Líon na suíochán: 3
Tá Tiobraid Árann roinnte ina dhá dháilcheantar trí shuíochán. Dáilcheantar cúig shuíochán a bhí ann in 2020. Síneann an dáilcheantar ó Dhurlas Éile ó thuaidh go Ros Cré agus Aonach Urmhumhan chomh fada le bruach na Sionainne. Tá cuid d’iarthar Chill Chainnigh timpeall ar Áth na nUrlainn curtha leis, limistéar ina bhfuil thart ar 4,000 vóta.
Michael Lowry (Nspl) a bhí ar bharr an chomhairimh in 2020 agus in 2016 nuair a bhí an contae ar fad ina dháilcheantar amháin agus seans maith go mbeidh sé ar bharr an chomhairimh an babhta seo chomh maith, mar gur i dtuaisceart an chontae atá a bhunáit tacaíochta, ó chuir Fine Gael cosc air seasamh in olltoghchán 1997 de bharr líomhaintí tromchúiseacha a rinneadh nuair a bhí sé ina Aire i rialtas John Bruton.
Ní hamháin gur fhág sé Fine Gael ach thug sé leis cuid mhaith de na daoine a bhíodh ag obair d’Fhine Gael i dTuaisceart Thiobraid Árann aimsir thoghcháin. Tá eagraíocht aige féin ar a dtugtar ‘Team Lowry’ agus níl cúis ar bith a cheapadh nach mbeidh sé ar bharr an chomhairimh arís agus go mbeidh sé sásta a vóta sa Dáil a thrádáil leis an rialtas.
Bhíodh cumhacht áirithe ag Lowry (FG) nuair a bhíodh an rialtas ag brath ar a vóta. Comhartha dá easpa tionchair nár éirigh le hoiread is togra amháin spóirt san áit maoiniú stáit a fháil ón rialtas. Is cúis mhór ghearáin i dTiobraid Árann nár tugadh maoiniú le Staid Semple a fheabhsú.
Ag seasamh d’Fhine Gael sa toghchán seo tá an comhairleoir Phyl Bulger, a fuair 1,636 vóta sa gceantar thart ar an Leaca Mhór ar an teorainn le contae Luimnigh. Ó tharla go bhfaigheann Lowry an chuid is mó den vóta traidisiúnta a bhíodh ag Fine Gael, drochsheans go mbeidh sí san iomaíocht ag an deireadh.
Tá fadhb ag Fianna Fáil chomh maith. Shocraigh Jackie Cahill (FF), a toghadh den chéad uair in 2016 agus arís in 2020, gan dul san iomaíocht an uair seo.
Tá seans ag Sinn Féin suíochán breise a fháil. Tá Michael Lowry (Nspl) cinnte agus tá Alan Kelly (LO) i mbaol a shuíochán a chailliúint. Tá beirt roghnaithe le seasamh in iarracht suíochán Cahill choinneáil: An Comhairleoir Michael Smith (FF) as Ros Cré, a bhí ar bharr an chomhairimh sna toghcháin áitiúla le 2,460 vóta agus an Comhairleoir Ryan O’Meara (FF) as Aonach Urmhumhan a toghadh i mbliana den chéad uair ar an gComhairle Contae le 1,822 vóta. Is mac é Michael Smith (FF) leis an iarAire Michael Smith, a raibh suíochán aige ar feadh na mblianta. Má fhaigheann sé vótaí aistrithe maith óna chomhghleacaí Ryan O’Meara (FF) bheadh seans an-mhaith aig Smith ar shuíochán.
San iomaíocht don Lucht Oibre tá iarcheannaire an pháirtí, Alan Kelly (LO), nó AK47 mar a thugtar é de bharr a stíl chainte. Tá suíochán aige ó 2011. Ach ní suíochán sábháilte é sin. Is as an gceantar céanna dhó féin agus Phyl Bulger (FG) agus ba cheart go mbeadh roinnt vótaí aistrithe le fáil aige uaithi, má chuirtear as an áireamh í.
In Aonach Urmhumhan atá Alan Kelly (LO) lonnaithe agus beidh sciob sceab ar vótaí sa mbaile sin idir é féin agus Michael Smith (FF). Is deacair dhá shuíochán a fheiceáil ag dul don bhaile céanna ach d’fhéadfadh sé tarlú.
Glactar leis go mbeidh suíochán amháin ag Michael Lowry (Nspl). De na iarrthóirí neamhspleácha eile atá san iomaíocht, is fiú aird a dhíriú ar an gComhairleoir Jim Ryan (Nspl) a fuair 2,435 sna toghcháin áitiúla i nDurlas Éile, an baile is mó i ndeisceart an dáilcheantair. Tá cúlra Fianna Fáil aige agus gan Jackie Chahill (FF) a bheith san iomaíocht, shamhlóinn go bpiocfaidh sé suas cuid mhaith den vóta a bhí ag Cahill (FF) thart ar Dhurlas Éile. Beidh sé san iomaíocht ag an deireadh, seans le Alan Kelly (LO) don tríú suíochán.
Tá beirt ag seasamh do Shinn Féin sa Dáilcheantar: Evan Barry (SF) a sheas sna toghcháin áitiúla i gCill Chainnigh, an t-aon iarrthóir as Cill Chainnigh ar an liosta, go bhfios domsa, agus Dan Harty (SF) a fuair 742 i gceantar Dhurlas Éile sna toghcháin áitiúla, ach nár toghadh. Seans go n-aistreoidh a vóta i dtreo an Chomhairleora Jim Ryan (Nspl).
Ag seasamh chomh maith sa Dáilcheantar tá Diana Dwyer (PsB) do Phobal Seachas Brabús agus Francis O’Toole (Aon) d’Aontú. Ar an eite dheis tá Peter Madden (IP) ag seasamh don Irish People.
Chomh maith le Michael Lowry (Nspl) agus an Comhairleoir Jim Ryan (Nspl) tá iarrthóir eile neamhspleách Liam Minehan (Nspl) atá bainteach leis an bhfeachtas ‘Fight the Pipe’, feachtas atá ag cur in aghaidh uisce ón tSionainn a bheith á chur i bpíobán go Bleá Cliath. Ar an bpáipéar ballóide chomh maith tá Justin Roundy Phelan (Nspl).
Tuar Tuairisc: FF 1; LO 1; Nspl 1
Líon na suíochán: 3
Tá Tiobraid Árann Theas ina dháilcheantar as féin arís, mar a bhí in 2011 agus tá triúr le toghadh. Dháréag (12) iarrthóirí atá san iomaíocht. Beidh an iomaíocht géar mar go mbeidh Fine Gael ag iarraidh suíochán a bhuachan anseo. Is deacair a chreidiúint nár éirigh le Fine Gael suíochán a fháil i dTiobraid Árann ó toghadh Tom Hayes in 2011, an bhliain dheireanach a raibh Tiobraid Árann Theas as féin. An bhliain chéanna a toghadh Mattie McGrath (Nspl) den chéad uair tar éis dó Fianna Fáil a fhágáil mar nach nglacfadh Ardoifig an pháirtí leis mar iarrthóir.
Ba é Séamas Healy (WUA), Workers and Unemployed Action, a fuair an chéad suíochán ansin in 2011, suíochán a chaill sé in 2016 agus agus ar theip air é a fháil ar ais in 2020. Tá sé san iomaíocht arís i mbliana agus é féin ag ceapadh go bhfuil seans níos fearr aige i ndáilcheantar trí shuíochán sa gcuid den chontae is mó a mbeadh aithne air, seachas i ndáilcheantar cúig shuíochán. (Rabhadh! Is col seisear liom é).
Sa Dáilcheantar seo fuair Martin Brown (SF) suíochán do Shinn Féin. Bhí vóta ard céadrogha aige – 10,004 – agus fuair sé 2,082 vótaí aistrithe ó Shéamas Healy (WUA) agus bhí an an tríú suíochán as na cúig shuíochán aige dá bharr. Anois is gan ann ach trí shuíochán ann, beidh brú ar a vóta, go speisialta agus an loinnir imithe de bhranda Shinn Féin.
Má tá Fine Gael le suíochán a bhuachan, beidh ar an gcomhairleoir Michael Murphy tromlach na vótaí a fháil i gCluain Meala, an baile is mó sa dáilcheantar. Sna toghcháin áitiúla fuair sé 2,746 vóta. Eisean an t-aon iarrthóir atá ag Fine Gael. Roghnaíodh é le seasamh roimh an Seanadóir Garret Ahern (FG), mac leis an iarTheachta Dála, Theresa Ahern (FG). Ach tá fadhb bheag aige.
Tá an Comhairleoir John Fitzgerald, ceantálaí i gCluain Meala san iomaíocht do vótaí Fhine Gael i gCluain Meala chomh maith. Toghadh John Fitzgerald ina chomhairleoir mí Meitheamh seo caite ag seasamh le Fine Gael agus fuair sé 1,134 vóta céadrogha. Beidh Michael Murphy (FG) ag brath ar vótaí aistrithe ó Fitzgerald len é a chur chun cinn ar Shéamas Healy (WUA), a bhfuil bunáit a thacaíochta i gCluain Meala chomh maith.
Níl ach iarrthóir amháin ag seasamh d’Fhianna Fáil, an Comhairleoir Imelda Goldsboro (FF) a toghadh sna toghcháin áitiúla do cheantar Charraig na Siúire mí Meitheamh seo caite ar bharr an chomhairimh le 1,898 vóta. Fuair sí 4,082 vóta in 2020, Seans go mbeidh 6,000 vóta aici an babhta seo, ach ní bheidh aon vótaí á n-aistriú agus d’fhéadfadh gurb iad a cuid vótaí aistrithe a thabharfadh Michael Murphy (FG) thar an líne.
Dá mhéad magadh a dhéantar faoi Mhattie McGrath (Nspl) sna meáin náisiúnta is ea is mó a thacaíocht i measc a mhuintire i ndeisceart Thiobraid Árann. Is fiú a lua gur as an gCaisleán Nua, Mattie McGrath (Nspl), ceantar a bhí aitheanta mar Bhreac-Ghaeltacht suas go dtí 1956. Tá smeadar Gaeilge ag Mattie McGrath. Níor cheart go mbeadh aon stró ar Mattie McGrath (Nspl) a shuíochán a choinneail, go speisialta nuair nach bhfuil aon iarrthóir ag Fianna Fáil i gCluain Meala.
Beidh brú ar Martin Browne (SF) a shuíochán a choinneáil. Níor éirigh le hiarrthóirí Sinn Féin ach 10% de na vótaí a fháil sna toghcháin áitiúla sna toghcheantair i dTiobraid Árann Theas. Anuas air sin tá an Comhairleoir John O’Heney ag seasamh sa gceantar is mó ina mbeadh tacaíocht ag Martin Browne (SF) agus an baol ann go mbainfidh sé an oiread vótaí de is go mbeadh sé ró-íseal le teacht aniar as. Thóg Martin Browne (SF) an suíochán in 2020 le vótaí aistrithe 2,000 ó Shéamus Healy (WUA). Leis an aistriú a fháil sa toghchán seo beidh air a bheith chun cinn ar Healy (WUA).
Tá an chuma air go mbeidh suíochán amháin ag Mattie McGrath (Nspl) agus go mbeidh suíochán ag an gComhairleoir Michael Murphy (FG) as Cluain Meala. Beidh sé ina throid don tríú suíochán idir an Comhairleoir Imelda Goldsboro (FF); Martin Browne (SF) agus Séamus Healy (Nspl).
Ag seasamh don Lucht Oibre sa Dáilcheantar tá an Comhairleoir Michael ‘Chicken’ Brennan (LO), arb as Carraig na Siúire dhó. Fuair sé 1,486 vóta sna toghcháin áitiúla. Beidh sé ag déanamh go maith má bhíonn 2,500 vóta aige. Aistreoidh a vóta go láidir i dtreo Shéamus Healy (WUA) agus geobhaidh Imelda Goldsboro (FF) roinnt chomh maith, mar gurb as an gceantar céanna í. Tá Rosemary McGlone (Aon) ag seasamh d’Aontú agus Nadaline Webster (Ind Ire) don pháirtí nua Independent Ireland. Ar an eite dheis tá John McGrath (NP) ag seasamh don National Party.
Tuar: FG 1; SF 1; Nspl 1
Fág freagra ar 'Seans ag Sinn Féin ar shuíochán breise agus Alan Kelly Pháirtí an Lucht Oibre i mbaol'