Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

@murchadhmorAinm?

@murchadhmor (Murchadh Mór)

Cé hé féin?

Giolcaire atá tar éis an t-uafás oibre a dhéanamh ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus níos faide i gcéin. Bhí lámh ag an Murcach in go leor tograí a bhaineann leis an nGaeilge – cuid acu ar féidir iad a lua go poiblí ar nós @GaelGÁIRÍ, @NaGaeilOga, agus Gaelú Gmail agus Twitter – agus cuid acu nach luafar anseo!

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Gach rud. Scaití, bítear ag gearán nach féidir labhairt faoi rud ar bith i nGaeilge seachas an Ghaeilge í féin. Bréagnaíonn leithéidí an Mhurchaigh an mhíthuiscint sin. Fear léinn agus file is ea Murchadh Mór agus bíonn seoda eolais ina chuid giolcacha ar an iliomad ábhar.

Cén fáth a leanfainn é?

Fear ildánach, ilchumasach is ea Murchadh Mór agus cuirfidh a chuid saineolais ar ghnéithe éagsúla den saol go mór leis an taitneamh a bhainfear as Gaelphobal Twitter. Is é a bhunaigh GaelGÁIRÍ, an club grinn i mBaile Átha Cliath, agus tá drámaí, dánta agus scéalta dá chuid foilsithe aige in irisí éagsúla. Tá tuiscint aige ar Ghaeilge na hAlban agus ar Ghaeilge Mhanainn freisin agus cothaíonn sé nasc idir an dá phobal sin agus an pobal seo againn féin, rud a ghabhfadh chun leasa a leantóirí Gaelacha.

Giolc na Seachtaine

Ba é an láithreoir teilifíse agus raidió Eoghan Mac Diarmada a bhí ina fhear an tí ag ócáid bhronnta na nGaelbhratacha i nDún Mhic Aoidh i mBaile Átha Cliath inné. Bronnadh bratacha ar scoileanna mar aitheantas ar an méid atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna.   Ba é an Taoiseach Enda Kenny a bhronn na Gaelbhratacha inné agus thapaigh Mac Diarmada (agus roinnt mhaith daltaí) an deis pic a thógáil díobh féin ina theannta!  

Ragham amú tamall eile

 

24th April 1916 – A CLOCK HAS STRUCK12.20hrs – Unimaginable scenes on Sackville St! A clock has truly been struck in…

Posted by Dublin 1916 Then & Now on Dé hAoine, 24 Aibreán 2015

Cothrom an lae seo naoi mbliana déag agus ceithre scór ó shin, thug Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann ruathar ar Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Saicbhil i mBaile Átha Cliath agus a ‘bhuail buille ar son a saoirse’.

Tá leathanach Facebook ag údair an leabhair ‘When the Clock Struck in 1916’, Derek Molyneux agus Darren Kelly, a chuireann síos ar imeachtaí Sheachtain na Cásca 1916 mar a tharla siad beagnach céad bliain ó shin. Tá sé mar aidhm ag an leathanach an nasc atá ag na háiteanna agus foirgneamh a sheasann i gcónaí san Ardchathair leis an Éirí Amach.

Crochtar pictiúir de Bhaile Átha Cliath an lae inniu ar an leathanach agus blúiríní staire a bhaineann leis an áit a fheictear sa phictiúr i gcomhthéacs na réabhlóide ar an leathanach Dublin 1916 Then and Now.

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Ní raibh ach aon rud a amháin i mbéal an Ghaelphobail ar líne an tseachtain seo: Twitter i nGaeilge. Ba é Kevin Scannell agus a fhoireann d’oibrithe deonacha arís a chuir an leagan Gaeilge den suíomh sóisialta a bhfuil os cionn 500,000,000 úsáideoirí aige.

Bhí ráflaí ar Twitter féin go raibh an leagan Gaeilge seolta agus deimhnigh an tOllamh Scannell féin le Tuairisc.ie gurab amhlaidh a bhí:

  Ar ndóigh, chuir pobal na Gaeilge ar Twitter fáilte Uí Cheallaigh roimh bhotún an chomhlachta agus is cosúil go bhfuil cuid mhaith daoine tar éis dul isteach i socruithe an suíomh agus ‘Gaeilge’ a roghnú faoin lipéad ‘teanga’ cheana féin agus iad ar bís faoi.

Thug Aonghus Ó hAlmhain suntas d’úsáid an agusáin Ghaelaigh (⁊) sa leagan Gaeilge. Is maith le Scéalta ón gCibearspás na leaganacha dúchasacha Gaelacha sin atá curtha ag obair ag aistritheoirí an tsuímh.

  Anois ar theacht Twitter as Gaeilge, is féidir nach mór gach rud a bhaineann leis an saol sóisialta a dhéanamh i nGaeilge ar líne, mar atá tugtha faoi deara ag ‘Graceful Degeneration’.

Ar ndóigh, tá cúpla rud eile fós le haistriú – YouTube agus Instagram mar shampla.

Dá mhéid comhlachtaí a chuireann Gaeilge ar a gcuid suíomhanna is ea is fearr é, is dóigh, mar feicfidh comhlachtaí eile agus tuigfear tábhacht na teanga do mhuintir na hÉireann. Ba dheas an rud é da dtarlódh na haistriúcháin seo trí thimpiste níos minice, áfach, mar a dúirt Derek O’Brien:

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'