Tá duine de na cainteoirí Gaeilge a bhí á lua le toghchán na huachtaránachta tar éis é féin a chur as an áireamh. D’fhógair an Feisire Eorpach Seán Kelly inniu go bhfuil a ainm á tharraingt siar aige ón gcomórtas inmheánach a bhí le reáchtáil ag Fine Gael le hiarrthóir an pháirtí don toghchán a roghnú.
Dúirt Kelly gur léir dó nach bhfaigheadh sé an fiche vóta atá ag teastáil uaidh ón bpáirtí parlaiminte leis an ainmniúchán a fháil.
Ghabh sé buíochas leis na daoine a thug a gcuid tacaíochta dó go dtí seo, dháréag ball den pháirtí parlaiminte ina measc, ach dúirt nach leor é lena ainm a chur ar an bpáipéar ballóide.
Dá roghnódh a chomhghleacaithe i bhFine Gael don toghchán é, a dúirt sé, ba é an “onóir ba mhó [dá] shaol é”. Dúirt sé go gceapann sé go fóill go mba shláintiúil agus go mba mhaith an rud é don pháirtí dá mbeadh comórtas ann don ainmniúchán ach gur léir dó nach n-éireodh leis féin.
“Fillfidh mé ar an mBruiséil tráthnóna agus coinneoidh mé orm ag obair go crua ar son mhuintir mo thoghcheantair i nDeisceart Éireann ag an staid chinniúnach seo do pholaitíocht na hEorpa agus an domhain.
“Guím gach rath ar Heather Humphreys don fheachtas atá le teacht. Is sár-iarrthóir í agus tabharfaidh mé gach cabhair di chun an Uachtaránacht a bhuachan di féin agus don pháirtí,” a dúirt sé.
Fágann cinneadh Kelly éirí as an bhfeachtas nach bhfuil ach aon iarrthóir amháin a bhfuil an Ghaeilge ar a toil aici á lua leis an toghchán. Tá Catherine Connolly, Teachta Dála as Gaillimh Thiar, ag seasamh don uachtaránacht agus tacaíocht aici ó pháirtithe éagsúla ar an eite chlé – Na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre, agus Pobal Seachas Brabús. Is cainteoir líofa Gaeilge í Connolly a bhíonn le cloisteáil go rialta ar na meáin Ghaeilge.
Cé gur fhreastail Heather Humphreys, an t-aon duine atá ag seasamh d’ainmniúchán Fhine Gael, ar chúrsa teanga in Oideas Gael i nGaeltacht Dhún na nGall tamall de bhlianta ó shin, níl an Ghaeilge ar a toil aici.
Níl Gaeilge líofa ag Jim Gavin, atá á lua go láidir le hainmniúchán Fhianna Fáil agus a bhfuil tacaíocht faighte aige ón Taoiseach agus go leor eile sa pháirtí, ach an oiread cé go maítear go bhfuil sé “báúil” don teanga.
Dúirt iarbhainisteoir fhoireann peile Átha Cliath féin sa litir a sheol sé chuig baill Fhianna Fáil ag lorg a dtacaíochta go n-úsáidfeadh sé Áras an Uachtaráin le “teanga na hÉireann a chur chun cinn”. Tá roinnt Gaeilge freisin ag Billy Kelleher, an Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil a bhfuil suim léirithe aige in ainmniúchán an pháirtí.
Thug duine eile a bhfuil spéis léirithe aige san uachtaránacht, Gareth Sheriden, le fios go bhfuil ranganna Gaeilge á ndéanamh aige ó d’fhill sé ar Éirinn i mí Aibreáin na bliana seo. Dúirt sé go bhfuil “Gaeilge na hArdteiste” aige ach go bhfuil diancheachtanna á ndéanamh aige faoi láthair le Cliste Grinds School.
Fág freagra ar 'Seán Kelly éirithe as feachtas na huachtaránachta'