Slaghdán ar chuile dhuine, Kneecap ar Fox News agus an gadhar beag baiste

Gach seachtain cuirtear ar fáil anseo scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

Slaghdán ar chuile dhuine, Kneecap ar Fox News agus an gadhar beag baiste

Chuile dhuine a labhraím leo le seachtain anuas tá slaghdán orthu. Bhuel, beagnach chuile dhuine. Fliú den chineál B atá ar cheannaire an ghrúpa aeróbaic uisce a dtéim ann anois is arís. Nó sin a bhí uirthi.

Deir sise go bhfuil slaghdán ar chuile dhuine a chastar ort agus ráig ‘aisteach’ ag déanamh a bealach trí phobal na hÉireann. Tríd an bpobal aeróbaic uisce, ar aon nós. Ag dul thart le gruaig fhliuch is cúis leis, gan amhras. Bhí an ceart ag do mháthair.

Is maith an lá go raibh saoire na Cásca ann nuair a tháinig an ráig chomh fada liom féin agus go raibh deis ag duine luí i gciorcailín sa dorchadas i ngreim ar bhuidéal uisce te is ag caoineadh os íseal.

Rud eile a bhí áisiúil ná go raibh an teach lán le seacláid agus rudaí milse eile. Tá a fhios ag chuile dhuine gur rudaí milse agus deochanna te an leigheas is fearr ar shlaghdán d’aon chineál. Tae milis agus Lemsip Max Strength.

Níl a fhios agam an é an fliú nó gnáthshlaghdán a bhí orm, ach ná bíodh aon imní ort tá mé beagnach tagtha as anois.

***

Cé a cheapfadh go mbeidís ag caint faoi Kneecap ar tholg Fox News? Is beag nár thit mé féin den tolg s’againn féin nuair a chonaic mé an seat scáileáin a roinn Kneecap féin ar na meáin shóisialta de radharc ar Fox News. Thíos ar an téip ticeála in íochtar an scáileáin chonaic mé ‘Irish band projects ‘Fxxx Israel’ at Coachella’.

Is cosúil gur chroch Kneecap an fógra ar stáitse agus iad ag casadh ag an bhféile cheoil i gCalifornia an deireadh seachtaine seo caite, chomh maith le fógraí eile a cháin maoiniú míleata rialtas Mheiriceá don Iosrael.

Dá gcuirfí ceist orm cé eile a bheadh in aghaidh na bhfógraí, is beag seans go rithfeadh Sharon Osbourne, iarmholtóir ar an gclár The XFactor, bean an cheoltóra miotail Ozzy Osborne, liom. Bhíodh sise gníomhach is cosúil mar bhainisteoir ar bhannaí ceoil freisin, leithéidí The Smashing Pumpkins, banna a bhí mór sna 1990idí, ina measc.

Scríobh sí postáil ar na meáin shóisialta i rith na seachtaine ag éileamh go mbainfí a víosa oibre sna Stáit Aontaithe de Kneecap as na teachtaireachtaí a bhí á scaipeadh acu ag Coachella agus ar na meáin shóisialta. Is cosúil go bhféadfadh go bhfuil nasc pearsanta aici leis an ábhar, óir ba de bhunadh na hÉireann í máthair Sharon Osborne, agus ba Ghiúdach é a hathair.

Sa gcaint uilig atá á déanamh ar an dá thaobh den scéal, bheadh fonn ort an cheist a chur – an dtugann feachtais den chineál seo aon chúnamh beo do mhuintir na Palaistíne atá faoi ionsaí leanúnach, ná don ghnáthphobal in Iosrael? Nó an caint san aer uilig é?

***

Ní déarfaidh mé tada eile faoi na gadhair bheaga, ach déarfaidh mé an mhéid seo. Tá ‘Brownie’ leaindeáilte ag an teach is tá mo shaol athraithe ó bhun. Is cosúil gur linne anois í.

Níl mo shaol athraithe an oiread sin dháiríre, tá mo shaol mórán mar a chéile is a bhí sé, ach amháin go bhfuil dhá ghadhar anois againn. Tháinig sí le go leor treoirlínte agus fainiceachaí ó mo mháthair, ní admhódh sí é ach sílim nach bhfuil sí ag iarraidh scaoileadh léi ar chor ar bith.

Cheap mé go dtiocfadh na gasúir aníos le hainm Gaelach éigin agus buíochas mór le léitheoirí Tuairisc a chur go leor moltaí maithe ar fáil.

Sa deireadh thiar tugadh ‘Brownie’ uirthi mar gurb í an t-aon ghadhar donn a bhí ar an gcuain seacht gcoileán. Cheap muid gur ainm sealadach a bheadh ann ach tá cleachtadh anois air agus fanfaidh sé uirthi.

Tá sí beag bídeach agus tá beagáinín faitís uirthi i gcónaí san áit nua. Ní haon iontas di faitíos a bheith uirthi dháiríre ó tá Lilí Banríon an Tí ag tabhairt drochshúil di ó tháinig sí isteach sa teach agus í ag drannadh leis an gcréatúirín.

Is dóigh nach dtógfaidh sé i bhfad uirthi socrú síos agus beidh sí ag tafann ar na héin agus ar éinne a shiúlfaidh thar dhoras an tí gan mhoill. Má leanann sí lorg Lilí beidh sí ag tafann ar na cuileoga agus na beacha chomh maith.

Tá bumbóg feicthe sa ngairdín ar chúl an tí agam rialta go leor le cúpla seachtain anuas. Níl a fhios agam an í an bhumbóg chéanna i gcónaí é, nó an bhfuil cinn éagsúla ag teacht ar cuairt againn.

Tá an gadhar ag iarraidh an bhumbóg a ithe, an gcreidfeá é sin? Is cuma céard a deirim léi faoin mbithéagsúlacht agus tábhacht na mbeach. Cén bhrí ach tá na bumbóga i mbaol uafásach is níl siad le fáil ach i bhfíorbheagán áiteanna in Éirinn. Chuir sé iontas orm, caithfidh mé a rá, nuair a chonaic mé ceann sa ngairdín s’againne.

Deirim gairdín, ach dháiríre séard atá ann ná clós ina bhfuil trí wheelie bin agus carnán gainimh sa gcoirnéal in aice leo. Na haon phlandaí atá ag fás faoi láthair ann ná trí phéacáin ghlasa seiceamair atá ag gobadh aníos as an gcarn gainimh. Ní bhacfá leis sin, d’fhásfaidís sin amach as do chluas dá bhfanfá socair sách fada.

Fág freagra ar 'Slaghdán ar chuile dhuine, Kneecap ar Fox News agus an gadhar beag baiste'