Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2024?
Shiúil mé 100 míle den Chamino le mo chol ceathrar i dtús an tsamhraidh. San Auvergne a bhí muid, ar an Via Podiensis ó Le Puy-en-Velay go dtí Aumont Aubrac. Rinne sé an-mhaitheas dom, chonaic mé rudaí nach bhfeicfinn go deo as fuinneog cairr nó traenach, agus chuir mé féin is mo chol ceathrar aithne níos fearr ar a chéile. Ba mhaith liom é a dhéanamh arís!
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2024?
Bronnadh Duais an Oireachtais ar m’úrscéal Bódléar. Is cuma céard a deir daoine, is deas an rud duais a ghnóthachtáil — agus rinne mé ceiliúradh cuí i gCill Airne!
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2024?
Seanchairde liom a cailleadh.
Cén tír nó áit speisialta ar thug tú cuairt air i mbliana?
An Fhrainc (arís). Am eicínt, caithfidh mé aghaidh a thabhairt ar thír eicínt eile! Chaith muid tréimhsí i mbliana i mBordeaux, i gClermont-Ferrand, Nantes, La Rochelle, san Auvergne, agus sna Piréiní, Is dóigh gurb iad na bailte beaga tuaithe san Auvernge is mó a chuaigh i gcion orm.
Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?
Chuir mé eolas ar phodchraoltaí den chéad uair i mbliana — Joe Brolly, La Salle des archives, La Grande Librairie, Katherine Elkins. Bíonn mo chuid cluasán ag imeacht i mo phóca seasta anois agam le súil go bhfaighinn deis éisteachta! Thug mé athchuairt ar leabhra Daniel Pernnac i mbliana, agus tá Le Père Goriot le Balzac á léamh anois agam. Ar an teilifís, bhain mé an-taitneamh as American Rust agus tá mé tosaithe ar Slow Horses anois.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?
D’fhoghlaim mé (arís) go gcaithfidh mé foghlaim le tiomáint an bhliain seo chugainn!
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?
Ó tharla nach raibh sé de rún agam aon cheo nua a dhéanamh (nó aon seanrud a sheachaint), is dóigh gur éirigh liom!
Farrell Cleary
Comhghairdeachas. Ba mhaith liom do úrscéal a léamh.