Sos samhraidh Stormont – go leor fágtha le déanamh

Ce nár aontaigh Sinn Féin agus an DUP gur cheart reachtaíocht a athrú chun nach bhféadfadh páirtí amháin an córas ar fad a leagan, tá sé le tuiscint go gcreideann siad nárbh é a leas siúl amach arís

Sos samhraidh Stormont – go leor fágtha le déanamh

Bóthar an A5, Páirc Mhic Easmainn, Athchóiriú na seirbhíse sláinte, Scolaíocht do pháistí le riachtanais speisialta…

Ba iad sin na hábhair a luaigh daoine ar an tsráid maidir le Stormont a chuaigh ar shos an tsamhraidh an deireadh seachtaine seo go ceann dhá mhí.

Ní moladh a bhí ar siúl. Fadhbanna nár réitíodh agus nach raibh coinne ag éinne lena bhfuascailt go luath a bhí i gceist. Cuir leis an liosta sin straitéis na Gaeilge agus ceapadh na gCoimisinéirí Teanga. Cuir leis freisin an straitéis in aghaidh an bhochtanais a ndeir saineolaithe gurbh fhearr í a chaitheamh i dtraipisí agus tosnú arís as an nua.

Ó d’fhill na Teachtaí ar Stormont thart ar 500 la ó shin bhí íomhá níos dearfaí ag an bhFeidhmeannas ná a bhí le fada. Bhí an Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill Shinn Féin agus Emma Little Pengelly an CDUP ar an bport céanna formhór an ama. Bhí teannas le tabhairt faoi deara le déanaí áfach. Ní fada ó dúirt an Chéad-Aire gur cheart don Aire Pobal, Gordon Lyons, DUP, éirí as oifig.

Dhiúltaigh sé agus ní raibh aon chaint ar an achrann ó shin ach níl sé ligthe i ndearmad. Bhain an chonspóid áirithe sin leis na círéibeacha ciníocha a bhris amach an mhí seo caite ach ní áibhéil é a rá go bhfuil difríochtaí bunúsacha idir tosaíochtaí an dá phríomhpháirtí, Sinn Féin agus an DUP.

Comhartha sóirt ar an deighilt is ea Páirc Mhic Easmainn. Togra suaitheanta de chuid Shinn Fein is ea atógáil staid Chumann Lúthchleas Gael in iarthar Bhéal Feirste ach tá an DUP patuar nó doicheallach faoi. Ina theannta sin, bhíothas ag súil le fógra ó Oifig an Fheidhmeannais faoi cheapadh na gCoimisinéirí Teanga roimh bhriseadh an tsamhraidh. Níor tharla. Ní raibh aon amharc ach an oiread ar straitéis na Gaeilge agus An Dream Dearg ag dul ar ais chun cúirte, den tríú huair, chun iachall a chur ar aire an DUP an obair a dhéanamh.

Buille mór don bhFeidhmeannas, don Roinn Infreastruchtúir go sonrach agus d’airí Shinn Féin ab ea rialú cúirte le déanaí nach raibh an plean d’uasghrádú an A5, ‘an bóthar is contúirtí in Éirinn’, ag teacht leis na spriocanna neodracht charbóin a d’aontaigh an Tionól i reachtaíocht in 2022. Ní fios cad atá i ndán don togra sin a bhfuil airgead faofa dó ó dhá thaobh na teorann chun an taisteal idir Achadh na Cloiche agus Doire is Dún na nGall a éascú. Bhí an DUP míshásta leis na spriocanna aeráide i gcónaí agus iad ag treisiú ar a bhfreasúra i ndiaidh chinneadh na hArd-Chúirte.

Liosta le háireamh iad na tuarascálacha speisialta a choimisiúnaigh Stormont le scór bliain faoi athchóiriú na seirbhíse sláinte. Níl moltaí curtha i gcrích cé gur sceith bhéil é Tuaisceart Éireann as línte feithimh, céatadán níos airde daoine ag fanacht ar chóir leighis níos faide ná sa Bhreatain Mhór ná sa bPoblacht. Ta géarchéim freisin maidir le heaspa scoileanna do pháistí le riachtanais speisialta, conspóid le gairid nuair a dúirt an t-údarás oideachais go gcaithfí iachall a chur ar ‘ghnáthscoileanna’ glacadh le cuid acu, cé nach mbeidís faoi réir don chúram. Tá obair dhúshlánach riachtanach freisin ar an gcóras uisce agus séarachais; easpa seirbhísí ag cur moill ar thógáil tithe agus ganntanas mór tithíochta ann.

Tá an chuma ar an measúnú deireadh téarma seo nach bhfuil aon rud dearfach le rá. Ní fíor sin. D’ainneoin an teannais a bhaineann den chuid is mó le ceisteanna cultúir, tá an réimeas reatha níos seasmhaí ná a bhí Stormont le fada. Cé nár aontaigh Sinn Féin agus an DUP gur cheart reachtaíocht a athrú chun nach bhféadfadh páirtí amháin, as féin, an córas ar fad a leagan mar a rinne siad araon cheana, tá sé le tuiscint go gcreideann siad nárbh é a leas siúl amach arís.

D’éirigh leo ina gcainteanna leis an Státchiste i Londain córas maoinithe an Tuaiscirt a fheabhsú. Faigheann Stormont £1.24 i gcomparáid le gach £1.00 do bhuiséad Shasana. Ina theannta sin bhí siad in ann tabhairt faoi bhuiséad trí bliana a dhréachtú don tréimhse seo romhainn, Ceadóidh sé sin pleanáil níos fadtéarmaí ná mar a facthas go fóill; beidh le feiceáil cé mar a chruthóidh siad ina bhun sin. D’éirigh leo socruithe pá a dhéanamh le formhór na n-oibrithe sa tseirbhís phoiblí agus baol stailceanna a mhaolú. Ní beag sin.

Tríd is tríd is í an laincis is mó orthu nach bhfuil siad in ann a theacht ar chomhaontú faoi liosta gearr tosaíochtaí. Níl na hacmhainní acu chun déileáil le líon mór cuspóirí. Cheal aontais idir na ceithre pháirtí sa bhFeidhmeannas bíonn liosta na n-aidhmeanna rófhada, gan spriocdhátaí ná spriocanna feidhmithe. Sin é an fáth gur liosta de na fadhbanna nár fuasclaíodh a chloistear ó dhaoine ar an tsráid. Níor mhór athrú a dhéanamh ar a gcur chuige chun muinín an phobail a chothú, go leor le déanamh.

Fág freagra ar 'Sos samhraidh Stormont – go leor fágtha le déanamh'