Buille trom go leor do mheanma lucht Shinn Féin

Má éiríonn Sinn Féin níos laige nó má fhanann siad san áit ina bhfuil siad faoi láthair, beidh siad ag brath níos mó ná riamh ar Fhianna Fáil

Buille trom go leor do mheanma lucht Shinn Féin

Buille trom go leor do mheanma lucht Shinn Féin iad na pobalbhreitheanna is deireanaí ag Red C.  Titim seacht bpointe céatadáin go dtí 25% a bhí ann ag deireadh mhí Eanáir, i gcomparáid le 32% i bpobalbhreith mhí Dheireaddh Fómhair.

An é, mar sin, go bhfuil rás Shinn Féin rite?  Is cosúil go bhfuil súil ag a lán tráchtairí sna meáin mhóra gurb amhlaidh a bheas.  Ach tá Sinn Féin chun tosaigh ar gach páirtí eile i gcónaí, agus beagáinín níos mó tacaíochta acu ná mar a fuair siad san olltoghchán.

Sé an rud is spéisiúla áfach ná nach bhfuil fás dá laghad tagtha ar thacaíocht pháirtithe an rialtais de thoradh chúlú Shinn Féin.

I mí Dheireadh Fómhair, thug Red C 20% d’Fhine Gael, 15% d’Fhianna Fáil agus 4% do na Glasaigh (deich bpointe níos lú ná an figiúr a bhí acu san olltoghchán).  I mí Eanáir, bhí 20% ag Fine Gael, 17% ag Fianna Fáil is 4% ag na Glasaigh.

Is cosúil gur go dtí neamhspleáigh thar aon dream eile a chuaigh an tacaíocht a chaill Sinn Féin, rud a thugann le fios nach athrú so-mharthanach atá i gceist.

Agus is cosúil freisin gurb í ceist na hinimirce údar athrú intinne vótóirí i gcoitinne, cé gur tháinig borradh beag faoi leibhéal tacaíochta na nDaonlathaithe Sóisialta freisin. B’fhéidir go bhfuil siad ag mealladh vótóirí a cheapann go bhfuil Sinn Féin ag éirí frith-inimirceach agus gur ag dul chuig na neamhspleách atá daoine a cheapann go bhfuil an páirtí róbhog faoin inimirce?

Ceapaim go bhfuil cuid mhaith den fhírinne sa tuairimíocht chontrártha sin.  Léiríonn pobalbhreitheanna freisin go bhfuil ceist na hinimirce ar na ceisteanna is tábhachtaí anois in intinn vótóirí (cúrsaí tithíochta atá sa dara háit).

Ach ní hin le rá go bhfanfaidh an scéal sin mar atá.

Mar a tharlaíonn, tuigeann an rialtas anois nach féidir leo socrú ar bith a bhrú ar mhuintir na tíre, agus dá réir sin tá siad ag fógairt go mbeidh rialacha níos ciallmhaire ann agus go ndéanfar breithiúnais níos gasta faoi cé atá i dteideal fanacht sa tír is cé nach bhfuil.

In ainneoin na n-agóidí a tharla, ní chreidim go bhfuil an oiread sin daoine in Éirínn buailte ag an gciníochas.  Ach tá siad ar buile, agus an ceart ar fad acu, faoi easpa pleanála an rialtais i dtaobh na ceiste seo agus faoi easpa spéise an rialtais sa tionchar a bhíonn ag an scéal seo ar phobail, faoin tuath agus sna cathracha.

Má fheictear do dhaoine go bhfuil córas ciallmhar i bhfeidhm agus más léir freisin nach bhfuil an pobal á fhágáil ar an imeall, ceapaim nach mbeidh scéal na hinimirce chomh mór sin ina ábhar cainte agus imní.  Agus, íorónta go maith, is chun leasa Shinn Féin a bheidh sé sin seachas aon pháirtí eile.

Mar má thagann maolú ar thábhacht na hinimirce mar cheist toghcháin, beidh cúrsaí tithíochta is sláinte ina bpríomhábhair cainte arís, agus níl aon dabht ach gur chun leasa Shinn Féin é sin.

Feicfimid sna míonna beaga seo romhainn, agus sna toghcháin áitiúla sa samhradh go háirithe, cén treo a bheas cúrsaí ag dul feasta.

B’fhéidir, áfach, gurb é an rud is spéisiúla ar fad sna figiúirí seo ná go ndíríonn siad aird arís ar na socruithe a bheidh le déanamh má tá Sinn Féin le bheith i gceannas ar rialtas ó dheas.

Dá laige an páirtí is ea is mó an riachtanas socrú a dhéanamh le Fianna Fáil, abair, ná le haon páirtí eile.

Sa gcéad áit, tá na páirtithe go léir ar an eite chlé lag faoi láthair, agus níl ach 4% ag Páirtí an Lucht Oibre is ag na Glasaigh. Ar aon chuma is beag muinín ná meas a spreagfadh an dá pháirtí úd i measc lucht Shinn Féin

Maidir le Pobal Seachas Brabús, tá cuma láidir na heite clé orthu, ach ní féidir muinín ar bith a bheith agat go gcloífidís le socrú ar bith.  Bheadh siad i gcónaí ag filleadh ar na manaí réabhlóideacha ar tábhachtaí iad dóibh ná gníomh fónta a dhéanamh.

Fágann sé sin na Daonlathaithe Sóisialta agus Aontú.

Na mionpháirtithe seo go léir a bhí thíos le dul chun cinn Shinn Féin.

Mar sin, má éiríonn Sinn Féin níos laige nó má fhanann siad san áit ina bhfuil siad faoi láthair, beidh siad ag brath níos mó ná riamh ar Fhianna Fáil.

Agus gan dabht tuigeann Sinn Féin é sin.

Fág freagra ar 'Buille trom go leor do mheanma lucht Shinn Féin'

  • T Ó Cualáin

    “Maidir le Pobal Seachas Brabús, tá cuma láidir na heite clé orthu, ach ní féidir muinín ar bith a bheith agat go gcloífidís le socrú ar bith. Bheadh siad i gcónaí ag filleadh ar na manaí réabhlóideacha ar tábhachtaí iad dóibh ná gníomh fónta a dhéanamh.”
    Is iontach breithiúnaíoch, murar maslaíoch, í sin mar thuairim faoi pháirtí nach ndearna ‘socrú’ ar bith le haon pháirtí eile go dtí seo. Prionsabail seachas manaí atá ag Pobal Seachas Brabús agus is léir go gcloíonn siad leo sin beag beann ar threo nó ar neart na gaoithe.
    D’fhéadfaí a rá, i gcead do do leagan féin, go bhfuil ‘cuma’ lag na heite clé ar pháirtí an Lucht Oibre le fada agus an bhail chéanna ar Shinn Féin le blianta beaga anuas. Cé’s moite dá n-ainm is deacair a rá an glas, buí nó bán iad na Glasaigh.

  • Sibéal

    FFSF agus an Rialtas buan!
    Plus ça change, plus c’est la même chose…
    .