200 duine níos mó básaithe sa Tuaisceart de bharr Covid-19 ná mar atá sna figiúirí laethúla

De réir tuarascáil a d’fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, níl baol mór ag baint le scoileanna maidir le scaipeadh an ghalair

200 duine níos mó básaithe sa Tuaisceart de bharr Covid-19 ná mar atá sna figiúirí laethúla

Tá triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

17 cás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.

2,160 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,639 duine ó dheas den teorainn agus 521 ó thuaidh di.

Ach de réir eolais a d’fhoilsigh Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) inniu, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 521.

716 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 22 Bealtaine. 504 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

De réir an eolais is déanaí ó NISRA bhain 380, nó 53.1%, den 716 bás de dheasca Covid-19 go dtí seo le hionaid chúraim. 76 ionad cúraim a bhí i gceist. 137 ráig a bhí in ionaid chúraim an Tuaiscirt go dtí seo.

29,537 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,841 cás ó dheas den teorainn agus 4,696 cás ó thuaidh.

Idir an dá linn, de réir tuarascáil a d’fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte níl baol mór ag baint le scoileanna maidir le scaipeadh an ghalair.

Mar chuid den taighde féachadh ar chásanna seisir – triúr páistí agus triúr daoine fásta a tholg Covid-19 nuair a bhí na scoileanna fós oscailte.

Fuarthas amach nár tholg aon duine de 1,000 duine a raibh gartheagmháil acu leis an seisear an galar uathu.

Deirtear sa tuarascáil gur chóir go mbeadh oscailt na scoileanna ar na beartais luatha i bplean díchuibrithe.

Dheimhnigh an Taoiseach tráthnóna go n-osclófaí na scoileanna arís ag deireadh mhí Lúnasa nó tús mhí Mheán Fómhair, mar atá leagtha amach sa chéim dheireanach de phlean díchuibhrithe cúig thréimhse an Rialtais.

D’fhógair an Taoiseach chomh maith nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas síneadh a chur ag deireadh na míosa seo chugainn  leis an socrú atá acu leis na hospidéil phríobháideacha ach rachfar i mbun idirbheartaíochta leo an uair sin faoi mhargadh nua a cheadódh lán-úsáid na n-ospidéal sa chás go dtiocfadh an dara ráig den ghalar.

Fág freagra ar '200 duine níos mó básaithe sa Tuaisceart de bharr Covid-19 ná mar atá sna figiúirí laethúla'