SRAITH PICTIÚR: Comhoibriú an Phobail

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, ag scríobh agus ag caint:

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura mbíonn tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3.

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint:

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag cur síos ar bhosca 6.
  • Tá roinnt focal/nathanna thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 4 – bí ag léamh:

  • Léigh an cur síos thíos ar an SP.

Gníomhaíocht 5 – bí ag éisteacht:

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an SP.
  • Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna, más maith leat.

Gníomhaíocht 6 – ciorcal comhrá:

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine ina aice leat. Ansin déanfaidh an duine sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtithe éagsúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 7 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag cur síos ar an SP. Tá uirlis taifeadta le fáil ar bharr an leathanaigh, ar chlé.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile. 

Gníomhaíocht 8 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte is féidir é a chuardach san uirlis foclóra. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Foclóirí’ atá ar bharr an leathanaigh ar chlé. 

Gníomhaíocht 9 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi fhadhbanna sa bhaile is gaire duit.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: coiriúlacht, fadhb an bhruscair, easpa áiseanna; déan moltaí, an tionchar a bhíonn ag na fadhbanna seo ar mhuintir an bhaile, a ndéanfá féin dá mbeadh milliún euro agat le caitheamh.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Comhoibriú an Phobail

1. Mí Eanáir seo caite shiúil Máire agus Síle síos Sráid an Mhargaidh.
Bhí an áit chomh salach le cró muice.
Chuir sé déistin orthu.
Níorbh aon iontas nach raibh duine ná deoraí le feiceáil.
Chinn siad rud éigin a dhéanamh faoi.

2. D’eagraigh siad cruinniú poiblí le comhairle a fháil ón bpobal. D’fhreastail slua maith daoine ar an gcruinniú.
Dúirt Máire go gcaithfeadh siad rud éigin a dhéanamh faoi thimpeallacht an bhaile.
Tháinig go leor moltaí ón slua.
Ceann acu ab ea go n-eagrófaí lá glantacháin.

3. Eagraíodh lá glantacháin an Satharn ina dhiaidh sin.
Rinne siad obair na gcapall ó dhubh go dubh.
I ndeireadh an lae bhí an tsráid chomh glan le scilling.
Bhí siad an-bhródúil as an obair a bhí déanta acu.

4. Ina dhiaidh sin rinne siad cinneadh tuilleadh imeachtaí a eagrú ar mhaithe leis an bpobal.
Eagraíodh oíche cheoil do sheanóirí an bhaile.
Ceapaim gur bhain siad an-sult as.
D’eagraigh na Gardaí  Síochána oíche eolais faoi chúrsaí slándála. Chabhraigh sin le fadhb na coiriúlachta a leigheas.

5. Bhí an pobal ag dul ó neart go neart.
Tosaíodh ranganna oíche sa scoil áitiúil.
D’fhreastail go leor daoine orthu.
Thaitin na ranganna cócaireachta go mór le daoine.
Bhí an-fhreastal ar na ranganna ríomhaireachta agus garraíodóireachta chomh maith.

6. Tugadh aitheantas faoi leith don bhaile i gcomórtas na mBailte Slachtmhara.
Dúirt na moltóirí gurbh iad an baile ba mhó feabhas.
Bronnadh seic €2,500 ar Mháire agus Síle.
Bhí siad an-bhródúil as an méid a bhí bainte amach ag an mbaile.
“Ní neart go cur le chéile,” a dúirt siad.

  1. Cad iad na moltaí a bhí ag an slua? (bosca 2)
  2. Cé atá ag caint leis an slua i mbosca 4?
  3. Luaigh rud amháin a bhí sna ranganna oíche (bosca 5)

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Comhoibriú an Phobail'