I bhfad sularbh éigean do mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, bogadh isteach, go práinneach, san ionad cúraim ina bhfuil cónaí uirthi le bliain agus trí ráithe anuas, chuir mé féin agus mo dheartháir óg ar liosta feithimh í d’ionad cúraim eile, ionad a bhfuil cáil air i bhfad agus i gcóngar mar láthair cheannródaíoch i réimse an chúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer nó néaltrú de chineál eile orthu.
San ionad sin, tá an cóimheas idir othair agus fostaithe i bhfad níos lú, tá gabhair, beithígh agus ainmhithe eile acu agus ní hionann agus an t-ionad ina bhfuil cónaí ar mo mháthair faoi láthair, is féidir leis na háitritheoirí dul amach sa ghairdín leo féin, toisc go bhfuil geata mór timpeall ar an ngairdín sin agus cónaí ar nach mór chuile dhuine ar an mbunurlár.
Nuair a tháinig an crú ar an tairne nach mór dhá bhliain ó shin agus nuair ba léir dúinn nach bhféadfadh ár máthair fanacht ina teach féin oiread agus lá eile toisc gurbh bhaol í dá beatha féin, b’éigean dúinn glacadh le pé áit a bhí ar fáil.
Ach inné, nach mór cúig bliana tar éis dom mo mháthair a chur ar an liosta feithimh don ionad cúraim ceannródaíoch sin, fuair mé teachtaireacht ríomhphoist uathu: beidh áit ar fáil di gan mhoill. An bhfuil an áit sin fós uainn?
Aisteach go leor bhí mé díreach tar éis teacht abhaile ó shochraid – bean chéile col ceathrair de mo chuid a cailleadh – nuair a fuair mé an teachtaireacht sin. Bíonn dearcadh difriúil agat ar an saol nuair a bhíonn tú díreach tar éis freastal ar ócáid mar sin, dearcadh níos glinne b’fhéidir, a bhuíochas le tuiscint athnuaite ar cheann de bhunfhíricí an tsaoil: tagann meath ar an seandream agus bíonn ar an dream a bhí óg tráth agus atá meánaosta anois cinntí a dhéanamh dóibh.
Cinntí móra saoil.
An chéad rud a rith liom nuair a fuair mé an teachtaireacht sin ón ionad ceannródaíoch ná: ná déan é, tá sé rómhall.
Ní hí an áit ina bhfuil cónaí ar mo mháthair faoi láthair an áit is measa, ná baol air; tá gean mór ag na fostaithe agus ag na háitritheoirí eile uirthi agus gean mór aici féin ar an dá dhream. Cé nach ndéarfainn go bhfuil mo mháthair sona sásta ann, tá sí sásta ann, agus níos tábhachtaí fós, is léir go mothaíonn sí sábháilte ann. I bhfocail eile, tá sí sa bhaile ann.
Lena chois sin, tá mo mháthair ar thalamh an-réidh faoi láthair maidir leis an ngalar atá uirthi: is ar éigean a thabharfá faoi deara go bhfuil sí ag dul ar gcúl. Ar ámharaí an tsaoil tá sí an-sláintiúil go fisiciúil agus sin é go díreach an fáth go bhfuil amhras beag ar chúl m’aigne: má bhíonn sí beo ar feadh cúig nó sé bliana eile, nárbh fhearr di a bheith in áit ina mbeadh caighdeán an chúraim níos fearr agus ina mbeadh ar a cumas dul amach sa ghairdín, i measc na ngabhar agus na mbeithíoch, léi féin?
Ach léiríonn fianaise óna cás féin agus ó chásanna eile go bhféadfadh aistriú mar sin suaitheadh chomh mór sin a bhaint aisti go rachadh sí ar gcúl go mór agus go tobann dá bharr, agus i gcás galar Alzheimer faraor, nuair a théann duine ar gcúl, ní thagann biseach; bíonn pé cumas a chailltear caillte go deo.
Nuair a bhog mo mháthair isteach san ionad cúraim ina bhfuil sí anois bliain agus trí ráithe ó shin, thosaigh an neamhchoinneálacht ag cur as di thar oíche. Ní aimsíodh sí an leithreas, cé go bhfuil an leithreas ina seomra féin; níos measa ná sin, ní aithníonn sí an leithreas mar leithreas ó shin, agus murach an taithí atá ag an bhfoireann uirthi, bheadh i bhfad níos mó ‘timpistí’ aici ná mar a bhíonn.
Céard a tharlódh di dá dtógfadh muid amach as a baile í agus dá gcuirfeadh muid in áit nua í, áit, dá fheabhas é, nach mbeadh aithne aici ar éinne ann agus a dtógfadh sé na míonna ar an bhfoireann ann an aithne chéanna a chur uirthi agus atá uirthi ag fostaithe an ionaid ina bhfuil cónaí uirthi faoi láthair?
Phléigh mé an cás le mo dheartháir óg aréir agus táimid ar aon intinn faoi. Dá dtiocfadh an teachtaireacht ríomphoist sin bliain níos luaithe … ach anois agus ár máthair socraithe isteach san áit ina bhfuil sí, níl muid ag iarraidh dul sa tseans.
Dá mbeadh sí curtha ar an liosta feithimh sin againn bliain amháin níos túisce…
Derry
Cinneadh deacair – ach tá an socrú ceart déanta agaibh.