20 bronntanas Nollag deas don Ghael i do shaol

Má tá tú ag iarraidh teacht ar bhronntanas Nollag a bhfuil blas Gaelach air, tá neart smaointe duit ag Bridget Bhreathnach, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí

 20 bronntanas Nollag deas don Ghael i do shaol

Bronntanas don fhoghlaimeoir Gaeilge

Dá fhad dá mairfidh tú beidh rud le foghlaim agat, a deir an seanfhocal agus is deas an bronntanas é cúrsa Gaeilge don fhoghlaimeoir i do shaol. Tá neart ranganna le fáil ar-líne agus ‘i bpearsa’ ar fud na tíre a fheilfidh gach leibhéal líofachta.

Más don ghlantosaitheoir atá tú ag ceannacht nó don Ghaeilgeoir líofa atá dubh dóite ag iarraidh a fháil amach céard a dhéanfaidh tú leis an tuiseal ginideach nuair atá trí ainmfhocal i ndiaidh a chéile agus gur ‘dntls’ uilig iad, gheobhaidh tú cúrsa Gaeilge a dhéanfaidh an beart.  Tabhair cuairt ar Oideas Gael, Ranganna.com, gaelteanga.com, All About Irish.ieOidhreacht Chorca Dhuibhne.

Dialanna

Tús maith leath na hoibre agus seans go mbeidh áit éigin ag teastáil ó do chara chun pleananna deasa na bliana seo chugainn a scríobh síos. Tá réimse deas dialanna agus féilirí Gaeilge le fáil a dhéanfadh bronntanais dheasa. Gheofar seanfhocal an lae i Dialann 2025 atá ar fáil ar líne.

Don té nach scríobhann sa dialann ach anois is arís, tá dialann gan dáta ar fáil ó dhíoltóir eile ar Etsy agus féadfaidh siad é a líonadh isteach nuair a bhuaileann splanc inspioráide iad.

Nó cuir slacht ar an deasc oibre leis an bhféilire deisce atá ar fáil ó Connect The Dots studio ar Etsy.

Féilirí

Tá féilire balla breá téagartha ag an siopa Fadó Fadó as Béal Feirste le fáil ar Etsy, chomh maith le prionta deas don bhliain nua agus an mana ‘An Donas Amach is an Sonas Isteach’ air.

Más do do namhaid atá tú ag ceannacht, tá muigín mallachtaí acu freisin.

Pitseámaí

Má tá céad míle neacht agus nia agat b’fhiú breathnú ar an rogha pitseámaí Nollagúla atá ar fáil ó Dunnes Stores agus Gaeilge orthu. Tá pitseámaí den stíl chéanna ar fáil don chlann ar fad ó bhailiúchán Leigh Willow ó Dunnes Stores agus ‘Nollaig shona’ scríofa orthu. Bhí sé chomh maith duit géilleadh don fhaisean nua seo, ní fheicfidh éinne thú.

Táirgí Tí

Tá rogha deas cúisíní ar fáil freisin ó Dunnes ar phraghas réasúnta agus ‘Nollaig Shona’ nó ’Is Maith Liom Santaí’ scríofa orthu.

Cártaí dearfacha

Deir Oidhreacht Chorca Dhuibhne go bhfuil fianaise ann go gcabhraíonn ráitis dhearfacha go mór le neartú féinmhuinín an duine agus ba dheacair easaontú leo tar éis triail a bhaint as a bpaca cártaí ráitisí dearfacha, Abair Amach É!!!. Beifear buíoch astu go háirithe sa bhliain nua nuair atá Santaí ag ligint scíthe ag baile agus na maisiúcháin Nollag á gcur ar ais sa bhosca. Ní hamháin dearfach ach Gaelach chomh maith atá na cártaí breátha seo a deir rudaí ar nós ‘Déanfad gaisce inniu’ nó ‘Is féidir liom aon ní a chuirim romham a chur i gcrích’.

T-Léine Ghaelach

’Ní thagann ciall roimh aois. Ní thagann ciall le haois. Ní thagann ciall’ ceann de na manaí i nGaeilge atá le feiceáil ar húdaithe An Spailpín Fánach an séasúr seo. Ní hí aimsir na Nollag í nó go dtabharfaidh tú cuairt ar shiopa An Spailpín Fánach sa gCeardlann sa Spidéal nó ar líne ón Spailpín Fánach.

Cártaí Nollag

Ná scaoil an Nollaig tharat gan cártaí Nollag a fháil ón siopa Mireog atá suite sa tSeanphobal in An Rinn nó tá siopa ar líne acu ar Etsy. Ealaíontóir den chéad scoth í Shona Shirley Macdonald, duine de na bunaitheoirí, agus déanann sí dearadh ar chártaí Nollag, t-léinte, priontaí agus réimse earraí Gaelacha.

Tá rogha iontach cártaí Nollag agus cártaí beannachtaí eile ar fáil ó Charoline Uí Chualáin. Cuireann sí cártaí spraíúla ar fáil chomh maith le réimse teoranta priontaí ar pháipéar ardchaighdeáin.

Síntiús irise

Má tá aon duine ar d’aithne a dtaitníonn sé leo an t-earra mistéireach álainn ársa sin a dtugtar iris chlóite air a fháil ina lámh, b’fhiú go mór smaoineamh ar shíntiús a fháil dóibh do Comhar. Ní mór na hirisí clóite Gaeilge atá fágtha againn ach tá an foilseachán spioradálta An Timire linn i gcónaí. Tá eagrán nua den iris liteartha bhreá Aneas ar fáil faoi láthair chomh maith.

Leabhar Gaeilge

Is iontach an rogha agus an éagsúlacht a bhaineann le foilsitheoireacht na Gaeilge faoi láthair – fiafraigh d’eagarthóir léirmheasanna Tuairisc é! – agus tá leabhar le fáil mar fhéirín do gach duine is cuma cén seánra is ansa leo.

Sár-úrscéal é Bódléar le Darach Ó Scolaí don té a dtaithníonn an ficsean leis agus más leabhar neamhfhicsin atá uait bligeard a gheobhadh locht ar insint bheoga sholéite Rónáin Mhic Con Iomaire ar stair chearta sibhialta na Gaeltachta sa leabhar An Ghluaiseacht.

Leabhar fíorspeisialta faoin dúlra é Crainn agus Toir, scothshaothar taighde Mháirín Uí Chonchubhair, a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin. Níl aon easpa filíochta orainn faoi láthair ach oiread agus, ‘féirín thar fhéiríní an tsaoil’ mar shampla, a thug ár léirmheastóir ar An Craiceann agus a Luach le Eithne Ní Ghallchobhair.

D’fhéadfá splancfhicsean a chur sa stoca Nollag do dhuine éigin chomh maith ach cóip a cheannach de Geansaithe Móra le Gearóidín Nic Cárthaigh, buaiteoir an ghradaim do leabhar Gaeilge na bliana ag na An Post Irish Book Awards. Agus sin go léir gan trácht ar an rogha atá ann i mbliana do pháistí.

An Braoinín Gaelach

Más é an braoinín beag is maith leis an duine atá ar do liosta daoine deasa i mbliana tá rogha bhreá deochanna Gaelacha romhat. An é an poitín a shantaíonn Mamó? Beidh sí breá sásta le buidéal Micil Poitín as Cois Fharraige. Tá Micil tar éis cur lena tháirgí ó céadbhunaíodh an stil Ghaeltachta in 2016 agus tá jin, fuisce, agus licéar uachtair ar fáil anois uathu.

Más fearr leat blas Uladh ar do chuid fuisce, nó vodca Gaeltachta a thriail, tá an dá rud sin ag an Sliabh Liag Distillery ar an gCarraig in iardheisceart Dhún na nGall. ‘Assaranca’ an t-ainm atá ar a vodca siúd, é ainmnithe as Eas an Fhrancáin, agus ‘An Dúlamán’ atá ar a jin, ar a bhfuil blas na farraige ó na botanicals feamainne a úsáidtear sa stiléireacht.

Thiar i dTig Bhric a dhéantar an bheoir Ghaeltacthta ‘Beoir Chorca Dhuibhne’. Tá leannta gealbhuí, leannta dubha, leannta rua, agus pórtair ar fáil ón ngrúdlann ar an Réisc agus ainmneacha breátha Gaeltachta orthu uilig – Cúl Dorcha, Carraig Dhubh, agus Béal Bán mar shampla. Is féidir cásanna beorach a ordú díreach ón ngrúdlann.

Earraí cniotáilte

Agus an mhearcair tite faoi bhun an ‘náid’ cúpla babhta cheana féin ar an teirmiméadar is cinnte go bhfuil gormaire nó fuaramán éigin i measc do mhuintire a dtaitneodh geansaí breá olla go mór leis. Ón Málainn Mhóir i nGaeltacht Dhún na nGall a gheobhaidh tú cuid de na geansaithe olla is deise in Éirinn, agus earraí d’fhir agus do mhná ar fáil ó Rossan Knitwear.

Más duine an-speisialta ar fad é an té a bheidh á bhurláil féin i scaif, geansaí, nó hata olla d’fhéadfá súil a chaitheamh ar a bhfuil ar fáil ó mhonarcha Chniotáil Inis Meáin in Oileáin Árann. Idir €275 agus €1,245 a chosnaíonn earraí Inis Meáin, mar sin bí cinnte go seiceálann tú do liosta faoi dhó sula mbíonn tú cinnte go bhfuil bronntanas mar é tuillte!

Ceirníní

Déan dearmad ar an bhfuilibiliú ar fad faoi Kneecap – na duaiseanna, na conspóidí, na cásanna cúirte, na seifteanna margaíochta agus na ráitis mhóra shochtheangeolaíochta – agus ceannaigh a gcéad cheirnín Fine Art don Ghael i do shaol a dtaithníonn rap ar an seandéanamh leis le buillí móra mealltacha agus barraí beaga cliste. Díol suime i gcónaí saothar an bhanna IMLÉ a bhfuil an dara halbam, Fáilte Isteach, tagtha, ach más ar cheannaitheoir ceirníní atá tú ag smaoineamh, tá leagan vinyl dá gcéad albam ar fáil ó Ghael Linn.

Dearbhán bialainne

Shílfeá nach dtéann mí tharainn nach luaitear an caifé beag Gaeltachta Pota ar an Tulaigh i gCois Fharraige agus gradam eile buaite acu. Bíonn an-tóir ag cuairteoirí agus muintir na háite araon ar an mbia orgánach a bhíonn á réiteach ag Diarmuid Ó Mathúna agus a fhoireann sa chistin agus dhéanfadh dearbhán do bhéile ansin bronntanas breá. Is minic a bhíonn ceardlanna agus taispeántais ar siúl sa Phota freisin – smaoineamh eile don bheadaí i do shaol.

Earraí ceardaíochta

Ní ar chontae na Mí a smaoinítear go hiondúil nuair a chloistear an focal ‘bréidín’ ach tá Anna Ní Dhonnchú i Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí tar éis an tuairim sin a athrú lena comhlacht beag ‘Bréidín na Bóinne’. Tá réimse deas earraí fite – blaincéid, seálanna, scaifeanna, agus eile – ar fáil uaithi agus iad uilig déanta de láimh ar sheol traidisiúnta i Ráth Chairn.

Tá cáil i bhfad is i gcéin ar an bpotaire agus an file Louis Mulcahy atá lonnaithe i gCloichear i gCorca Dhuibhne as feabhas a chuid earraí potaireachta. Tá an oiread sin earraí ar fáil óna shiopa gur deacair rud ar leith a roghnú. Má bhíonn tú féin sa bhád céanna, agus gan a bheith in ann próca, pota, ná pláta a roghnú, d’fhéadfá dearbhán don siopa a fhágáil faoin gcrann Nollag.

Ceird álainn nach gcleachtar chomh minic sin níos mo ná an chaoladóireacht. Tá sí beo beathach mar cheird i gCeardlann an Spidéil i gCois Fharraige agus ciseáin, ciseoga, málaí, babhlaí, agus ornáidí á ndéanamh ag Ciarán Hogan ansin.

Seoda Gaeilge

Cuimhnigh go raibh an spideog ag obair do Dhaidí na Nollag i bhfad sula raibh aon chaint ar eilfeanna ar sheilfeanna. Tá ceiliúradh ar spideoigín na Nollag déanta ag PetiteBoutique, comhlacht as Corcaigh agus fáinní cluaise spideoige déanta acu agus ‘Nollaig Shona’ scríofa orthu.

Don té sin a mbeadh duairceas mhí Eanáir sa mhullach orthu i ndiaidh ghliondar na Nollag, nár dheas focal misnigh a thabhairt dóibh. Tá leath na hoibre déanta duit ag ‘Betty and Biddy’, comhlacht as Baile Átha Cliath a dhéanann réimse seodra a bhfuil seanfhocail i nGaeilge orthu.

Téigh siar níos faide ná na seanfhocail féin agus an rogha bhreá seodra oghaim atá deartha ag Brian de Staic, déantóir seodra ealaíonta sa Daingean. Píosaí ealaíne áille is ea iad agus inspioráid tógtha aige ó sheanpheannaireacht na nGael agus ó na ciorcail rúndiamhracha sin atá ar charraigeacha Bhrú na Bóinne. Bronntanas deas don duine rúndiamhair Gaelach sin i do shaol.    

Táirgí áilleachta

Ní dochar ar bith é má deir tú ‘bíodh an fheamainn agat’ le do chara an Nollaig seo, chomh fada is go bhfuil an fheamainn sin istigh i dtáirgí áilleachta Rí na Mara. Suite i gConamara, baineann siad úsáid as feamainn orgánach ina réimse uachtar, séiream agus táirgí folcadáin atá ar fáil uathu ar líne agus i siopaí éagsúla eile cosúil le Evergreen.

Bronntanais folláine

Más am agus sos intinne an bronntanas ba mhaith leat a thabhairt i mbliana don Ghael sin i do shaol atá faoi strus tabhair cuairt ar Mharian Ní Chonghaile  a chuireann ciorcail chneasaithe agus ceardlanna aireachais is anála ar fáil trí Ghaeilge. Nó cuimhnigh ar dhearbhán le Óga Yoga a chuireann ranganna ióga ar fáil trí Ghaeilge. Más suaimhneas is faoiseamh a shantaíonn do Ghael tabhair tamall dó le Sáimhín Só i gCois Fharraige.

Síntiús CLG

Is minic ráite é gurb iad na clubanna bunchloch CLG agus gurb iad na hoibrithe deonacha bunchloch na gclubanna. Ná déanaimis dearmad ar na daoine a théann amach sa bháisteach san oíche ag díol ticéid Lotto an chlub ionas gur féidir linne seasamh sa bháisteach ar an taobhlíne ag féachaint ar ár bpáistí ag dul chun catha don pharóiste. Is féidir síntiús ar líne a cheannach anois ar líne do go leor de chlubanna na Gaeltachta agus dhéanfadh a leithéid bronntanas breá spórtúil.

Bia blasta

Seo chugat an Ghaeilge mhilis. An raibh a fhios agat go bhfuil blas níos fearr ar an mbia Gaelach ná ar aon bhia eile? Ná ceistigh é, tá sé fíor. Cuirfidh duine ar bith atá ar do liosta Nollag agat fáilte roimh bhlaisíní deasa ón mBuilín Blasta, comhlacht atá lonnaithe sa Spidéal. Breathnaigh ar na ciseáin bhronntanais atá le fáil óna suíomh.

Más dúil sna rudaí milse atá ag an té a bhfuil tú ag ceannacht dóibh téigh chuig suíomh idirlín Folláin, déantóirí suibhe agus anlann atá suite i mBaile Mhic Íre i gCorcaigh, áit a bhfaighfear chuile chineál subh a bhféadfá cuimhneamh air. Is tá na crúscaí iad féin go deas.

Fág freagra ar ' 20 bronntanas Nollag deas don Ghael i do shaol'

  • Bairbre

    Ná déan dearmad ar oystertales.ie – Chuir siad mo rogha teachtaireachta ar shliogán oisre mar mhaisiúchán Nollag dom