Tá an craoltóir aitheanta Seán Ó hÉanaigh ag dul ar scor ó RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu tar éis dó beagnach 30 bliain a chaitheamh ag obair leis an stáisiún.
Is é an lá inniu an lá deiridh ag Ó hÉanaigh, atá ina Eagarthóir Stiúrtha Clár leis an tseirbhís, ag obair i gceannáras RnaG i gCasla. Nia leis an amhránaí Joe Éinniú, bhí cáil Sheán Ó hÉanaigh mar cheoltóir agus mar chumadóir agus is í a chuid oibre i réimse an cheoil sa stáisiún is mó a luaitear leis.
Thosaigh Ó hÉanaigh ag obair le Raidió na Gaeltachta i 1993 nuair a tugadh cuireadh dó sraith cheoil a sholáthar do sceideal an tsamhraidh. Thóg Ó hÉanaigh trí mhí saor óna phost i mBord na Gaeilge le tabhairt faoin gclár nua, agus d’fhan sé ag obair le Raidió na Gaeltachta ó shin.
Tá Ó hÉanaigh luaite go mór leis an gcomórtas Réalta, comórtas nuálach a tionscnaíodh sa bhliain 1995 chun daoine a spreagadh chun amhráin i nGaeilge a chumadh.
Mar aon lena chuid cúraimí bainistíochta, chaith Ó hÉanaigh 27 bliain ag cur Sruth na Maoile i láthair, comhchraoladh le BBC Radio nan Gàidheal in Albain, lena leathbhádóir Mairi Anna Nic Ualraig.
Sa bhliain 2000 a ceapadh Ó hÉanaigh ina Eagarthóir Stiúrtha Clár agus bhí sé lárnach san fhorbairt ar chraoladh na hoíche ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Anocht fm, a tháinig ar an aer sa bhliain 2005 nuair a ceadaíodh liricí Béarla ar an stáisiún den chéad uair.
AGALLAMH: ‘Tá mo chuidse déanta’ – Seán Ó hÉanaigh ag dul ar scor óna phost le Raidió na Gaeltachta
Agus é ag éirí as, dúirt Ó hÉanaigh gurbh é mian a chroí a bheith ag craoladh do phobal na Gaeilge.
“Ó bhí mé sa scoil bheag, nuair a chuala mé Saor-Raidió Chonamara, shíl mé gurbh é an jab is fearr a d’fhéadfadh a bheith ag duine a bheith ag obair i Raidió na Gaeltachta … ag craoladh don phobal ina dteanga dhúchais féin.”
Mhol sé RnaG as na deiseanna a tugadh dó agus ghabh buíochas leis na “daoine iontacha” a bhíodh ag obair leis.
“D’imigh an t-am an-sciobtha, agus bhain mé fíorthaitneamh as mo sheal ag obair don tseirbhís raidió iontach seo.”
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur ambasadóir iontach don tseirbhís a bhí in Ó hÉanaigh mar go raibh bealach iontach aige le daoine.
“Bíonn sé gealgháireach i gcónaí, is furasta labhairt leis, ach chomh maith leis sin tá sé stuama, ciallmhar, tuisceanach agus daonna, agus b’in iad na tréithe a bhain leis i gcónaí ina shaol oibre sa Raidió. Bhain sé amach go leor mar chraoltóir, ar nós an ról lárnach a bhí aige sa tsraith Sruth na Maoile, agus mar bhainisteoir leis na forbairtí uilig atá tagtha ar an tseirbhís le blianta.
“Ní maith le Seán go ndéanfaí mórán moladh a thabhairt dó, ach tá moladh ag dul dó agus tá muid thar a bheith buíoch dó as an méid a rinne sé don Raidió. Go n-éirí leat a Sheáin.”
Seosamh Ó Cuaig
Go n-éirí an t-ádh leat, a Sheáin
Seán Ó Cíobháin
Dia leat, a Sheáin.
Seán Ó Cíobháin.