Seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 39 cás nua deimhnithe

Deir NPHET gur i mbraislí cásanna den chuid is mó atá an galar á scaipeadh anois in Éirinn

Seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 39 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 39 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,166 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,645 duine ó dheas den teorainn agus 521 ó thuaidh di.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh triúr eile a tholg an aicíd básaithe.

29,572 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,876 cás ó dheas den teorainn agus 4,696 cás ó thuaidh.

Dúirt Leas-Phríomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn, gur i mbraislí cásanna den chuid is mó a bhí an galar á scaipeadh anois in Éirinn.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthnóna go raibh “formhór mór” an phobail ag cloí leis an gcomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí agus d’iarr sé ar dhaoine déanamh amhlaidh sa tréimhse amach romhainn. Dúirt gur údar dóchais a bhí sna figiúirí fad is a bhain sé le bogadh ar aghaidh go dtí an dara céim de phlean díchuibhrithe an Rialtais ar an 5 Meitheamh. Chaithfí, áfach, fanacht seachtain eile sula ndéanfaí cinneadh faoi sin, a dúirt sé.

D’fhéadfadh sé tarlú, a dúirt an Dr Holohan, go dtiocfadh athrú ag deireadh na seachtaine seo chugainn ar phríomhtheachtaireacht an fheachtais i gcoinne an choróinvíris, ‘Fan sa bhaile’.

D’fhéadfadh go ndéanfaí an teachtaireacht sin sa chás go n-athrófaí an cosc taistil 5km, ar sé.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte: 

“Agus muid ag tabhairt aghaidh ar an tseachtain deiridh de Chéim a 1 den díchuibhriú is údar misnigh é go bhfuil an líon daoine atá á gcur sna hospidéil agus in aonaid dianchúraim ag titim, go bhfuil líon na gcásanna nua seasmhach agus go dtagann 90% de na hothair sa phobal ón gcoróinvíreas.

“An tseachtain seo chugainn, mholfainn do gach uile dhuine féachaint ar an dul chun cinn atá déanta againn le roinnt seachtainí agus leanúint lenár n-iarrachtaí an Covid-19 a chur faoi chois ar fad.” 

Dr Ronan Glynn. Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte: 

“An deireadh seachtaine saoire bhainc seo, molaimid do chuile dhuine sásamh a bhaint as an dea-aimsir ach cloí leis na treoirlínte atá i bhfeidhm ag an am céanna.

Dúirt an Dr Glynn go raibh an Roinn Sláinte ag meabhrú do dhaoine nóta a choinneáil de na daoine a gcasfaidh siad leo agus iad taobh amuigh ionas go mbeidh sé níos éasca teagmháil a dhéanamh leo má bhuaileann an Covid-19 iad.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,032 den 1,645 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 902 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

6,605 cás a bhaineann le hionaid chúraim, méadú 37 cás.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 24,837 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Céadaoin, an 27 Bealtaine:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,270 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 404 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim. (44 duine a bhí in ICU inniu.)
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,943 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,023 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,464 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,416 cás, nó 6%
  • 476 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 477 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 152 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 793 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 569 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 40% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%.

Don 12ú lá as a chéile níor fógraíodh aon chás nua de Covid-19 i gCiarraí. 308 cás atá ann i gcónaí. Bhí an méid céanna cásanna i nDún na nGall Dé Céadaoin is a bhí 10 lá roimhe sin.

Fág freagra ar 'Seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 39 cás nua deimhnithe'