‘Seán agus ‘Saoirse’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta in 2017, ach ‘Fionn’ agus ‘Aoibheann’ ag teacht

Tá liosta iomlán na n-ainmneacha is coitianta a tugadh ar ghasúir an stáit in 2017 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

‘Seán agus ‘Saoirse’  na hainmneacha Gaeilge is coitianta in 2017, ach ‘Fionn’ agus ‘Aoibheann’ ag teacht

Is iad ‘Seán’ agus ‘Saoirse’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta a tugadh ar ghasúir in Éirinn anuraidh de réir an liosta ainmneacha is déanaí atá foilsithe ag an CSO.

Tá liosta iomlán na n-ainmneacha is coitianta a tugadh ar ghasúir an stáit in 2017 foilsithe acu agus, mar a tharla in 2016, tá ‘Seán’ agus ‘Saoirse’ ar bharr na liostaí ó thaobh ainmneacha Gaeilge arís.

Tugadh ‘Seán’ ar 453 buachaill a rugadh sa stát anuraidh, rud a d’fhág go raibh an t-ainm sin sa chúigiú háit ar liosta iomlán na n-ainmneacha. Rugadh 281 ‘Saoirse’ in 2017, dóthain acu chun an cúigiú háit déag a bhaint amach ar mhórliosta na gcailíní.

Níl aon athrú tagtha ar na hainmneacha Béarla is coitianta. Tá ‘Jack’ ar bharr liosta na mbuachaillí go fóill, mar a bhí gach bliain ó 2007, seachas in 2016. Ba é ‘Emily’ an t-ainm is coitianta do chailíní a rugadh in Éirinn in 2017, mar a bhí gach bliain ó 2011.

Ó thaobh na n-ainmneacha Gaeilge eile ba choitianta, tá ‘Oisín’, ‘Fionn’, ‘Liam’ agus ‘Cian’ uile i measc an 20 ainm is coitianta ar mhórliosta na mbuachaillí. Ba é ‘Aoife’ an t-aon ainm eile a bhí chomh hard sin ar liosta na gcailíní.

Bhí ‘Aoibheann’ (67), ‘Aoibhin (68) agus ‘Aoibhinn’ (71) uile thart ar an áit chéanna ar liosta na gcailíní. Is í seo an chéad uair don ainm ‘Aoibhin’ bheith i measc an 100 ainm is coitianta ar liosta na gcailíní.


 

 

 

 

 

 

 


De réir staitisticí an CSO, is iad ‘John’ agus ‘Mary’ na hainmneacha ba choitianta a tugadh ar ghasúir i 1967. Caoga bliain ina dhiaidh sin, tá John anois sa 22ú háit ar liosta na mbuachaillí agus tá ‘Mary’ tite go dtí an 91ú háit.

Ní raibh ainm Gaeilge ar bith i measc an 30 ainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí ná ar chailíní i 1967.

De réir na bhfigiúirí a d’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha níos luaithe i mbliana, ba iad ‘Aoife’ agus ‘Liam’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta a bhí ar phasanna a tugadh do leanaí a bhí faoi bhun trí bliana d’aois in 2017. Murab ionann agus an liosta a eisíonn Oifig na bPasanna gach bliain, cuirtear san áireamh ar liosta seo an CSO gach gasúr a cláraíodh sa stát le linn na bliana 2017.


Fág freagra ar '‘Seán agus ‘Saoirse’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta in 2017, ach ‘Fionn’ agus ‘Aoibheann’ ag teacht'