Sinn Féin seolta i dtreo cainteanna rialtais ag tonn tacaíochta stairiúil

Fágann toradh Olltoghchán 2020 go bhfuil seans maith ann go mbeidh Sinn Féin i gcumhacht, thuaidh agus theas 100 bliain ó chríochdheighilt na hÉireann

Sinn Féin seolta i dtreo cainteanna rialtais ag tonn tacaíochta stairiúil

Mary Lou McDonald agus Micheál Martin. Pictiúr: Rollingsnews.ie

Agus an comhaireamh déanta in Olltoghchán 2020, ag Fianna Fáil ar éigean atá an líon is mó suíochán agus 38 ceann acu, i gcomparáid le 37 suíochán ag Sinn Féin, a bhí chun cinn ar Fhine Gael a ghnóthaigh 35 suíochán.

Ba ar an gcomhaireamh deireanach sa dáilcheantar deireanach a chuaigh Fianna Fáil chun cinn ar Shinn Féin ó thaobh líon na suíochán, nuair a toghadh Brendan Smith agus Niamh Smyth d’Fhianna Fáil i gCabhán-Muineachán.

Ag Sinn Féin atá an céatadán is airde de vótaí céadrogha, 24.5%.

D’éirigh leis an gComhaontas Glas 12 suíochán a bhuachan, an toradh is fearr riamh acu.

Ba é scéal mór an toghcháin, áfach, ná an dul chun cinn a rinne Sinn Féin.

D’éirigh le 88% den 42 iarrthóir a bhí ag Sinn Féin suíochán a bhuachan.

Dúirt ceannaire an pháirtí Mary Lou McDonald go raibh “seans maith ann” go mbeadh sí féin ina Taoiseach agus is amhlaidh go gcuirfidh an toradh deireanach lena misneach.

TUAIRISC BHEO: A shuíochán caillte ag Pat ‘the Cope’ agus Joe McHugh tagtha slán

Fágann an toradh stairiúil sin go bhfuil seans maith ann go mbeidh Sinn Féin i gcumhacht, thuaidh agus theas, 100 bliain ó chríochdheighilt na hÉireann.

Ach ní léir fós cé a bheidh sa chéad rialtas eile agus cainteanna casta achrannacha ar na bacáin idir na páirtithe.

Cé go raibh díomá ar Fhianna Fáil nach mbeidh oiread suíochán acu is a bhí á dtuar ag tús an fheachtais, údar beag faoisimh dóibh go mbeidh siad ar an bpáirtí is mó ó thaobh líon na suíochán Dála i ndiaidh an toghcháin.

Dúirt Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, go minic le linn an fheachtais nach rachadh sé i gcomhrialtas le Sinn Féin ná le Fine Gael, ach níor chuir sé a leithéid as an áireamh nuair a ceistíodh é lá an chomhairimh.

Bhí beirt óna bhinse tosaigh Jim O’Callaghan agus Michael McGrath níos diongbháilte faoi gan dul i mbun cainte le Sinn Féin ach thug baill eile den pháirtí  le fios go mbeidís sásta dá ndéanfaí amhlaidh.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh fáilte aici roimh an mbogadh a dúirt sí a bhí déanta ag Fianna Fáil maidir lena bpolasaí i leith chomhrialtais lena páirtí,

Chuir an Taoiseach Leo Varadkar agus baill shinsearacha eile d’Fhine Gael comhrialtas le Sinn Féin as an áireamh arís.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald gurb é a rogha ná rialtas a bhunú gan Fianna Fáil ná Fine Gael ach go mbeadh sí sásta dul i mbun cainte le gach páirtí.

Chaill a thuilleadh polaiteoirí mór le rá a suíocháin inniu, ina measc aire stáit na Gaeltachta Seán Kyne i nGaillimh Thiar agus an polaiteoir Gaeltachta seanbhunaithe Pat ‘the Cope’ Gallagher a chaill a shuíochán i nDún na nGall. Ar na hairí agus iar-airí eile a chaill a suíocháin bhí Shane Ross, Neamhspleách, Regina Doherty, Catherine Byrne, Pat Breen agus Michael D’arcy, Fine Gael, John Curran agus Timmy Dooley, Fianna Fáil, Jan O’Sullivan, Páirtí an Lucht Oibre agus Ruth Coppinger, Neart le Chéile/Pobal Roimh Bhrabús.

Fág freagra ar 'Sinn Féin seolta i dtreo cainteanna rialtais ag tonn tacaíochta stairiúil'