Scéal é ‘Black Dog’ faoi fhear agus madra, ach ní féidir aon seánra ar leith a lua leis

Tá ardmholadh ag dul do scannán nua Hu Guan agus seasann dhá ní amach go mór, an chineamatagrafaíocht agus na radharcanna den nádúr agus an dúlra

Scéal é ‘Black Dog’ faoi fhear agus madra, ach ní féidir aon seánra ar leith a lua leis

Black Dog
Stiúrthóir: Hu Guan

Cé go ndeirtear gur scéal é seo faoi fhear agus madra, tá Black Dog ar cheann de na scannáin sin nach féidir genre áirithe a lua leis. Tá sé lonnaithe i mbaile iargúlta sa tSín atá ag meathlú ar imeall Ghaineamhlach Ghóibí sna seachtainí roimh na Cluichí Oilimpeacha i mBéising in 2008.

Tosaíonn an scéal le radharc de scata madraí fiáine a ionsaíonn bus atá ag taisteal trí fhásach lom na Síne. Cuirtear an príomhcharachtar in aithne dúinn, Tang, duine a mbíodh clú agus cáil air sa cheantar tráth ach atá anois ag filleadh abhaile i ndiaidh seal a chaitheamh sa phríosún.

Fad is a bhí sé imithe bheartaigh an rialtas ar thionscadal athnuachana radacach don sráidbhaile ina mbíodh cónaí air, gníomh a dhíláithrigh pobal na háite. Thréig formhór na ndaoine na madraí a bhíodh acu mar pheataí tráth agus tá siad ag imeacht fiáin anois.

De réir na n-údarás is bac iad na madraí sin ar an tionscadal mór agus cruthaítear tascfhórsa chun iad a ghabháil. Déantar Tang a earcú cé go bhfuil sé doicheallach.

Deintear luach saothair maith a thairiscint don té a ghabhfaidh an madra is fiáine agus is seachantaí. Sin é an ‘Madra Dubh’ ach nuair a fhaigheann Tang greim air tá drogall air é a thabhairt ar láimh dos na húdaráis.

D’fhéadfadh Black Dog stíl Western díoltais a úsáid nó fiú stíl scéal an iarphríosúnaigh ag filleadh ar a bhaile dúchais ar thóir slánaithe, ach ar an dea-uair níor úsáideadh ceachtar den dá chur chuige sin. Insítear scéal díbeartaigh agus an dlúthchaidreamh a neartaíonn idir Tang agus a chara cainíneach nua. Beirt iad a dtugann an pobal cúl droma dóibh agus iad ag tóraíocht ré nua ina saol, sa tslí ina raibh an tSín le linn na gCluichí Oilimpeacha in 2008.

Tá ardmholadh ag dul don scannán seo agus seasann dhá ní amach go mór, an chineamatagrafaíocht agus na radharcanna den nádúr agus an dúlra. Feicimid cineamatagrafaíocht dhochreidte den tírdhreach sceirdiúil fairsing. Tá raon leathan radharcanna ón sráidbhaile atá suaithinseach, sárshnoite agus tarraingteach.

Tá na radharcanna ina bhfuil na hainmhithe taibhsiúil thar aon ní eile, rud a chruthaigh gan dabht, deacrachtaí don stiúrthóir. Buaicphointe is ea ceannairc na madraí a dhéanann ionsaí ar bhaill an tascfhórsa.

Ach ní hiad na madraí an t-aon chineál ainmhí a fheictear ar an scáileán. Tá míreanna dochreidte eile a fhágann an lucht féachana ag fiafraí conas ar éirigh leis an stiúrthóir Guan Hu iad a stiúradh.

Ar an taobh diúltach den scéal tá argóint ann go dtéann an stiúrthóir beagáinín thar fóir le díolúine an ealaíontóra d’fhonn radharcanna taibhseacha neamhábhartha i scéal an scannáin a thaispeáint.

D’ainneoin mionrudaí diúltacha, is sárshaothar é Black Dog a fheidhmíonn mar fháthscéal na Síne nua-aimseartha agus mar scéal pearsanta faoin dlúthchaidreamh mothúchánach atá ag aonarán le madra seachráin.

Tugadh ardmholadh don saothar seo sa chatagóir Un Certain Regard ag Féile Scannán Cannes i mbliana. Tá an moladh tuillte ag foireann aisteoireachta agus léiriúcháin an scannáin, go mór mór ag Eddie Peng, an príomhaisteoir a bhí i ról stóchúil Tang, agus an madra dubh a d’uchtaigh sé sa bhfíorshaol nuair a chríochnaigh léiriú an scannáin seo.

Fág freagra ar 'Scéal é ‘Black Dog’ faoi fhear agus madra, ach ní féidir aon seánra ar leith a lua leis'