic atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus bhí 476 duine cláraithe le dul ag obair iontu. 87 comhlacht ar fad a bhain úsáid as na gteiceanna anuraidh.

Léiríonn na figiúirí gur folamh a bhí os cionn dhá thrian de na spásanna oibre i gteiceanna Ghaeltacht Dhún na nGall in 2023 agus gan ach 137 den 413 suíochán, nó 33%, á n-úsáid.

I gteic Ghaoth Dobhair, an gteic is mó sa tír, ní raibh ach 87 den 300 spás oibre ann in úsáid anuraidh, nó 29% den iomlán.

Sa Daingean i gCorca Dhuibhne a bhí an céatadán is ísle de na suíocháin in úsáid.

Duine amháin a bhí ag obair sa gteic sa Daingean in 2023, áit a raibh 16 suíochán ar fáil.

De réir na bhfigiúirí, 126 duine a bhí ag obair in gteiceanna Mhaigh Eo mar a raibh 137 suíochán san iomlán. D’fhág sin go raibh 92% de na suíocháin in úsáid i nGaeltacht Mhaigh Eo, an céatadán is airde.

Bhí 145 duine ag obair sna gteiceanna i nGaeltacht na Gaillimhe anuraidh. 203 suíochán a bhí ar fáil i gteiceanna na Gaillimhe, rud a fhágann go raibh 71% de na suíocháin iontu á n-úsáid.

Bhí 68 duine ag obair sna sé gteic atá lonnaithe i gCiarraí agus i gCorcaigh agus áiteanna ann do 112, rud a d’fhág go raibh 61% de na suíocháin in úsáid ó dheas.

Tá éagsúlacht an-mhór ann i dtaobh acmhainní is méid agus an infheistíocht atá déanta sna moil dhigiteacha, a bunaíodh le fiontraithe nua a spreagadh agus a mhealladh chun na Gaeltachta. Tá seirbhís mhaith leathanbhanda ar fáil i ngach gteic agus é mar aidhm acu freastal ar dhaoine atá ag obair ó chian agus ag maireachtáil sa Ghaeltacht.

Líon na suíochán agus na ndaoine atá ag obair sna gteiceanna sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. (Figiúirí Údarás na Gaeltachta)

As an 26 mol digiteach sna ceantair Ghaeltachta ar fad, tá ocht gcinn lonnaithe i nDún na nGall, ocht gcinn atá i nGaillimh, cúig cinn atá i Maigh Eo, ceithre cinn atá i gCiarraí agus tá dhá gteic i gCorcaigh.

Tá ceithre shuíochán deasc shealaíochta ar fáil sa gteic is lú sa tír, i nGaoth Sáile i Maigh Eo. Tá roinnt eile ina bhfuil sé shuíochán ar fáil, gteic Chorrán Buí i Maigh Eo, gteic Inis Mór agus gteic Bhaile an Sceilg i gCiarraí.

Beirt a bhí ag obair i roinnt gteiceanna anuraidh, in Inis Mór agus Corr na Móna i nGaillimh, ar an Chorrán Buí i Maigh Eo, in Árainn Mhór i nDún na nGall agus i gCléire i gCorcaigh.

I roinnt de na gteiceanna, i mBéal an Mhuirthead, Maigh Eo, ar an Cheathrú Rua i gConamara agus i mBaile an Sceilg i gCiarraí mar shampla, bhí níos mó daoine ag obair sna gteiceanna sin ná mar a bhí spásanna oibre ann mar go mbíonn spásanna oibre á roinnt idir níos mó ná duine amháin.

Mar mhíniú air sin, dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn córas “sealobair” i bhfeidhm ag roinnt cliant dá gcuid atá lonnaithe i gteiceanna agus go mbíonn daoine ag obair sna gteiceanna mar chuid de chóras oibre “hibrideach”.

Sa chás nach mbíonn daoine ar an láthair ar bhonn lánaimseartha, bíonn na spásanna oibre sin comhroinnte, a dúradh.

Dúirt urlabhraí de chuid Údarás na Gaeltachta go raibh straitéis nua á forbairt do na gteiceanna faoi láthair.

Dúirt an t-urlabhraí go mbeidh moltaí á ndréachtú ag grúpa oibre de chuid an Údaráis maidir le forbairt na gteiceanna agus go gcuirfear na moltaí sin faoi bhráid Bhord Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana.

Fág freagra ar 'Straitéis náisiúnta nua le hullmhú do gteiceanna, beagnach leath de na suíocháin gan líonadh'