Gníomhaíocht 1:
An teideal: ‘Saol na tuaithe in Éirinn faoi láthair.’
- Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
- Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
- Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtí.
- Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.
Gníomhaíocht 2:
- Déan na smaointe/topaicí is fearr a roghnú.
- Anois caithfidh tú slacht a chur orthu.
- Struchtúr Aiste:
1. Tabhair comhthéacs/réamhrá
2. Labhair faoi ghnéithe difriúla den teideal (alt do gach ceann).
3. Conclúid
Smaoinigh ar na ceisteanna thíos agus tú ag pleanáil an scéil.
a) Cúlra/stair
b) Cad is cúis leis
c) Cad deir daoine faoi
d) Na tuairimí atá agat féin faoi
e) Buntáistí/míbhuntáistí
f) Réiteach/Moltaí – céard ba cheart a dhéanamh
g) Dúshláin/fadhbanna
h) Tréithe atá ag rud
i) Céard a tharlóidh amach anseo
j) An bhfuil rudaí go maith/go dona nó sásúil/míshásúil
Gníomhaíocht 3:
Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:
a) Bánú na tuaithe
b) Seirbhísí riachtanacha
c) Seolta a ardú
d) Gach mac máthar
e) In ainneoin
f) Mealltach
g) An geilleagar ag teip
h) Monarchana
i) Snámh in aghaidh easa
j) Ag streachailt
- Tosaigh ag scríobh
Gníomhaíocht 4:
- Déan an mhéid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
Gníomhaíocht 5:
- Seo an chéad alt as aiste samplach. An bhfuil tú in ann na bearnaí a líonadh.
Gníomhaíocht 6:
- Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a atá scríofa ina dhiaidh seo.
- Déan deich bpointe a scríobh.
Gníomhaíocht 7:
Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord.
Gníomhaíocht 8:
Sula léann tú an aiste is féidir leis an múinteoir an saothar a chlóbhualadh agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtí iarracht an aiste a chur in ord.
‘Saol na tuaithe in Éirinn faoi láthair’
’Sí tuairim na coitiantachta go bhfuil saol na tuaithe idir dhá cheann na meá. Tá daoine ann a deir nach raibh rudaí thar mholadh beirte roimh an gcúlú eacnamaíoch agus gurbh í an cliseadh eacnamaíoch buille maraithe na muice do phobail thuaithe ar fud na tíre. B’éigean do mhórán a seolta a ardú go tíortha ar nós na hAstráile agus Cheanada. Ní fhillfidh mórán acu. Cé go ndeirtear linn go bhfuil an borradh faoin ngeilleagar arís níl sin le tabhairt faoi deara amuigh faoin tuath.
Gan amhras is é an easpa fostaíochta is mó atá cur as do shaol na tuaithe. Blianta siar bhíodh an fheirmeoireacht in ann slí bheatha a sholáthar do mhórán. Le teacht an Aontais Eorpaigh, na saorthrádála agus athruithe teicneolaíochta b’éigean do mhórán an tsluasaid agus píce a fhágáil ina ndiaidh. I gcaitheamh na mblianta níor tháinig go leor monarchana isteach leis an meath sin a chúiteamh. Níl leithéidí Apple, Facebook nó You Tube chun lonnú i mbailte beag iargúlta. Ní fhéadfá milleán a chur orthu is dócha.
Níl mí nach dtéann thart nach gcloistear faoi leathanbhanda na tuaithe, nó an easpa leathanbhanda ba chirte dom a rá. N’fheadar Dia ná duine cé mhéad uair atá an tseirbhís seo geallta le blianta anuas. ‘Seasamh fada ar chosa laga,’ faoi mar a dúirt an té a dúirt é. Fiú má thagann sé ní dóigh liom gurb é a shlánóidh an tuath.
Is cinnte go bhfuil an turasóireacht an-tábhachtach do cheantair thuaithe, ar chósta an Iarthair ach go háirithe. Meastar go coitianta go bhfuil Slí an Atlantaigh Fhiáin tar éis borradh as an nua a chur faoin earnáil. Tá ceantair ó Charn Uí Néid go Ceann Mhálanna ag brath ar phinginí na dturasóirí lena gcrústa a thuilleamh. Ar an drochuair tá an séasúr an-ghairid ar fad. Bítear ag brath ar chúpla mí i rith an tsamhraidh le hioncam bliana a thuilleamh.
Tá i bhfad níos mó i gceist leis an saol ná poist agus airgead, áfach. D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil cáilíocht na beatha i bhfad Éireann níos fearr amuigh faoin tuath. ’Siad muintir na tuaithe is fearr a thuigeann an seanfhocal: ‘Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’ An lámh chúnta in am an ghátair, an mheitheal oibre ar an bhfeirm an cumann CLG áitiúil, dlúth. É sin ar fad gan trácht ar an aer úr agus tírdhreach cuidsúlach.
Tógadh daoine an lae inniu i saol eile ar fad, le dearcadh eile ar fad. Saol atá bunaithe go hiomlán ar áiseanna agus tomhaltas. Ballraíocht in ionad aclaíochta, turais chuig an bpictiúrlann, siopadóireacht sna hionaid mhóra siopadóireachta agus béilí galánta sa bhialann is déanaí agus is mó tóir. Tá an saol éirithe níos sofaisticiúla agus níos ábharaíche ag an am céanna.
Céard atá i ndán don tuath mar sin? An mbeidh ceantair áirithe ar fud na tíre bánaithe go hiomlán faoi cheann fiche nó tríocha bliain. Ní hamháin go mb’fhéidir nach mbeadh an deis ag daoine cur fúthu faoin tuath ach b’fhéidir nach mbeadh an fonn orthu dul chun cónaithe inti. Mura n-éiríonn linn pobail tuaithe shláintiúla a chothú caillfear gné thábhachtach de shaol na hÉireann.
Fág freagra ar 'Scríbhneoireacht Chruthaitheach 02 – Aiste – ‘Saol na tuaithe’ (Cartlann)'