Scáthán ar shaol déagóirí atá sa leabhar seo agus tarlaíonn sé gur i nGaeilge atá sé

Is cinnte dá mbeinnse fós ag teagasc déagóirí óga go mbeadh leabhar nua Antain Mhic Lochlainn á mholadh agam dóibh

Scáthán ar shaol déagóirí atá sa leabhar seo agus tarlaíonn sé gur i nGaeilge atá sé

Éanna Corr
Antain Mac Lochlainn
Leabhar Breac 2024
€12

Ag tuineadh le déagóir Gaelach a léann leabhair a bhíos an leabhar seo a léamh nuair a mhínigh sí dom nár léigh sí leabhar Gaeilge ó bhí sí sa mbunscoil!

An mbeidh an scéal níos dearfaí ag an gcéad ghlúin óg eile atá gaibhte i gcleachtadh leabhair thaitneamhacha d’ardchaighdeán i nGaeilge a bheith á léamh acu agus dóibh ó bhí siad sa gcliabhán?

Is cinnte dá mbeinnse fós ag teagasc déagóirí óga go mbeadh an leabhar seo á moladh agam dóibh. Ní taobh le téama tráthúil atá an leabhar ach tá leibhéal na teanga agus líon na bhfocal tomhaiste i gceart freisin. Aon duine a bhfuil aon taithí aige ar shaothar eile le hAntain Mac Lochlainn ní bheadh sé ag súil ach le soléiteacht agus nádúr cainte.

Déagóir óg é Éanna Corr [nach deas an t-imeartas focal] atá ar bheagán compoird ná cairdis sa mbaile ná i bPobalscoil na Carraige. Aithnímid teaicticí is gothaí an aonaráin a bhfuil faitíos na bulaíochta air agus tuigimid dó i ngnáthrang déagóirí atá ar a mine ghéire ag iarraidh a spás agus a bpearsantacht féin a mharcáil go teann.

Isteach sa bpota sin tagann scoláire strainséartha ón iasacht a chothaíonn cairdeas leis an gcadhan aonraic seo.

Seo triúr déagóirí sa bpáirc ag plé ‘The Road not Taken’ le Robert Frost (nach bhfuil ar an gcúrsa scoile) agus tuigfidh tú gur triúr iad a bhfuil ród ar leith á lorg acu.

Ar ndóigh tá cor eile sa scéal mar tá muintir an fhir nua gafa leis An Teampall Nua agus a ndílseacht don Bhunaitheoir agus amhail gach dream diaganta cráifeach, iad ag iarraidh deisceabail nua a mhealladh is a bhréagadh.

Is deas mar a nochtann Mac Lochlainn an próiseas teagaisc, idir pheataireacht is bhagairt, agus ní hiontas linn go slogann Éanna a ndeirtear d’ainneoin a amhrais faoi rudaí áirithe.

Cuir leis sin uilig bean óg leochaileach ón rang, iriseoir óg díograiseach agus cleasa síceolaíochta an smachta agus tá neart ábhar anseo le déagóirí na bhfón cliste a chur ag caint agus ag machnamh. Níos mó ná aon rud eile léiríonn an scéal seo bua agus tábhacht an chairdis agus an chaoi a gcothaíonn cairdeas tuiscint is comhbhá. Tá an deireadh spéisiúil!

Scáthán ar shaol déagóirí atá sa leabhar seo atá scríofa do dhéagóirí agus tarlaíonn sé gur i nGaeilge atá sé. Deirtear gur cheal foclóir dá gcuid buartha is mothúchán a shantaíonn déagóirí na Gaeltachta an Béarla, ach ní léir gurbh aon chroimeasc ar dhéagóirí an leabhair seo é sin.

Triail é.

Fág freagra ar 'Scáthán ar shaol déagóirí atá sa leabhar seo agus tarlaíonn sé gur i nGaeilge atá sé'