‘Sionnach ar do dhuán, giorria ar do bhaoite…’ – sárleabhar nua ar fáil faoi bhéaloideas na hiascaireachta

Tá comaoin mhór curtha ag Bairbre Ní Fhloinn ar phobal na hÉireann lena leabhar nua ‘Cold Iron—Aspects Of The Occupational Lore Of Irish Fishermen’

‘Sionnach ar do dhuán, giorria ar do bhaoite…’ – sárleabhar nua ar fáil faoi bhéaloideas na hiascaireachta

Cuireadh leabhar breá nua chugam an lá faoi dheireadh a gcaithfeadh sé go mbeadh spéis ag muintir na Gaeltachta inti go háirid. Bheadh, déarfainn agus ag dream ar bith a bhfuil luí acu le cúrsaí iascaireachta agus le cúrsaí farraige.

’Sí an tOllamh Bairbre Ní Fhloinn a scríobh an leabhar go cumasach agus siad Four Courts Press a d’fhoilsigh go slachtmhar í.

Cold Iron—Aspects Of The Occupational Lore Of Irish Fishermen an teideal atá uirthi agus is éard is mó atá inti cuntas mion ar an uafás a bhuaileadh iascairí dá gcloisfidís ainmhithe á lua agus iad ar farraige.

Bhí faitíos faoi leith acu roimh an muc, roimh an ngiorria agus roimh an sionnach.

Ainm eile a thabhairt ar an ainmhí an chosaint a bhíodh acu. “Fear na gcluasa bioracha a thugtaí ar farraige ar an ngiorria i bparóiste Charna,” a dúirt an tAthair Éamon Ó Conghaile. Chaith seisean cuid mhaith dá shaol ag iascach.

Dá dtarlaíodh sé go dtugtaí a ainm féin ar an ainmhí de dhearmad chomhairlítí don chriú an t-iarann fuar ba ghaire dóibh a bhualadh leis an dochar a bhaint as an gcontúirt.

Creideadh ariamh go raibh bua san iarann agus go mba dhíon ar thubaiste é. Ba mhór meas na muintire ar an ngabha agus ar an gceárta.

Tá os cionn tríocha bliain caite ag Bairbre Ní Fhloinn ag tiomsú ábhair le haghaidh an leabhair seo.

Cheadaigh sí an béaloideas a bailíodh ó bunaíodh Institiúid Bhéaloideas Éireann sa mbliain 1930. Ransaigh sí scríbhinní a foilsíodh agus, mar bharr slachta ar a cuid oibre, chuaigh sí féin ar fud chósta na tíre gur thaifead sí agallaimh ó iascairí.

Ar an nós a bheith á chleachtadh in Éirinn a dhírigh sí a compás i dtosach ach ba gearr i mbun oibre í gur thuig sí go raibh an col céanna ag iascairí leis na hainmhithe in Albain, i Sasana, ar Oileán Mhanann, san Íoslainn, san Iorua agus in áiteanna eile thar lear.

Ba léir go raibh cuid de na nósanna seo ag dul siar go dtí aimsir na Lochlannach. Tá agus níos faide fós b’fhéidir.

B’iontach an chabhair do Bhairbre Ní Fhlinn gurbh é an scoláire mór as an tSualainn Bo Almqvist a chuir i mbun taighde í an chéad lá.

Ní raibh sé i ndán dósan an leabhar a fheiceáil i gcló mar gur bhásaigh sé sa mbliain 2013, ach bhí sé thar a bheith bródúil as an obair a rinne an bhean a spreag sé chun scoláireachta mar is léir ón réamhrá moltach tuisceanach a d’fhág sé ina dhiaidh.

Tá neart míreanna Gaeilge sa leabhar. Ní hionadh sin ós i nGaeilge a bailíodh formhór an bhéaloidis in Éirinn, go mór mór sna blianta tosaigh.

Thaithnigh an scéal liom faoin bhfear a raibh bád aige sna Cealla Beaga darbh ainm Ros Muc. Ní raibh aon ádh éisc ar an bhfear bocht rud nár chuir iontas ar bith ar a chomh-iascairí.

Tharraing siadsan aird ar an bhfocal muc a bheith san ainm.

Ba é iarcheannaire na n-iascairí san Cealla Beag, Joey Murrin, a d’inis an scéal sin.

Bhí fear eile san Inbhear Mór a raibh bád aige ar bhaist sé ‘An Coinín Bán’ uirthi. Aríst ní raibh aon toradh mór ar a chuid iascaireachta.

Phéinteáil sé an bád agus d’athraigh sé an t-ainm go dtí ‘An Cailín Bán’.

Cuirtear béim sa leabhar ar an amhras a bhíodh ar iascairí faoi bhean rua.

Dá gcasfaí a leithéid de bhean leo ar a mbealach go dtí an bád bhí sé chomh dóichí go gcasfaidís abhaile.

Ní raibh an focal rua ceadmhach beag ná mór nuair a bhídís ag iascach.

Bhí iascaire i bParóiste Fionntrá i gCorca Dhuibhne a raibh Peaidí Rua air. D’athraigh na hiascairí a ainm go dtí Peaidí dea-dhathach ar fhaitíos na timpiste.

Níl a fhios agam arb é an dath rua a tharraing fuath na n-iascairí ar an sionnach.

Ábhar eascainí a bhí san ainmhí sin. ‘Sionnach ar do dhuán, giorria ar do bhaoite is nár mharaí tú aon bhreac go dtaga an Fhéile Bhríde,’ a deirtí.

Bhain Breandán Ó hEithir casadh as an eascaine nuair a thug sé Sionnach ar Mo Dhuán ar cheann de na leabhair a scríobh seisean.

Cén chúis a bhí le caint faoi na hainmhithe a bheith crosta sa mbád iascaigh? Is críonna an té a déarfadh.

Ba é an míniú a bhí ag duine amháin air gur bealach a bhí ann lena chinntiú go gcoinneodh an criú a n-aird i gcónaí ar a gcuid oibre, rud a bheadh thar a bheith riachtanach in áit chomh contúirteach.

Tá ciall leis sin ach d’fhéadfadh bunús níos doimhne a bheith leis an nós freisin, ’sé sin gur ó aimsir na págántachta a tháinig sé.

Dúradh in Iorras nach raibh sé i bhfad siar sa stair ar chor ar bith ó thosaigh muintir iarthuaisceart Mhaigh Eo ag ithe muiceola. Consaeit a bhí acu leis an muc.

Bhí sé sa mbéaloideas acusan gurbh é Naomh Pádraig a thosaigh ag ithe muiceola in Éirinn ar dtús agus gur thóg sí i bhfad air a chur ina luí ar na págánaigh gur cheart dóibhsean an rud céanna a dhéanamh.

Maidir leis an ngiorria chonaic mé clár teilifíse uair amháin a léirigh gur ainmhí beannaithe a bhí sa ngiorria ag na págánaigh sa mBreatain agus gur i ngeall air sin a chuir na Críostaithe ‘fear na gcluasa bioracha’ faoi their.

Tá neart scéalta i mbéaloideas na hÉireann ag míniú gur bean feasa atá sa ngiorria ó cheart.

Ná ligeadh muid i ndearmad ach oiread go raibh baint ag an ngiorria leis an bhféile phágánach ar a dtugtaí Eostre. Aisti sin a tháinig Féile na Cásca sin againne.

Tá comaoin mhór curtha ag Bairbre Ní Fhloinn ar phobal na hÉireann leis an leabhar seo. Tá agus ar phobal iarthar na hEorpa fré chéile má théann sé go dtí sin.

Spreagfaidh a bhfuil bailithe aici tuilleadh taighde.

Nach shin é sa deireadh bun agus barr na scoláireachta?

Fág freagra ar '‘Sionnach ar do dhuán, giorria ar do bhaoite…’ – sárleabhar nua ar fáil faoi bhéaloideas na hiascaireachta'

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Níl ach tagairt fánach amháin do Eostre ag Bede bheannaithe. Ar sin atá ualach an ceangal le Cásc.

    Ach is ó Pascha na nGiúdach, atá i bhfad níos ársa, a thagann ainm na Cásca.