Slánú na Gaeltachta, b’fhéidir go bhfuil sé níos simplí ná mar a shíleann muid

Tá dóthain taighde agus fianaise againn faoi chruachás na Gaeltachta le tabhairt faoina leigheas dá mba mhian linn, a deir iar-státseirbhíseach sinsearach i Roinn na Gaeltachta

Slánú na Gaeltachta, b’fhéidir go bhfuil sé níos simplí ná mar a shíleann muid

Bhí an-spéis go deo agam sa dá chlár ar TG4 faoin teideal Gaeltacht 2020. Rinneadh iarracht mhaith sna cláir sin ábhar atá ceaptha a bheith casta a phlé go hoscailte. Ag breathnú siar ar an stair, is dócha gur thosaigh an chaibidil áirithe i scéal na teanga sa Ghaeltacht i 1999 nuair a bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta, an dara Coimisiún dá leithéid a bunaíodh le moltaí a dhéanamh chun an Ghaeilge ‘a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta’. Bhí mise i mo Rúnaí ar an gCoimisiún sin a chuir Tuarascáil faoi bhráid an Rialtais in 2002.

Mar thoradh air sin, tionscnaíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus foilsíodh an Tuarascáil sin in 2007. Is mar thoradh ar an Tuarascáil sin, i measc rudaí eile, a chuir an Rialtas an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 le chéile. Tá leath de ré na Straitéise sin caite anois, rud a d’fhág go raibh Gaeltacht 2020 tráthúil mar chlár.

Agus mé ag breathnú ar an gclár mar dhuine a bhí lárnach sa phróiseas ón tús tháinig braistintí agus mothúcháin éagsúla chugam faoin dul chun cinn, nó go deimhin an easpa dhul chun cinn ó shin.

Gan amhras tá a dhóthain tuarascálacha agus taighde ar fáil anois. Tá mé cinnte go n-aontódh daoine go bhfuil i bhfad níos mó ná páipéarachas agus taighde ag teastáil ag an bpointe seo.

Labhair Coimisiún na Gaeltachta faoi ‘phobal sainiúil na Gaeltachta’. D’eagraigh an Coimisiún 28 cruinniú poiblí taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht agus rinne os cionn 1,500 duine freastal ar na cruinnithe seo.

Tús ré a bhí ann ar bhealach.

Bhí mé i láthair ag gach aon cheann acu agus is cuimhin liom go maith an díograis agus an fuinneamh ag na cruinnithe sin.

Labhair an pobal faoin gcur i gcéill agus easpa dáiríreachta a bhí ann i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta ag gach leibhéal. Leagadh béim ar thábhacht an oideachais agus ar an ngá le córas ceart pleanála sa Ghaeltacht ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus ar mhaithe leis an teanga.

Níl mórán athraithe ó shin, a deir tú! Chuir an Coimisiún sin 17 de mholtaí sonracha faoi bhráid an Rialtais ina measc go mbunófaí córas don Phleanáil Teanga.

Sa Staidéar Teangeolaíoch ina dhiaidh sin rinneadh roinnt mhaith moltaí a bhain le polasaithe agus struchtúir. Cuimhním go minic ar chonclúid amháin ón taighde a rinneadh – go bhfuil an patrún aistrithe teanga ó Ghaeilge go Béarla sa Ghaeltacht á thiomáint go príomha ag an ‘dinimic shóisialta’ a bhaineann leis an gcaidreamh atá ag pobal na Gaeltachta le gréasáin daoine taobh amuigh.

Deirtear go bhfuil comhdhéanamh phobal na Gaeltachta ag athrú de réir a chéile mar thoradh air sin agus go lagaíonn an dinimic dlús líon na gcainteoirí Gaeilge sna limistéir Ghaeltachta.

Moladh go gcaithfí an ghné sin den scéal a bhainistiú go cúramach. Dúradh arís agus arís eile sa staidéar go gcaithfí cur le dlús na gcainteoirí Gaeilge má bhí an Ghaeilge le teacht slán mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

’Sé sin – i mo thuairimse – croílár na ceiste seo.

An bhfuil muid ag cur le líon na gcainteoirí Gaeilge tríd na scéimeanna, an tacaíocht agus na córais éagsúla atá ann faoi láthair don Ghaeltacht? Sin an tslat tomhais ba cheart a bheith ann, an PI (an táscaire feidhmíochta nó performance indicator), mar a deirtear go minic anois.

Bhí sé ráite go minic sa chlár Gaeltacht 2020 go dteastaíonn fostaíocht agus pobal beo le go mbeidh Gaeltacht ann agus ar ndóigh is fíor sin. Ach más ceantair sainiúil teanga atá i gceist agus má tá sprioc againn ‘cur le dlús na gcainteoirí Gaeilge’ nár cheart fostaíocht a chur ar fáil a chothóidh pobal de chainteoirí laethúla Gaeilge? Más Gaeltacht bheo atá uainn, nár cheart go mbeadh polasaithe fostaíochta, polasaithe pleanála, polasaithe oideachais, polasaithe teanga srl. dírithe ar chainteoirí laethúla Gaeilge agus ar chur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge? Mura bhfuil muid dáiríre faoi sin, nach cur i gcéill a bheas arís againn?

Tagann dhá rud i gceist, dar liom, agus muid ag caint faoi chainteoir laethúil Gaeilge – sin cumas agus nósmhaireacht.

Ní féidir le duine Gaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga labhartha go laethúil mura bhfuil cumas aici/aige sa teanga.

Freisin ní bheidh an Ghaeilge in uachtar ina c(h)uid cumarsáide mura bhfuil nósmhaireacht agus iompar teanga dearfach aici/aige.

Is léir domsa mar sin, chun an Ghaeltacht a shlánú, go bhfuil muid ag brath orthu siúd atá dílis don Ghaeilge, a labhraíonn an teanga sa teaghlach agus taobh amuigh di chomh minic agus is féidir agus a dhéanann éileamh rialta ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ó thaobh na pleanála teanga de, i mo thuairimse teastaíonn polasaithe atá dáiríre faoin iarracht an Ghaeltacht a shlánú. Ciallaíonn sé sin gur gá go mbeadh polasaithe láidre teanga ag eagraíochtaí pobal agus stáit sa Ghaeltacht.

Rinneadh tagairt don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta sa chlár ar TG4 mar eiseamláir den chur chuige seo.

Mar chuid den phróiseas pleanála teanga ní mór dul i bhfeidhm ar an bpobal uile, ina measc iad siúd nach labhraíonn Gaeilge agus go deimhin iad siúd gur cuma leo fúithi le go mbeidh úinéireacht ag an bpobal uile ar an bplean agus go dtuigfidh daoine nach bagairt í an Ghaeilge ach acmhainn luachmhar dúinn ar fad.

B’fhéidir nach bhfuil sé chomh casta sin ag deireadh thiar thall. B’fhéidir gur ‘tá’ an freagra ar cheist a chuir Eibhlín Ní Chonghaile sa chlár – ‘an bhfuil sé chomh simplí sin?’.

Fág freagra ar 'Slánú na Gaeltachta, b’fhéidir go bhfuil sé níos simplí ná mar a shíleann muid'

  • Bríd

    Faightear réidh leis na heagrais Ghaeilge nach ndéanann freastail ar mhuintir na Gaeltachta, eagrais nach bhfuil pioc maitheasa iontu don teanga. Cad atá ar siúl acu siúd anois ach an oiread le lucht pleanála teanga agus lucht polasaí oideachais do na scoileanna Gaeltachta? Cá bhfuileadar meastú?

  • Gabriel Rosenstock
  • Asailín na hasarlaíochta

    An bhfuil creistint a’ goil dó nó an gcaithfear síneadh láimhe a thabhairt don aicíd éime?
    An bhfuil aon phlean ag éinne í a labhairt ach gan smid ar bith a rá fúithi? Ní féidir bodhráin a bhodharú!