Sochraid Marian Finucane: ‘Cuimhneofar go deo uirthi mar gheall ar a buanna iontacha mar iriseoir’

Dúradh ag sochraid an chraoltóra mór le rá Marian Finucane inniu gur fhág sí a lorg a shaol na hÉireann

Sochraid Marian Finucane: ‘Cuimhneofar go deo uirthi mar gheall ar a buanna iontacha mar iriseoir’

Dúradh ag sochraid an chraoltóra Marian Finucane inniu gur fathach de chuid shaol na craoltóireachta í.

Moladh ag sochraid an chraoltóra mór le rá, a bhásaigh go tobann Déardaoin seo caite, a sárchumas iriseoireachta, a gairmiúlacht agus a pearsantacht mhealltach.

Dúirt an Monsignor Ciarán O’Carroll príomhcheiliúraí Aifreann a sochraide i Séipéal Bhríde sa gCill i gcontae Chill Dara go raibh a lorg fágtha ag Marian Finucane ar shaol na hÉireann.

“Ba phearsa chomh mór sin i gcraoltóireacht na hÉireann í agus cuimhneofar go deo uirthi mar gheall ar a buanna iontacha mar iriseoir, ar a hintinn ghéar, a croíúlacht, a tráthúlacht, a tuiscint, a comhbhá agus a cineáltas,” a dúirt sé.

An t-amhránaí agus an Gael aitheanta Maighréad Ní Dhomhnaill a dúirt na hamhráin ag an Aifreann agus bhí an Ghaeilge sa treis sa rogha cheoil.

Le tionlacan óna deirfiúr Tríona, cheol Maighréad Ag Críost an Síol agus Bánchnoic Éireann Ó. Mo Ghile Mear a casadh agus Marian Finucane agus a cónra á n-iompar amach as an séipéal.

Bhí Marian Finucane, a bhásaigh in aois a 69 bliain, ar dhuine de mhórchraoltóirí na hÉireann.

Bhí sí ina láithreoir ar The Marian Finucane Show, seó mór-ráchairte a bhíodh ar siúl ar RTÉ 1 maidin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh gach deireadh seachtaine, ach is iomaí clár eile a raibh baint aici leis ó thosaigh sí ag obair do RTÉ i 1974.

Marian Finucane ag seoladh an leabhair ‘Aneas’ leis an scríbhneoir Duibhneach Brenda Ní Shúílleabháin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

D’fhreastail sí ar scoil lán-Ghaeilge, Scoil Chaitríona ar Shráid Eccles san ardchathair, agus bhí neart Gaeilge aici dá réir.

Bhain sí cáilíocht amach mar ailtire agus le linn di a bheith ina mac léinn bhí sí gníomhach sa bhfeachtas a chuir stop le leagan na dtithe Seoirseacha i Sráid Hume in aice le Faiche Stiabhna.

Fuair sí a céad phost le RTÉ mar láithreoir leanúnachais agus ina dhiaidh sin thosaigh sí ag cur cláracha éagsúla i láthair a bhain le ceisteanna sóisialta an lae, ina measc Liveline, atá fós ar an sceideal.

Tharraing a clár Women Today aird an phobail ar shaol na mban agus ar na dúshláin a bhí le sárú acu an t-am sin ina saol pearsanta agus oibre agus thug an clár sin ardán agus éisteacht dóibh.

Agus Ceannasaí RTÉ Raidió 1 Tom McGuire, ag cur síos ar Mharian Finucane, dúirt sé gur ‘guth sainiúil’ ab ea a guth agus gur ceannródaíocht a bhí san obair a rinne sí ar Liveline.

Bhuaigh sí an Prix Italia do chlár faisnéise a rinne sí i 1979, Abortion: the Lonely Crisis, mar a ndeachaigh sí go Sasana in éineacht le bean óg a bhí ag dul anonn chun ginmhilleadh a fháil.

Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ina measc siúd a chuir a gcomhbhrón in iúl ar bhás an chraoltóra nuair a dúirt sé: “Tá craoltóir a raibh an-ghean agus an-mheas ag an bpobal uirthi agus a raibh an-iontaoibh acu aisti imithe uainn.”

Dúirt Dee Forbes, Ard-Stiúrthóir RTÉ, gur bean “an-chumasach ab ea Marian Finucane a raibh a hainm in airde i measc an phobail ach thar aon rud eile gur iriseoir diongbháilte a bhí inti a raibh díocas riamh uirthi talamh úr a threabhadh”.

Fágann Marian Finucane ina diaidh a fear céile John Clarke, a mac Jack agus a leaschlann Jocelyn, Neil agus Timothy. Bhásaigh a hiníon Sinéad ón leoicéime i 1990 agus gan í ach ocht mbliana d’aois.

Fág freagra ar 'Sochraid Marian Finucane: ‘Cuimhneofar go deo uirthi mar gheall ar a buanna iontacha mar iriseoir’'