SRAITH PICTIÚR: Gaisce

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith...

SRAITH PICTIÚR: Gaisce

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

 

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Gníomhaíocht 4 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 5 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 6 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 7 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht8 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 9 – céard fút féin?

  • Cad é an rud is fearr ar ghlac tú páirt ann go dtí seo i do shaol scoile?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
    Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan cur síos ar cad a bhí taitneamhach fiú, cuir tuairimí agus mothúcháin in iúl, tabhair moladh.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

 


Gaisce

(Téacs an fhíseáin)

1. Mí Mheán Fhómhair seo caite chonaic Seán, Pól agus Máire fógra faoin Duais Gaisce.
Comórtas de chuid an Uachtaráin é an Duaise Gaisce.
Chuir siad an-spéis sa bhfógra.
Bheartaigh siad go dtabharfadh siad faoi.

2. Chuaigh siad chun cainte leis an múinteoir a bhí ag plé leis an Duais Gaisce lena spéis a léiriú.
Bhí sí an-sásta go raibh siad chun tabhairt faoi.
Mhínigh sí go díreach cad a bhí i gceist.
Dúirt sí go dtabharfadh sí lámh chúnta dóibh.

3. Mar chuid den duais bhí orthu scileanna nua a fhoghlaim.
Rinne Seán iarracht an fheadóg a sheinm.
“Cleachtadh a dhéanann máistreacht,” a dúirt sé leis féin.
Ghlac Pól páirt i ndráma agus d’fhoghlaim Máire scileanna ríomhaireachta.
Rinne siad ar fad obair na gcapall.

4. Ina dhiaidh sin bhí orthu dul amach agus obair shóisialta a dhéanamh.
Chinn siad lámh chúnta a thabhairt sa teach altranais áitiúil.
Bhí na seanóirí agus muintir an tí an-bhuíoch díobh.
Nuair a bhí siad ag fágáil thug siad bronntanas do na seanóirí.
Bhain siad an-taitneamh agus tairbhe as an tréimhse sa teach altranais.

5. Ina theannta sin bhí orthu páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt.
Théadh Máire ag rith ag breacadh an lae.
Bhíodh Seán ag dreapadóireacht agus Pól ag snámh.
Cé go mbíodh siad tuirseach, traochta, tnáite mhothaigh gach duine acu chomh folláin le breac.

6. Ar deireadh bhí orthu turas thar oíche a dhéanamh.
Chuaigh siad go hionad eachtraíochta agus rinne siad siúlóid an-fhada.
Cúpla mí ina dhiaidh sin bhí an bronnadh ag tarlú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Bhronn an tUachtarán na duaiseanna orthu.
Bhí clab go cluasa orthu ar fad.

Ceisteanna:

  • Cá bhfuil na scoláirí ag obair i mBosca 4?
  • Cad iad na scileanna atá i gceist i mBosca 3?
  • Cad atá scríofa ar an bhfógra i mBosca 1?