AGALLAMH: ‘Tá mo chuidse déanta’ – Seán Ó hÉanaigh ag dul ar scor óna phost le Raidió na Gaeltachta 

Ba sa bhliain 1993 a thosaigh Ó hÉanaigh ag obair leis an stáisiún Gaeltachta i stiúideo Chasla i gConamara

AGALLAMH: ‘Tá mo chuidse déanta’ – Seán Ó hÉanaigh ag dul ar scor óna phost le Raidió na Gaeltachta 

Tá an craoltóir aitheanta Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóirir Stiúrtha Cláracha le Raidió na Gaeltachta, ag dul ar scor.

Ba sa bhliain 1993 a thosaigh Ó hÉanaigh ag obair leis an stáisiún Gaeltachta i stiúideo Chasla i gConamara. 

Roimhe sin, chaith sé 14 bliain ina oifigeach airm sula bhfuair sé post mar Oifigeach Caidreamh Poiblí le Bord na Gaeilge, réamhtheachtaí Fhoras na Gaeilge. Bhí sé cúig bliana ag obair leis an eagraíocht Ghaeilge sin agus deis aige taithí craoltóireachta a fháil le Raidió na Life le linn an ama sin.

Ag trácht dó ar a shaol craoltóireachta le Raidió na Gaeltachta, dúirt Ó hÉanaigh, ar de bhunadh Charna é, gur bhain sé “sásamh as chuile nóiméad”.

“Tá mo chuidse déanta agam agus bhain mé sásamh as chuile nóiméad. D’fhoghlaim mé go leor agus chuir mé aithne ar go leor daoine. Tá seal ag chuile duine agus tá sé in am ag duine eile,” a dúirt sé. 

I lár na 90idí, a chuir Ó hÉanaigh tús le Sruth na Maoile, sraith ceoil a nascann ceol na hAlban agus ceol na hÉireann, sraith atá á craoladh go fóill ar Raidió na Gaeltachta agus ar BBC Raidió na nOileain in Albain.

Amhránaí agus cumadóir é Seán Ó hÉanaigh chomh maith agus is cúis bhróid dó an bhaint a bhí aige le reáchtáil comórtais amhrán an stáisiún, a thug ardán d’amhránaithe agus d’amhráin nuachumtha na Gaeilge. 

Maidir le Sruth na Maoile, dúirt Ó hÉanaigh gurbh í an aidhm a bhí leis an chlár muintir na hÉireann agus na hAlban a chur ar an eolas faoi cheol agus faoi chultúr an dá thír.

“Ní raibh aon ríomhairí ann an t-am sin. Bhí daoine ag brath ar an raidió le heolas a fháil,” a dúirt sé. 

Agus 27 bliain ann ó craoladh an chéad chlár sa tsraith sin an bhféadfaí a rá go bhfuil an tábhacht chéanna leis na raidió na laethanta seo?

“Tá an raidió le dul ar aghaidh de réir mhianta an phobail. Nuair a thosaigh an raidió is ar na pobail Ghaeltachta a bhí sé dírithe ach tá Gaeilgeoirí de bhunadh na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí nach de bhunadh na Gaeltachta iad ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain, a airíonn go bhfuil cuid den bhaile ar fáil sa raidió,” a dúirt sé. 

Ó ceapadh ina Eagarthóir Stiúrtha Cláracha é, tá sé sásta leis an éagsúlacht clár a bhí le cloisteáil ar an raidió. 

“Thar na blianta, bhí go leor éagsúlachta ann, ag brath ar acmhainní. Craoladh ceann de na sobaldrámaí raidió is fearr riamh Baile an Droichid ar an stáisiún, tá muid á athchraoladh faoi láthair. Chraol muid Cré na Cille. Bhí go leor cláracha ceoil againn agus go leor ardchraoltóirí le cloisteáil ar an stáisiún, Fiachna Ó Braonáin, John Spillane agus a leithéidí.” 

Ar na dúshláin is mó atá roimh Raidió na Gaeltachta, tá freastal a dhéanamh ar phobal ilchineálach na Gaeilge, a dúirt Ó hÉanaigh. 

“Le craoladh an Bhéarla, tá Radio One, tá 2FM, tá Lyric ann ach is muidne chuile shórt do chuile dhuine le Gaeilge. Tá dream le Gaeilge ar maith leo an sean-nós, tá dream le Gaeilge nach maith leo sean-nós, mar sin tá muid ag iarraidh na rudaí a chraoladh a cheapann muid atá siad a iarraidh.” 

Beidh Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 50 bliain an bhliain seo chugainn agus deis a bheas ann do lucht an stáisiúin “breathnú siar ar an méid a rinneadh agus breathnú chun cinn ar an méid atá le déanamh”. 

An mbeidh Seán Ó hÉanaigh páirteach sa cheiliúradh sin? 

“Tá mo chuid pleananna á leagan amach agam, ach is cinnte go mbeidh mé ag cumadh níos mó amhrán,” a dúirt sé. 

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Tá mo chuidse déanta’ – Seán Ó hÉanaigh ag dul ar scor óna phost le Raidió na Gaeltachta '

  • Seosamh Ó Cuaig

    Go n-éirí an chuid eile de do shaol leat, a Sheáin, Bhí sé éasca plé leat i gcónaí.

  • Mairead de Faoite

    Ath mór, agus gura míle maith agat, a Sheán. Go n-éirí leat.

    Máiread.