LEABHAIR
Dhá leabhar nua le Eoghan Mac Cormaic á seoladh
Seolfar dhá leabhar nua ó pheann an údair Eoghan Mac Cormaic i mí Feabhra ag imeachtaí i mBaile Locha Riach agus i mBéal Feirste.
An chéad leabhar acu a seolfar ná an t-úrscéal Buataisí Dearga a bheidh á sheoladh i mbialann Slow Roast i mBaile Locha Riach ar an Aoine an 13 Feabhra. Is é an tOllamh Breandán Mac Suibhne a sheolfaidh an t-úrscéal atá suite i nDoire agus Dún na nGall agus a insíonn scéal faoi theaghlaigh éagsúla, ó Dhoire go hAlbain, an Fhrainc, an Iodáil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Gaeilge Locha Riach atá ag óstáil na hócáide agus beidh Pop-Up Gaeltacht ar siúl i Morrisey’s tar éis an tseolta.
Beidh an dara leabhar, Beart le Briathar, á sheoladh in Óstán an Europa i mBéal Feirste le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar an Aoine an 20 Feabhra ag a 6pm. Is é an t-iriseoir agus polaiteoir Máirtín Ó Muilleoir a sheolfaidh an saothar nua atá mar chuid de shraith leabhar le Mac Cormaic a scrúdaíonn gnéithe d’fheachtais phríosúin. An scéal ón taobh amuigh atá faoi chaibidil agus iniúchadh déanta ar an ról a d’imir Conradh na Gaeilge i bhfeachtais chearta teanga agus cearta daonna ar son cimí polaitiúla ó 1971-2000.
AMHARCLANNAÍOCHT

Dráma do pháistí le Branar in Amharclann Chois Fharraige
Beidh an dráma Scéal Lae á chur ar stáitse ag an gcomhlacht téatair do dhaoine óga, BRANAR, in Amharclann Chois Fharraige ar an 7 Feabhra ag 2.30pm. Léiriú 40 nóiméad atá ann atá feiliúnach do pháistí atá ceithre bliana d’aois agus níos sine. Is é Eoin Ó Dubhghaill agus an Contempo Quartet a léirigh an seó agus é á chur i láthair mar chuid de chomhthogra idir Branar agus MusicConnects.
Taispeántas beo atá ann agus gealltar scéal lán ceoil faoi lá i saol páiste a cheiliúrann an gnáthrud. Tá ceol beo, scéalaíocht bhríomhar agus beochan spleodrach le Mary Murphy geallta. Is é Tom Lane a chum an ceol.
Is gá ticéid a chur in áirithe roimh ré. Tá €10 ar na ticéid. Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.
TEILIFÍS
‘An Saol Mar Atá’ – sraith nua le Síle Seoige ar TG4
Cuirfear tús le sraith nua le Síle Seoige, ‘An Saol Mar Atá’, ar TG4 Dé Céadaoin an 11 Feabhra ag 9.30pm. Léirithe ag Tyrone Productions, scrúdaíonn an tsraith tógáil clainne, an imní agus an bhulaíocht, agus na dúshláin mhóra atá romhainn mar shochaí chomhaimseartha.
Sa chlár Tógáil Clainne, breathnaíonn Síle ar ról an tuismitheora le Siún Ní Dhuinn agus Evanne Ní Chuilinn, agus tugann Orla O’Connor ó Chomhairle Náisiúnta na mBan léargas ar ghéarchéim an chúraim leanaí. Tugann Síle cuairt freisin ar Niamh Ní Bhroin san Iorua chun an córas ansin a chur i gcomparáid leis an gcóras in Éirinn. Sa dara clár, Imní, fiosraíonn Síle an t-ábhar trína heispéiris féin agus trí chomhráite le cainteoirí éagsúla, ina measc an tOllamh Ian Robertson, Meghann Scully agus Conall Mac Dhonnagáin. Scrúdaítear an imní ó dhearcthaí éagsúla,.
Sa chlár deireanach, Bulaíocht, pléann Síle agus a cuid aíonna an bhulaíocht, go háirithe ar líne.
FÉILTE

Féile dhátheangach Tonnta i nGaillimh an deireadh seachtaine seo
Cuireadh tús ar an Déardaoin leis an bhféile dhátheangach Tonnta i nGaillimh agus leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Déanann an fhéile ceiliúradh ar an dátheangachas sa gcathair trí cheol, drámaíocht, ceardaíocht agus neart eile.
I measc na mbuaicphointí, beidh Tionscadal Taylor Swift: Sreang Dhofheicthe ar stáitse in Amharclann Halla na Cathrach ar an Satharn, tráth a gcuirfidh Róisín Seoighe x IMLÉ amhráin Taylor Swift i láthair, traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock, le haoi-amhránaí Jessie Dingle agus íomhánna le Margaret Lonergan.
San oíche Dé Sathairn, in Amharclann Mick Lally, cuirfidh an compántas, Téigh Síos, oíche cheoil agus ealaíne tumtha i láthair le Final Animal.
Níos túisce sa lá san ionad céanna ó mheán lae go dtí 4pm beidh ‘Telling the Story of Naomh Bríd’, imeacht lae saor in aisce a thabharfaidh le chéile ceardlanna ceardaíochta traidisiúnta, drumadóireacht, scéalaíocht agus deasghnátha pobail mar chuid de cheiliúradh na Féile Bríde.
Ag am lóin Dé Sathairn, beidh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag casadh ceoil in Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire le taobh sheanbhallaí na cathrach.
Cuirfear clabhsúr le himeachtaí an tSathairn le ‘Mórshiúil Beoga san Oíche’, ó Lána Druid go dtí Clós Eaglais San Nioclás ag tosú ag 5.30pm. Beidh ceol, rince, bodhránaíocht agus taispeántas tine ann.
Tá clár na féile agus ticéid le fáil anseo.
Daonscoil na Mumhan 2026 oscailte d’áirithintí
Beidh Daonscoil na Mumhan 2026 ar siúl i gColáiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise, ón 9-14 Lúnasa, agus táthar ag glacadh le háirithintí oscailte. Téama na bliana seo na ‘Ag Caomhnú na hOidhreachta’ agus tá clár saibhir cultúir agus foghlama geallta, ag áireamh ranganna amhránaíochta, filíochta agus Gaeilge, léachtaí laethúla, ceardlanna ealaíne agus grianghrafadóireachta, ióga, ciorcail chomhrá, ceol agus siamsaíocht oíche.
Tuilleadh eolais agus clárú anseo.
SCANNÁIN
Séasúr an Earraigh le Club Scannán Sailearna
Cuireadh tús an tseachtain seo le séasúr an earraigh le Club Scannán Sailearna a bhíonn ar siúl in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna). Taispeántar scannán tráthnóntaí Déardaoin ag 8:15pm agus 11 scannán atá san áireamh mar chuid den séasúr seo, tá €40 ar an séasúr nó €10 ar scannán amháin.
Beidh Palestine 36 le feiceáil Déardaoin, 5 Feabhra. Cur síos atá sa scannán seo ar laethanta tosaigh Éirí Amach na nArabach Palaistíneach (1936–39) in aghaidh choilíneachas na Breataine. An tseachtain dár gcionn taispeántar Souleymane’s Story, a insíonn scéal Souleymane, fear óg a thug na cosa leis as an nGuine go dtí an Fhrainc. Is geall leis na flaithis a shaol nua, ach tá an t-agallamh tearmainn ag teannadh leis agus é ite ag an imní.
I measc na scannán eile a bheidh le feiceáil i rith an tséasúir, beidh an scannán nua Gaeilge, Aontas, stiúrtha ag Damien McCann. Sa scannán seo a thugann insint chruthaitheach ar scéal robála, téann triúr ‘gadaithe’ i gcomhpháirt le chéile le Comhar Creidmheasa beag a robáil.
Beidh roghanna spéisiúla eile le feiceáil i rith an tséasúir agus scannáin nua le feiceáil ó thíortha ar fud an domhain, ina measc, An Túinéis, An Fhrainc, an Iaráin, An Chóiré Theas, an Iorua agus an Bheilg.
Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.
Fág freagra ar 'Sraith nua le Síle Seoige ar TG4, dhá leabhar nua le Eoghan Mac Cormaic, Daonscoil na Mumhan oscailte d’áirithintí, Féile Tonnta i nGaillimh, Club Scannán Sailearna, Scéal Lae le Branar'