Sraith peile fantaisíochta na nGael! Duaiseanna le buachan!

Glacaigí páirt i sraith peile fhantaisíochta sacair Tuairisc.ie!

Sraith peile fantaisíochta na nGael! Duaiseanna le buachan!

An tú an saineolaí sacair is eolaí i measc na nGael? Glac páirt i sraith peile fantaisíochta sacair Tuairisc.ie!

Tá sraith peile fantaisíochta cruthaithe arís ag Tuairisc.ie agus cuireadh á thabhairt againn dár léitheoirí páirt a ghlacadh ann. Beidh duais bhreá againn do bhuaiteoir na sraithe agus bronnfar duaiseanna eile ó thráth go chéile le linn an tséasúir ar dhaoine a dhéanann gaisce. Ba é James Gillespie agus a fhoireann Freestylers a bhuaigh sraith Tuairisc.ie an séasúr seo caite.
Mar sin, má cheapann tú go bhfuil ábhar bainisteora ionat agus go bhféadfá dúshlán James a thabhairt i mbliana, ní gá ach na treoracha seo a leanúint:
1. Téigh go dtí fantasy.premierleague.com
2. Cláraigh d’fhoireann
3. Úsáid an cód 927641-246866 chun páirt a ghlacadh i sraith Tuairisc.ie
Má tá foireann cláraithe cheana agat, oibríonn an cód céanna chun clárú le sraith Tuairisc.ie
Go n-éirí go geal libh, agus scaipigí an scéal!
Le meas (go fóill!),
Bainisteoirí Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Sraith peile fantaisíochta na nGael! Duaiseanna le buachan!'