Seanfhondúirí na Cróite ag súil le haon iarracht amháin eile

Beidh an chéad lá iomlán cluichí againn ag EURO 2024 inniu agus trí chluiche le himirt, ceann mór idir an Chróit agus an Spáinn ina measc

Seanfhondúirí na Cróite ag súil le haon iarracht amháin eile

Luka Modric. INPHO/Ryan Byrne

Rogha an Lae

Is é Grúpa B an ceann is láidre in EURO 2024 i mbliana agus trí fhoireann a mbeadh súil acu na babhtaí deireanacha den chomórtas a bhaint amach ag tabhairt aghaidh ar a chéile – an Spáinn, an Chróit agus an Iodáil. Agus an Albáin bhocht caite istigh leo, bheadh tú ag súil go n-éireodh leis na boic mhóra teacht slán ón ngrúpa ach ba cheart go mbeadh cluichí suimiúla eatarthu as seo go ceann cúpla seachtain eile.

Tá cruthaithe thar cionn ag an gCróit ag Corn an Domhain le blianta beaga anuas, an cluiche ceannais sroichte acu in 2018 agus iad críochnaithe sa tríú háit an uair dheireanach ach, aisteach go leor, níl cluiche díbeartha buaite acu ag na Euros riamh.

Tá deireadh ag teacht leis an ré órga a rinne na gaiscí sin sa Rúis agus sa Chatar agus cuma na haoise ar an bhfoireann anois. Is é Luka Modrić ceannaire agus réalta na foirne go fóill ach tá fear Real Madrid 38 bliain d’aois anois agus beidh sé deacair aige a bheith i mbarr a mhaitheasa i gcónaí agus na cluichí ag teacht go tiubh te tapa. Tá na fir a bheidh taobh leis i lár na páirce, Mateo Kovačić agus Marcelo Brozović, os cionn 30 chomh maith agus an Chróit ag brath go mór ar Andrej Kramarić (32) agus Ivan Perišić (35) chun deiseanna ar chúil a chruthú.

Tá a fhios ag an Spáinn go mbíonn obair mhór i gceist foireann nua a thabhairt le chéile i ndiaidh ré órga agus imreoirí na linne seo fós faoi scáth na bhfoirne a bhuaigh Corn an Domhain in 2010 agus na Euros in 2008 agus 2012.

Cé gur maith leis an Spáinn seilbh a choinneáil ar an liathróid ar feadh tréimhsí fada, tá an bainisteoir Luis de la Fuenta, a ceapadh i ndiaidh Chorn an Domhain sa Chatar, sásta leas a bhaint as an modh díreach nuair is gá.

Tá an lá nuair a bhíodh foireann na Spáinne lán d’imreoirí ó Real Madrid agus Barcelona thart, seans gurb iad Dani Carvajal (Real Madrid) agus Yamine Lamal (Barcelona) an t-aon bheirt ón dá chlub a thosóidh don Spáinn ag tús an chomórtais. Is é Rodri Manchester City an t-imreoir is tábhachtaí atá acu agus é ina cheannaire i lár na páirce agus beidh súil ann go mbeidh Alejandro Grimaldo, a bhí ar fheabhas ar fad do Bayer Leverkusen i mbliana, in ann dul i bhfeidhm ar na cluichí ar an gcliathán clé.

Cluichí
An Ungáir v An Eilvéis – 2pm (Grúpa A)
An Spáinn v An Chróit – 5pm (Grúpa B)
An Iodáil v An Albáin – 8pm (Grúpa B)

Fág freagra ar 'Seanfhondúirí na Cróite ag súil le haon iarracht amháin eile'