Séanta ag comhlacht ceadaithe tithíochta go bhfuil siad ag dul in aghaidh polasaithe teanga sa nGaeltacht

Dúirt Tuath gur comhlíonadh an coinníoll teanga d’fhorbairt nua i mBearna sular tháinig an comhlacht isteach sa scéal ar chor bith

Séanta ag comhlacht ceadaithe tithíochta go bhfuil siad ag dul in aghaidh polasaithe teanga sa nGaeltacht

Tá séanta ag an gcomhlacht ceadaithe tithíochta sóisialta Tuath go bhfuil an scéim tithíochta atá á reáchtáil acu i nGaeltacht na Gaillimhe “ag dul in aghaidh pholasaithe an rialtais” mar a mhaígh duine de na hOifigigh Pleanála Teanga.

Mhaígh Micheál Ó Mainín, atá ina OPT le Gaeilge ABC i mBearna agus Cnoc na Cathrach, go bhfuil an cur chuige i gcás na scéime tithíochta Ard Raithní i mBearna “ag dul in aghaidh phlean teanga ABC” mar gheall nach bhfuil aon teach fágtha ar leataobh do chainteoirí Gaeilge sa scéim tithíochta ar cíos de réir costais.

Dúirt Ó Mainín go raibh sé “ag impí” ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ar Thuath tithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge sa scéim tithíochta sin.

Mhaígh sé nach bhfuil “aon teach fágtha” do chainteoirí Gaeilge sa scéim tithíochta ar cíos de réir costais agus gur cheart “bearta cosanta” a chur i bhfeidhm in “aon scéim tithíochta sóisialta sa nGaeltacht”.

“Ba cheart bearta cosanta a bheith curtha i bhfeidhm in aon scéim tithíochta sóisialta sa nGaeltacht lena chinntiú go bhfuil rochtain ag Gaeilgeoirí ar na scéimeanna, agus go bhfuil tosaíocht tugtha dóibh, agus tá sé níos tábhachtaí arís i gcás Ghaeltacht Chonamara, ceantar nach bhfuil aon scéim tithíochta sóisialta nua ann, ach i mBearna amháin,” a dúirt Ó Mainín.

Dúirt sé go bhfuil an scéim atá i bhfeidhm ag Tuath faoi láthair ag dul “in aghaidh phlean teanga ABC” i mBearna agus i gCnoc na Cathrach agus go dtéann sé “in aghaidh Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe”.

Mhaígh sé freisin go bhfuil an scéim ag dul in aghaidh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

“Mar sin, téann sé in aghaidh pholasaithe an rialtais ag chuile leibhéal. Tá sé fíordhúshlánach an Ghaeilge a chur chun cinn gan tacaíocht cheart ó chuile leibhéal stáit agus nuair nach bhfuil polasaithe curtha i bhfeidhm,” a dúirt sé.

Dúirt Tuath, i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc, gur comhlíonadh an coinníoll teanga d’Ard na Raithní sular tháinig Tuath isteach sa scéal ar chor bith.

“Tá lúcháir ar Thuath a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an gcéad togra cíos de réir costais a chur ar fáil laistigh den fhorbairt Ard Raithní i mBearna, forbairt a bhfuil 115 teach ar fad ann agus ina bhfuil meascán de thithe sóisialta, tithe cíos de réir costais, agus tithe príobháideacha.

“Tá clásal feidhme 20% Gaeilge ann don fhorbairt ar fad agus cloíodh leis sin sular tháinig Tuath ar bord. Tá na tithe de réir costais á bhfógairt i nGaeilge agus i mBéarla lena chinntiú go mbeidh an deis chéanna ag iarrthóirí le Gaeilge teach a fháil san fhorbairt,” a dúradh sa ráiteas ó Tuath.

Cé go bhfuil an coinníoll teanga atá ann don 115 teach atá in Ard Raithní á chomhlíonadh ar an iomlán, níl aon teach laistigh den scéim cíos de réir costais curtha ar leataobh do chainteoirí Gaeilge agus d’fhéadfadh sé tarlú nach bhfaigheadh cainteoir Gaeilge ar bith ceann de na tithe cíos de réir costais atá á gcur ar fáil ag Tuath.

Tá an scéim Cíos de réir Costais dírithe ar theaghlaigh a bhfuil níos lú ná €59,000 de theacht isteach in aghaidh na bliana acu. Bunaítear an cíos a íoctar ar na costais tógála, bainistíochta, agus cothabhála a bhaineann leis na tithe. Bíonn an cíos ar a laghad 25% faoi bhun chíos an mhargaidh sa cheantar.

Is na comhlachtaí ceadaithe tithíochta (AHB), na comhairlí contae, agus an Ghníomhaireacht Forbartha Talún a sholáthraíonn tithe faoin scéim. Tá na tithe ceaptha a bheith ar fáil do dhaoine a thuilleann an iomarca airgid le teach a fháil faoi scéim tithíochta sóisialta ach nach bhfuil in ann cíos an mhargaidh a íoc le tiarna príobháideach talún.

Tá sé molta ag ann ngrúpa feachtais Bánú go mbunódh Údarás na Gaeltachta AHB ar leith a d’fhreastalódh ar chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus a chuirfeadh tithíocht inacmhainne ar fáil dóibh.

Ag cruinniú de chuid Bhánú níos túisce i mbliana dúirt Cian Darby Ó Fatharta, atá ar choiste an ghrúpa feachtais, nach raibh bac ar bith ann a leithéid a bhunú agus go bhféadfaí ciste airgid a fháil ón rialtas trí Chomhairle Contae na Gaillimhe leis an scéim a rith agus go mbeadh talamh atá i seilbh an Údaráis cheana féin á húsáid le tithe nua a thógáil.

Fág freagra ar 'Séanta ag comhlacht ceadaithe tithíochta go bhfuil siad ag dul in aghaidh polasaithe teanga sa nGaeltacht'