Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2024?
Tá an oiread sin cuimhní galánta agam ó 2024, ach ag glacadh le Corn Uí Riada den tríú huair i gCill Airne, bhí sé sin speisialta.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2024?
An scéal is mó a chuir áthas orm i mbliana ná breith mo gharmhic agus an nuacht go mbeidh garpháiste nua againn sa bhliain úr. Is fíorphribhléid é an teaghlach a fheiceáil ag fás, rud a thugann solas agus dóchas i gcónaí.
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort i 2024?
Chuir an bás agus scrios in Gaza brón orm. Is deacair creidmháil an fhulaingt a bhíonn ar dhaoine, go háirithe ar na páistí.
Cén tír nó áit speisialta ar thug tú cuairt air i mbliana?
Thaistil mé go forleathan timpeall na hÉireann i mbliana, ag baint sult as áilleacht iontach an Wild Atlantic Way. Chuir na radharcanna fiáine draíocht orm. Ina theannta sin, thug mé cuairt ar Medugorje, áit ar leith a bhfuil draíocht agus síocháin ag baint leis. Is cuimhní luachmhara iad.
Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláir, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?
Chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 cláracha cultúrtha iontacha ar fáil i mbliana. Bhain mé fíorthaitneamh as na hathchraoltaí ó chartlann na seanchláracha. Bhí sé deas na guthanna sin a chloisteáil arís, go háirithe guthanna na ndaoine nach maireann, agus an Ghaeilge shaibhir álainn a bhí acu.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?
D’fhoghlaim mé go leor, amhráin agus scéalta úra. Tá taisce de scéalta agus amhráin ghalánta amuigh ansin, agus tá sé go deas iad a chur leis an méid atá agam cheana féin, agus ar ndóigh, beocht agus anam a thabhairt dóibh arís.
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?
Bhí rún spraíúil againn – shocraigh muid ag tús na bliana stampaí a bhailiú sa leabhar Wild Atlantic Way. Tá an taisteal ar fud na hÉireann déanta againn cúpla huair thar na blianta, ach bhí sé galánta na radharcanna agus na háiteanna iontacha a fheiceáil arís agus an stampa cáiliúil don Wild Atlantic Way Passport a fháil.
An Teanga Bheo
Maith thú Gearoidin agus ní bheidh muid ag déanamh dearmad ar an amhrán
Labair an Teanga Gaeilge Liom, tá leagan Connachtach ann freisin agus uait fhéin go deimhin leagan alainn den amhrán agat míle Buíochas leat