Fíric spéisiúil ón tsíceolaíocht – tá sé ar bharr m’aigne agam ó bheith ag ceartú colún faoin teiripe chaidrimh le breis agus cúig bliana anuas – ná go bhfuil cóimheas thart ar 5:1 idir eispéiris dhiúltacha agus eispéiris dhearfacha maidir leis an gcaoi a dtéann siad i bhfeidhm ar an duine.
Má dhéanann duine éigin feall ort, bíonn tionchar timpeall is cúig uaire níos láidre
aige sin ort ná nuair a bhíonn duine go deas leat.
Sin é an fáth go dtógann sé a cúig oiread ama caidreamh a tharrtháil ná mar a
thógann sé caidreamh a mhilleadh. Is féidir muinín ar thóg sé na blianta ort í a chothú a chailleadh d’aon iarraidh amháin.
Tá an caidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an Eoraip millte ag Trump, tá sé chomh simplí leis sin. Ba é scéal na Graonlainne buille maraithe na muice.
Ach fearacht go leor leannán, is léir nach dtuigeann Trump nach leor a intinn a athrú le cúrsaí a chur ina gceart arís tar éis an fhill.
Go deimhin, dá mhéid u-chastaí a
dhéanfaidh sé is lú an mhuinín a bheidh ag an gcuid eile den domhan as.
An tseachtain seo, dúirt ardrúnaí NATO, Mark Rutte (an fear, is dóichí ná a mhalairt, a bhí taobh thiar d’athrú intinne Trump maidir le scéal na Graonlainne) nach mbeidh ar chumas na hEorpa go brách a bheith neamhspleách ó na Stáit Aontaithe maidir le cúrsaí cosanta de.
Ach déarfadh sé sin, nach ndéarfadh?
Chaillfeadh sé féin a phost dá dtitfeadh an tóin as NATO.
Ach tá an dochar déanta. Tá an caidreamh millte agus an mhuinín caillte, agus b’fhiú
go mór do mhuintir na hEorpa tarraingt le chéile agus cúrsaí cosanta a eagrú ar bhonn Eorpach a luaithe agus is féidir – i gcomhpháirt le Ceanada, más féidir sin ar chor ar bith.
Idir an dá linn tá an caidreamh idir Trump agus muintir Mheiriceá féin ag dul ó mhaith freisin. De réir pobalbhreitheanna a d’fhoilsigh The New York Times an tseachtain seo tá leibhéal tacaíochta Trump chomh híseal le 35 faoin gcéad faoi láthair, agus gan amhras tá baint nach beag aige sin le lámhach Alex Pretti ag póilíní ICE i gcathair Minneapolis Dé Sathairn.
Tá na Meiriceánaigh sin atá ag seasamh an fhóid don daonlathas agus do na cearta
daonna i léirsithe ar fud na Stát le moladh, ach ábhar imní an líon acu a mbíonn a n-aghaidh clúdaithe acu le scaifeanna, hataí agus spéaclaí gréine, líon atá ag dul i méid
go soiléir más fianaise na tuairiscí teilifíse agus eile.
Ar chúis éigin ní dóigh liom gurb é an brat sneachta a thit i Meiriceá Thuaidh le seachtain anuas is cúis leis sin.
Sinéad de Róiste
Bú hú. Nach cuma leis an Eoraip?
Jacko
Díol suime ar fad é sin faoin tionchar diúltach agus dearfach a imríonn eispéiris áirithe ar aigne an duine.
Geiteann an drochbheart ó thalamh is ó bhonn thú, tá stangadh agus nimh ann agus tagann sé aniar aduaidh ort.
Ní bhíonn tú ag súil leis.
Mar sin is éifeachtaí é, gan amhras, agus is ansin atá an treascairt is mó
óir ‘ní in am a bhraitear an feallaire’.
Agus is fíor duit nach leor an t-athrú intinne mar ‘is fada anonn a théann iarsma an drochbhirt’.
Bíonn agus beidh cuimhne na nglún ar an bhfaltanas (‘sean-fhaltanas’) sin, i bhfios nó i nganfhios (Iosrael/Gaza etc), milleann sé saol agus aigne na ndaoine ar go leor bealaí agus cuireann an caidreamh eatarthu bunoscionn nó ar ceal ar fad.
Cuireann sé nimh sna toibreacha.
Má dhéanann tú éagóir ar do mhadra, mar shampla, (nó ainmhí ar bith) caolóidh sé leis amach an doras uait agus ní thabharfaidh sé iontaoibh leat go deo aríst nó ní fheicfidh tú go deo aríst é.
Mar a chéile ag an nduine é, díreach glan.
Ach tá rogha againne daoine ‘daonna’;
an droch-intinn agus an nimh a chothú inár mbolg istigh (cén fáth?) nó an t-olc a sciomradh agus a sciúradh amach aisti agus é a fhógairt in ainm an diabhail.
An t-iontas is scéiniúla ar fad, áfach, a liacht duine a roghnaíonn an t-Olc in ionad an Mhaith a dhéanamh.
Agus is ROGHA é.