Solas ‘glas’ tugtha do Bhealach Glas Uíbh Ráthaigh san Ard-Chúirt

Rinneadh cinneadh san Ard-Chúirt inné dhá athbhreithniú breithiúnach i gcoinne forbairt Bhealach Glas Uíbh Ráthaigh a chaitheamh amach

Diúltaíodh san Ard-Chúirt inné do dhá athbhreithniú breithiúnach i gcoinne forbairt Bhealach Glas Uíbh Ráthaigh.

Grúpa úinéirí talún ‘Grúpa Eolais an Bhealaigh Ghlais’ agus úinéir talún eile a lorg athbhreithniú ar chinneadh an Bhoird Pleanála cead a thabhairt do Chomhairle Contae Chiarraí an bealach glas a fhorbairt.

An mhí seo caite, d’éist an Breitheamh Richard Humphreys le hargóintí na n-úinéirí talún agus nocht sé a chinneadh inné, an dá chás a chaitheamh amach.

Ciallaíonn cinneadh an Bhreithimh Humphreys go bhfuil an solas glas tugtha do Chomhairle Contae Chiarraí leanúint leis an bhealach glas, atá beartaithe idir Gleann Beithe agus Cathair Saidhbhín.

Ag labhairt dó ar an chlár An Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta inné, dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, gur chuir sé “fáilte” roimh an chinneadh cead a thabhairt d’fhorbairt Bhealach Glas Uíbh Ráthaigh, atá ar an tionscadal turasóireachta “is tábhachtaí” do Chiarraí Theas, dar leis.

Cé gur aithin sé go raibh “fadhbanna” ag baint leis an fhorbairt idir Gleann Beithe agus Stad an tSléibhe, dúirt Pa Daly gur léirigh an rath atá ar bhealach Ghlas Phort Láirge, a osclaíodh in 2017, na buntáistí atá i ndán do Chiarraí Theas ón áis seo.

“Tá a fhios againn go léir go bhfuil an Bealach Glas sin oscailte ar feadh ceithre nó cúig bliana anuas ag an bpointe seo agus féach ar na turasóirí agus an t-airgead atá ag teacht sa cheantar sin,” a dúirt Daly.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, atá ina bhall de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go raibh Bealach Glas Uíbh Ráthaigh thar a bheith tábhachtach chun turasóirí a choinneáil i gCathair Saidhbhín agus sna ceantair máguaird.

In 2018 a rinne Comhairle Contae Chiarraí iarratas ar dtús chun an bealach glas seo a fhorbairt ar chosán 31.93 ciliméadar ar an sean-iarnród idir Gleann Beithe agus Cathair Saidhbhín.

Fág freagra ar 'Solas ‘glas’ tugtha do Bhealach Glas Uíbh Ráthaigh san Ard-Chúirt'