Céard a bhí ar bun aici? Sin í an cheist – An Státrúnaí Bradley faoi chuing

Tá Karen Bradley ar a dícheall ag iarraidh aon bheart nach dtaitneodh leis an DUP a sheachaint. Sin é an realpolitik...

Céard a bhí ar bun aici? Sin í an cheist – An Státrúnaí Bradley faoi chuing

“Ní féidir liom brú a chur ar dhá pháirtí daoine fásta glacadh le téarmaí réitigh. Iad féin a chaithfidh comhaontú a dhéanamh,” arsa Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Karen Bradley. Ní chuirfeadh sí spriocdháta le haghaidh fuascailt na sáinne i Stormont i bhfeidhm ach an oiread a dúirt an Státrúnaí tar éis a cuairte ar Washington an tseachtain seo caite.

Ní hé a gnó brú a chur ar na páirtithe, ar sí, ach a bheith ina háisitheoir.

Dearcadh suimiúil. Admháil, seans ar leagan amach rialtas na Breataine ó tá na Tóraithe ag brath ar an DUP chun fanacht i gcumhacht. Bheadh sé contúirteach an chuing a bhriseadh.

Thug an Státrúnaí Bradley an chluas bhodhar do mholadh an Taoisigh, Leo Varadkar, faoi chainteanna nua i Stormont i ndiaidh na Cásca. Mhol an Taoiseach go mbeadh teorainn ama le cainteanna nua agus, mura ndéanfaí margadh go bhfoilseodh an dá rialtas a bhfoirmle réitigh féin.

Thug ceannaire an DUP Arlene Foster an t-eiteachas as éadan do mholadh an Taoisigh agus dúirt gur dhána an mhaise do Leo Varadkar a bheith ag cur a ladhair i ngnóthaí inmheánacha Thuaisceart Éireann. Ní raibh an Státrúnaí Bradley chomh drochmheasúil sin faoi smaoineamh an Taoisigh ach ní raibh aon ghlacadh aici leis. “Nílimid ag iarraidh spriocdhátaí, baic ná constaicí a chur sa mbealach ar na páirtithe,” a dúirt sí.

Níorbh ionann sin agus a rá go raibh sí díomhaoin agus i muinín an dóchais amháin, ar sí. Céard a bhí ar bun aici? Sin í an cheist. Thabharfadh sí ‘cuairt’ ar Thuaisceart Éireann an tseachtain seo. Chun labhairt le páirtithe, is dócha. Dúirt sí cheana go mbeadh sí i mbun machnaimh agus ag dul i gcomhairle le daoine. Ach cé is moite de bhuiséad agus cúpla ionstraim airgeadais níl tada le feiceáil.

Tá an bhearna idir an dá rialtas le feiceáil go soiléir, áfach. I measc na nithe a ndúirt Bradley go ndéanfadh sí a machnamh fúthu tá an t-éileamh ó náisiúnaithe ar thoscaire speisialta ó Mheiriceá. D’iarr an Tánaiste, Simon Coveney ar Rex Tillerson, nuair a bhí sé fós ina Rúnaí stáit i Washington toscaire ardchumais a cheapadh. Gheall Tillerson go ndéanfadh agus maíodh thall an tseachtain seo caite go raibh liosta ainmneacha á scrúdú. Tá mé ag breathnú air sin, arsa Bradley.

Díol suntais ab ea é, áfach, nár thacaigh sí leis an éileamh. Ní raibh sí cinnte gurbh fhiú é. Ábhar eile a gcaithfeadh sí machnamh a dhéanamh faoi, ar sí. Níor mhór diansmaoineamh a dhéanamh faoin ról a bheadh ag toscaire, dar léi. Ról eacnamaíochta, b’fhéidir, a dúirt sí. “Níor cheart talamh slán a dhéanamh de,” arsa an Státrúnaí, “go mbeadh rath ar thoscaire anois –toisc gur éirigh le toscairí cheana. Ní mór déileáil leis an bhail atá orainn inniu”.

Níl aon amhras ach go bhfuil drochbhail orainn inniu. Ach ní haon leigheas air sin easpa gnímh. Tá baol ann nach mian leis an DUP an tsáinn a fhuascailt nó go mb’fhéidir nach bhfuil siad in ann ag an dúshlán. Tá siad i bhfad níos tógtha le Westminster ná Stormont faoi láthair agus an chontúirt ann nach n-athróidh a bport fad is atá an Tionól gan scor. Tá Sinn Féin tógtha leis an bhfiontar ó dheas agus iad ag baint leasa as an nguagacht a bhaineann leis an mBreatimeacht. Anuas air sin, i bhfianaise na praisí san DUP faoin margadh/dréachtmhargadh nach ndearnadh/a ndearnadh, tá Sinn Féin ag ceistiú ábaltacht an DUP le haghaidh idirbheartaíochta; cé aici/aige a bhfuil an t-údarás san DUP chun margadh a dhéanamh, a deir siad.

Is ar an dá rialtas atá freagracht dhlíthiúil, i gconradh idirnáisiúnta, an Comhaontú a chaomhnú. Is orthu atá an dualgas gníomhú nuair atá an Comhaontú sin á lagú agus á chur as a riocht. Is áisitheoirí iad, mar a thug Karen Bradley uirthi féin. Ach ní hin amháin atá mar chúram orthu. Tá Karen Bradley ar a dícheall ag iarraidh aon bheart nach dtaitneodh leis an DUP a sheachaint. Sin é an realpolitik – tá marthain rialtas Theresa May níos práinní ná rialú cuí ar Thuaisceart Éireann. Gan dabht, tá cúraimí troma ar rialtas na hÉireann faoi láthair sa bhaile agus san Eoraip ach dúshlán mór dóibh is ea pairilis na Breataine i leith an Chomhaontaithe, déanfar diantástáil orthu.

Fág freagra ar 'Céard a bhí ar bun aici? Sin í an cheist – An Státrúnaí Bradley faoi chuing'